An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Acadamh Naomh Muire

Ceatharlach

Uimhir Rolla: 61120E

 

Dáta na cigireachta: 25 Feabhra 2009

 

 

 

 

Tuairisc chigireacht ábhair

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

Pleanáil agus ullmhúchán

Teagasc agus foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

Freagra na scoile ar an tuairisc

 

 

 

 

TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair  

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair in Acadamh Naomh Muire, Ceatharlach. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair.

 

 

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

 

Ranganna cumais mheasctha a bhíonn i gceist sa scoil seo sa chéad bhliain.  Roinntear na scoláirí ansin sa dara bliain bunaithe ar thorthaí scrúduithe an tsamhraidh ag deireadh na céad bliana.  Tuairiscíodh, áfach, go bhfuil solúbthacht i gceist maidir le scoláirí a dháileadh ar ranganna agus go ndéantar iarracht scoláirí a mhealladh chun fanacht leis an ardleibhéal an fhad agus is féidir.  Tógann líon réasúnta scoláirí na páipéir ardleibhéil don Teastas Sóisearach ach titeann an líon sin go mór do scrúduithe na hArdteistiméireachta.  Moltar do na múinteoirí Gaeilge agus do bhainistíocht na scoile plé a dhéanamh ar an gceist seo d’fhonn líon na scoláirí a thugann faoin ardleibhéal don Ardteistiméireacht a mhéadú go suntasach.

 

Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile don tsraith shóisearach sásúil le ceithre thréimhse sa tseachtain don chéad bhliain agus cúig thréimhse sa tseachtain don dara agus don tríú bliain.  Níl ach dhá thréimhse Ghaeilge sa tseachtain, áfach, ar fáil do scoláirí na hIdirbhliana.  Ní leor é seo chun rochtain shásúil a thabhairt do na scoláirí ar an teanga le linn na bliana sin.  Moltar do bhainistíocht na scoile féachaint arís ar an soláthar sin don bhliain seo chugainn.  Tá an soláthar don tsraith shinsearach sásúil le cúig thréimhse sa tseachtain don chúigiú agus don séú bliain.  Cúigear múinteoir a bhíonn i mbun mhúineadh na Gaeilge sa scoil agus tá taithí na mblianta acu go léir i múineadh an ábhair.  Bhí ionadaí istigh do dhuine de na múinteoirí Gaeilge le linn na cigireachta.

 

Tá díolúine ó staidéar na Gaeilge ag caoga trí scoláire sa scoil as an cúig chéad seasca naoi scoláire atá sa scoil ina hiomláine.  Spreagtar scoláirí le díolúine chun tabhairt faoi fhoghlaim na teanga ag an leibhéal cuí.  Glacann roinnt de na scoláirí idirnáisiúnta leis an dúshlán seo agus déanann siad staidéar ar an teanga.  Cuirtear oiliúint bhreise ar fáil do scoláirí a bhfuil deacrachtaí acu le foghlaim na teanga, ar bhonn seachtainiúil, chun cabhrú leo teacht thairis na deacrachtaí seo.  Moltar an cur chuige seo de chuid bhainistíocht na scoile.

 

Déanann na múinteoirí iarrachtaí fónta sa scoil seo taithí na scoláirí ar an nGaeilge mar theanga bheo a leathnú agus a fhorbairt lasmuigh den seomra ranga.  Bíonn scoláirí ón dara bliain, ón Idirbhliain agus ón gcúigiú bliain páirteach i ndíospóireachtaí Ghael Linn, rud atá le moladh go mór.  Chomh maith leis sin, déantar gach iarracht sraith imeachtaí thaitneamhacha spreagúla a eagrú do scoláirí le linn Seachtain na Gaeilge. Mar shampla, eagraítear comórtas póstaer, comórtais filíochta, aiste agus scéalaíochta do na bliainghrúpaí éagsúla.  Eagraíonn an Idirbhliain tráth na gceist don chéad bhliain agus bíonn ceol Gaelach á sheinnt sa scoil le linn na seachtaine go léir.  Tógtar grúpaí scoláirí chuig dráma Gaeilge ó am go chéile nuair a bhíonn a leithéid ar siúl go háitiúil.   Anuas air sin, bronntar dhá leath scoláireacht Ghaeltachta ar scoláirí ón gcéad agus ón dara bliain.  Tá sé i gceist scoláirí ón dara bliain a thógaint ar thuras deireadh seachtaine chun na Gaeltachta i gCo. na Mí, agus tá súil ag múinteoirí na hIdirbhliana na scoláirí a thógaint ar thuras lae chuig Gaeltacht na Rinne i mbliana den chéad uair.  Moltar na múinteoirí go mór as a ndíogras i leith na n-imeachtaí thuasluaite a eagrú.  Treisíonn na hiarrachtaí seo, íomhá na Gaeilge mar theanga bheo,  agus tacaíonn siad le hobair na múinteoirí sna seomraí ranga.  Moltar go leanfaí leis an gclár imeachtaí eischuraclaim agus traschuraclaim a fhorbairt ó bhliain go bliain d’fhonn a chinntiú go bhfuil imeachtaí spéisiúla éagsúla ar fáil do gach bliainghrúpa.

 

Déantar iarrachtaí maithe sa scoil le scoláirí a spreagadh chun freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht.  Tacaíonn córas scoláireachtaí na scoile leis an aidhm sin a chur chun cinn.  Cuireadh in iúl go bhfuil fás beag ag teacht ar líon na scoláirí a théann chun na Gaeltachta le cúpla bliain anuas.  Moltar do na múinteoirí agus do bhainistíocht na scoile buntáistí na gcúrsaí Gaeilge samhraidh a mheabhrú do thuismitheoirí chomh maith leis na scoláirí agus eolas a thabhairt dóibh ar na cúrsaí atá ar fáil go háitiúil agus iad siúd atá ar fáil níos faide ó bhaile.

 

Tá a gcuid seomraí ranga féin ag na múinteoirí Gaeilge don chuid is mó.  Cé go raibh méid áirithe ábhar in airde sna seomraí a bhí bainteach le múineadh agus foghlaim na teanga d’fhéadfaí cur go mór leis an ábhar a bhí ann.  Tá sé tábhachtach atmaisféar Gaelach a chruthú sna ranganna chomh maith le timpeallacht spreagúil chruthaitheach a chur ar fáil freisin.  Is féidir go leor ábhar, póstaer agus áiseanna taitneamhacha a fháil anois ar bheagán costais.

 

Tá méid áirithe áiseanna do mhúineadh agus foghlaim na teanga ar fáil sa scoil agus iad storáilte idir an leabharlann agus cófra i seomra na múinteoirí.  Moltar go ndéanfaí liosta na n-áiseanna agus na n-acmhainní sa scoil a chlárú agus an liosta a bheith ar fáil mar chuid den phlean do mhúineadh na Gaeilge.  Moltar do mhúinteoirí a bheith sa airdeall chomh maith ar na suíomhanna idirlín a bhaineann leis an nGaeilge ar nós suíomh na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus suíomh na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, d’fhonn teacht ar an eolas is déanaí maidir le háiseanna nua ag teacht ar an margadh.

 

 

Pleanáil agus ullmhúchán

 

Buaileann na múinteoirí Gaeilge le chéile mar ghrúpa uair sa téarma ach tuairiscíodh go mbuaileann siad le chéile ar bhonn neamhoifigiúil tuairim is uair sa mhí.  Socruithe do Sheachtain na Gaeilge, dáileadh scoláirí ar ranganna, scoláirí ag aistriú leibhéil, cúrsaí inseirbhíse agus scrúduithe comónta is mó a bhíonn idir chaibidil ag na cruinnithe seo.

 

Ainmnítear comhordaitheoir ar chúrsaí pleanála don Ghaeilge i measc na múinteoirí agus malartaítear an fhreagracht seo gach re bliain.  Is deachleachtas é seo toisc go dtugann sé deis do gach múinteoir ról ceannródaíoch a ghlacadh i leith cur chun cinn na Gaeilge agus cúrsaí pleanála don teanga.

 

Cuireadh plean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge ar fáil ar lá na cigireachta.  Cuimsíonn an plean cur síos ar spriocanna agus ar chuspóirí na roinne chomh maith le heolas ginearálta i leith roinn na Gaeilge maidir le leagan amach ranganna, socruithe scrúduithe srl.  Tugtar scéimeanna oibre ansin do na bliainghrúpaí agus do na leibhéil éagsúla.  Don chuid is mó tugann na scéimeanna oibre sonraí faoi théacsleabhair do na bliainghrúpaí éagsúla chomh maith le liosta topaicí le clúdach.  Moltar na múinteoirí as a gcuid oibre i leith an phlean reatha a chur le chéile.  Moltar, áfach, go ndéanfaí roinnt forbartha anois ar an bplean sin agus tuilleadh sonraí a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de mhúineadh agus foghlaim na teanga.  Ba cheart go gcuimseodh plean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge na nithe seo a leanas: réamhrá ag tabhairt eolais faoin roinn; modhanna oibre; sonraí faoi na bliainghrúpaí agus na leibhéil éagsúla;  cur síos ar thopaicí le clúdach chomh maith le sonraí faoi mhodhanna múinte; straitéisí cumarsáide; áiseanna le húsáid le ranganna éagsúla chomh maith le spriocanna foghlama agus modhanna measúnaithe.  Is gá go mbeadh cur síos sa phlean freisin ar phleanáil d’úsáid theicneolaíocht faisnéise agus na cumarsáide (TFC) sna ranganna.

 

Cuireadh plean an-ghairid ar fáil don Idirbhliain mar chuid den phlean iomlán do mhúineadh na Gaeilge.  Ba léir ón bplean go raibh go leor dul siar ar thopaicí a chlúdaíodh sa Teastas Sóisearach i gceist, agus go raibh clár teoranta go leor á chur i láthair na scoláirí.  Tugann an Idirbhliain deis do mhúinteoirí an Ghaeilge a mhúineadh ar bhealaí nuálacha cruthaitheacha spéisiúla.  Is tús an-mhaith í an turas pleanáilte chuig Gaeltacht na Rinne i mbliana ach is gá forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar an bplean don Ghaeilge san Idirbhliain don bhliain seo chugainn.  Moltar do na múinteoirí plé a dhéanamh ina measc féin ar chlár tairbheach, taitneamhach agus suimiúil  a chur le chéile, a thabharfadh blaiseadh agus tuiscint do na scoláirí ar an nGaeilge mar theanga bheo.

 

Rinneadh pleanáil fíormhaith do na ranganna go léir a breathnaíodh.  Ullmhaíodh ábhar TFC, ábhar le taispeáint ar osteilgeoir, bileoga eolais agus oibre, fuarathas scannán le taispeáint i rang amháin agus tríd is tríd bhí luas an-mhaith leis na ranganna de bharr an méid ullmhúcháin a rinneadh roimhré.

 

 

Teagasc agus foghlaim

 

Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíocha, mhúinte agus chumarsáide an-mhaith sna ranganna go léir a breathnaíodh.  Rinneadh an-iarracht a chinntiú go raibh an sprioctheanga in uachtar sna ranganna Gaeilge agus moltar na múinteoirí as a ndíograis ina leith seo.  Braitheadh, áfach, gur baineadh úsáid as an aistriúchán uaireanta i ranganna áirithe nuair nach raibh aon ghá leis.  Moltar do na múinteoirí a bheith cúramach faoi seo agus straitéisí eile a úsáid chun tuiscint na scoláirí sa rang a dheimhniú.  Bhí cásanna eile ann, áfach, ina raibh múinteoirí ar a seacht ndícheall gan dul i muinín an aistriúcháin dhírigh ó Ghaeilge go Béarla agus moltar é sin mar chur chuige.

 

Rinne roinnt scoláirí iarrachtaí maithe i ranganna áirithe ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge agus cumarsáid a dhéanamh leis na múinteoirí sa teanga de réir a gcumas.  Cuireadh ceisteanna ar scoláirí le linn na ranganna ar bhonn leanúnach agus go minic rinneadh an–iarracht a chinntiú gur tugadh deis do gach scoláire ceisteanna a fhreagairt seachas díriú orthu siúd a raibh a lámha in airde acu. Cuireadh tús le cúpla rang le ceisteanna oscailte ar scoláirí faoina saoil féin agus faoi ábhair eile ar spéis le déagóirí, rud a thug deis dóibh a bheith ag caint i nGaeilge ag tús an ranga agus moltar an cur chuige seo.  Chuir múinteoirí rompu freisin deiseanna cumarsáide eile a chur ar fáil do na scoláirí agus baineadh úsáid as seifteanna ar nós obair bheirte, obair ghrúpa agus ról-imirt le cinntiú gur tugadh deiseanna rialta do scoláirí an teanga a chleachtadh.  Is deachleachtas é seo.  Moltar go ndéanfaí amhlaidh i ngach rang agus go bpléifeadh na múinteoirí straitéisí cumarsáide éagsúla ina measc féin d’fhonn teacht ar sheifteanna le húsáid le ranganna difriúla ag leibhéil chumais éagsúla.   Ba léir go raibh scoláirí áirithe sa scoil a raibh deacrachtaí acu abairtí simplí a chur le chéile agus ceisteanna simplí a fhreagairt.  Is gá cleachtadh den chineál seo a thabhairt do scoláirí ar bhonn leanúnach ón gcéad bhliain ar aghaidh, fiú ag leibhéal an-simplí ar fad. Ba cheart go gcabhródh béim bhreise ar labhairt na Gaeilge leis an ngnóthachtáil go ginearálta. Tugadh deiseanna do scoláirí léamh os ard freisin i ranganna áirithe agus baineadh úsáid éifeachtach chomh maith as an athrá ar mhaithe le cinntiú go raibh scoláirí in ann focail agus nathanna cainte nua, a fhuaimniú i gceart.

 

Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh.  Bhog múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag breathnú ar obair scoláirí, á gceistiú agus ag cinntiú go raibh an obair curtha i gcrích.  Ba léir go raibh dea-chaidreamh idir na múinteoirí agus na scoláirí agus bhí cúrsaí araíonachta an-mhaith.  D’éirigh le múinteoirí scoláirí a spreagadh chun obair go dícheallach.

 

Baineadh úsáid as réimse áirithe áiseanna sna ranganna a breathnaíodh.  Baineadh úsáid éifeachtach as TFC i gcúpla chás a breathnaíodh, chomh maith le húsáid osteilgeora agus taispeáint scannáin i gcásanna eile.  Moltar úsáid na n-áiseanna seo go mór.  Tá sé fíorthábhachtach nach mbeadh na múinteoirí ag brath ar an téacsleabhar agus ar ábhar eile tógtha ó réimse téacsleabhar eile, amháin.  Is den riachtanas é réimse áiseanna agus acmhainní a úsáid sna ranganna Gaeilge ar mhaithe le foghlaim na teanga a dhéanamh níos ábharaí agus níos spéisiúla do na scoláirí.  Moltar do na múinteoirí leanúint leis an gcleachtas d’úsáid áiseanna sna ceachtanna agus leanúint orthu ag faire amach d’áiseanna eile a d’fhéadfaí a úsáid sna ranganna Gaeilge.  Cabhraíonn úsáid na n-áiseanna seo freisin le hábhar an cheachta, an fhilíocht agus an prós ach go háirithe, a chur i gcomhthéacs comhaimseartha do scoláirí rud atá ríthábhachtach má táthar chun spéis sa teanga a chothú agus a fhorbairt sna scoláirí.

 

Rinneadh iarrachtaí fónta ábhar na gceachtanna a cheangal le saol na scoláirí i gcásanna áirithe a breathnaíodh.  Bhí cás amháin ann ina rabhthas ag iarraidh scoláirí a mhealladh chun freastal ar choláistí Gaeltachta agus chun teacht chuig an agallamh do na scoláireachtaí Gaeltachta sa scoil.  Moltar an bealach ar ceistíodh scoláirí agus an tslí inar taispeánadh físeán ar an ábhar ar mhaithe le spéis na scoláirí a mhúscailt.  Tugadh seoltaí ríomhphoist do scoláirí ionas go bhféadfaidís tuilleadh taighde a dhéanamh sa bhaile.  D’fhéadfaí an taighde seo a cheangal leis an obair bhaile d’fhonn a chinntiú gur fhéach scoláirí ar na suíomhanna agus d’fhéadfaí ceisteanna a chur orthu ina leith an chéad lá eile ar scoil.  Moltar freisin go líonfadh scoláirí fíorbhileoga iontrála ó choláistí samhraidh sa rang seachas cinn bhréige a tógadh as téacsleabhair nó leabhar saothair.  Breathnaíodh cás eile inar bunaíodh foghlaim na scoláirí ar théama an spóirt.  Baineadh úsáid as réimse leathan gníomhaíochtaí le linn an ranga ina raibh pearsana spóirt, cluichí spóirt agus rialacha spóirt mar bhunús leis.  D’éirigh leis an múinteoir roinnt mhaith rialacha gramadaí agus ábhair a chlúdach ag úsáid téama an spóirt, cur chuige a bhí éifeachtach agus taitneamhach do scoláirí.  Moltar do mhúinteoirí agus obair bheirte ar siúl sa rang, bileog oibre amháin a dháileadh idir gach beirt ionas go mbeadh iachall ar na scoláirí a bheith ag obair le chéile.  Lorgaíodh abairtí iomlána mar fhreagraí ar cheisteanna ó scoláirí i gcásanna áirithe a breathnaíodh.  Moltar go ndéanfaí amhlaidh sna ranganna go léir.  Ní leor glacadh le focail aonair mar fhreagraí ar cheisteanna.  Nuair a lorgaítear abairt iomlán tugar deis bhreise do scoláirí dul i dtaithí ar abairt shimplí a chur le chéile agus ar chomhréir na Gaeilge.

 

 

Measúnú

 

Eagraítear scrúduithe inmheánacha tí sa scoil ceithre huaire sa bhliain, i mí na Samhna, ag an Nollag, faoi Cháisc agus sa samhradh.  Anuas air sin tarlaíonn na bréagscrúduithe don tríú agus don séú bliain i mí Feabhra.  Is scrúduithe sa rang a bhíonn i gceist don chéad agus don dara bliain i dtaca leis na scrúduithe tí.  Cuirtear tuairiscí abhaile chuig tuismitheoirí i ndiaidh na scrúduithe éagsúla.  Is scrúduithe comónta a bhíonn i gceist leis na scrúduithe Gaeilge sa scoil de réir mar a oireann agus caitheann na múinteoirí a lán dua le heagrúchán na scrúduithe comónta seo.  Moltar é seo mar dhea-chleachtas.

 

Déantar measúnú ar scileanna cumarsáide na scoláirí sa chéad bhliain, sa chúigiú bliain agus sa séú bliain.  Moltar an cur chuige seo go mór.  Tá sé rí-thábhachtach a mheabhrú do scoláirí ón gcéad bhliain ar aghaidh an tábhacht a bhaineann le gné labhartha theanga ar bith.  Is gá, áfach, go leanfaí leis an nósmhaireacht seo do gach bliainghrúpa agus moltar don scoil go ndéanfaí na scileanna cumarsáide sa Ghaeilge a mheas sa dara agus sa tríú bliain, agus san Idirbhliain chomh maith.  D’fhéadfaí scrúdú béil na hIdirbhliana a cheangal le bronnadh fáinní mar chuid de pé ócáid cheiliúrtha nó bhronnta teastais a bhíonn ag an Idirbhliain.  Is gá díriú ar cheist an scrúdaithe béil le scoláirí nach bhfuil chomh hinniúil sin ar an teanga, ar bhonn céimniúil ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain ag tógaint ar an obair labhartha ar bhonn leanúnach pleanáilte.

 

Bhí go leor oibre déanta sna cóipleabhair a breathnaíodh agus ba léir gur tugadh agus gur ceartaíodh an obair bhaile ar bhonn rialta.  Bhí na cóipleabhair ceartaithe go cúramach agus go críochniúil ar an iomlán, le marc nó grád agus i gcásanna áirithe le tagairtí iomadúla d’fhiúntas na hoibre agus le treoir don scoláire faoina chuid oibre.

 

Tá an líon scoláirí a thógann páipéir ardleibhéil don Teastas Sóisearach sásúil cé go raibh an líon sin níos ísle ná an ghnáthbhliain anuraidh (2008).  B’fhiú féachaint ar bhealaí chun líon na scoláirí a thógann páipéir ardleibhéil don Ardteistiméireacht a mhéadú go suntasach.

 

 

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

Is iad seo na príomh láidreachtaí a aithníodh le linn na cigireachta:

 

·         Moltar an obair atá ar siúl ag múinteoirí sa scoil maidir le taithí na scoláirí ar an nGaeilge mar theanga bheo, a fhorbairt agus a leathnú lasmuigh den seomra ranga, trí chlár

      imeachtaí eischuraclaim agus traschuraclaim, a chur ar fáil.

·         Moltar an obair a rinneadh go dáta ar an bplean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil.

·         Rinneadh pleanáil fíormhaith do na ranganna Gaeilge go léir a breathnaíodh.

·         Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, chumarsáide agus mhúinte an-mhaith sna ranganna go léir a breathnaíodh.

·         Rinneadh tréan-iarrachtaí i bhformhór mór na ranganna chun deiseanna cumarsáide a thabhairt do na scoláirí ar bhealaí éagsúla.

·         Ba léir go raibh dea-chaidreamh idir na múinteoirí agus na scoláirí agus bhí cúrsaí araíonachta ar fheabhas.

·         Baineadh úsáid as réimse áiseanna chun tacú leis an múinteoireacht sna ranganna Gaeilge a breathnaíodh.  Moltar an cur chuige seo go mór.

·         Rinneadh iarrachtaí fónta ábhar na gceachtanna a cheangal le saol comhaimseartha na scoláirí i roinnt mhaith ranganna a breathnaíodh.  Is dea-chleachtas é seo.

·         Moltar obair na múinteoirí i leith phleanáil na scrúduithe comónta Gaeilge sa scoil.  Moltar freisin an nósmhaireacht maidir le scrúduithe béil a chur ar lucht na céad bliana,

      na cúigiú bliana agus na séú bliana.

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

·         Moltar do bhainistíocht na scoile líon na dtréimhsí Gaeilge a mhéadú do ranganna na hIdirbhliana.

·         D’fhéadfaí breis ábhar bainteach le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a chur in airde sna seomraí ranga Gaeilge d’fhonn atmaisféar taitneamhach spreagúil Gaelach a chruthú iontu.

·         Moltar go dtógfaí ar an obair a rinneadh go dáta ar chlár imeachtaí eischuraclaim agus traschuraclaim a sholáthar, agus breis imeachtaí agus ócáidí Gaelacha spéisiúla a bheith

      mar chuid de chlár scoile na bliana.

·         Moltar go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar an bplean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge agus plean na hIdirbhliana a thógaint san áireamh.

·         Moltar go leanfaí leis an obair ar dheiseanna cumarsáide a chruthú sna ranganna agus go bpléifeadh na múinteoirí an cheist seo ina measc féin d’fhonn teacht ar chur chuige

      comónta aontaithe, go háirithe i leith scoláirí a bhfuil deacrachtaí leanúnacha acu le foghlaim na Gaeilge.

·         Moltar go leanfaí ar aghaidh ag baint úsáide as agus ag teacht ar réimse leathan áiseanna agus acmhainní do na ranganna Gaeilge d’fhonn foghlaim na teanga a dhéanamh níos

      spéisiúla agus níos ábharaí do scoláirí.

·         Moltar go ndéanfaí scileanna cumarsáide na scoláirí a mheas i ngach bliainghrúpa.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

Foilsithe Nollaig 2009

 

 

 

 

 

Aguisín

 

Freagra na Scoile ar an Tuairisc

 

Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta

 

 

 

 

 

Area 1   Observations on the content of the inspection report     

 

The school accepts the Report as an accurate reflection on the subject, Gaeilge, in St Mary’s Academy CBS

 

Area 2   Follow-up actions planned or undertaken since the completion of the inspection activity to implement the findings and recommendations of the inspection          

 

·         The number of class periods for Transition Year has been increased

·         An oral test will be included in all assessments

·         The plan for Irish has undergone significant development since September 2009

·         Materials for display in classrooms are being sourced