
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
TUAIRISC
St Joseph’s Secondary School
An Ros, Contae Bhaile Átha Cliath
Uimhir Rolla: 60343T
Dáta na cigireachta: 13 Bealtaine 2009
Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile
uile
Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí
Freagra na scoile ar an tuairisc
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
Tuairisc Chigireacht ábhair
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i St. Joseph’s Secondary School. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide agus do na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile
Scoil chomhoideachais is ea St Joseph’s Secondary School a bhfuil líon atá beagán faoi bhun cúig chéad scoláire cláraithe inti don scoilbhliain 2008/09. Buachaillí is ea seasca éigin faoin gcéad de na scoláirí. Tá tacaíocht mhaith á cur ar fáil ag bainistíocht na scoile do theagasc agus foghlaim na Gaeilge. Tá an tacaíocht sin le feiceáil go sonrach sa soláthar a dhéantar don ábhar ar an tráthchlár. Cuirtear cúig thréimhse in aghaidh na seachtaine ar fáil don Ghaeilge i gcás gach bliana sa tsraith shóisearach agus do ranganna na hArdteistiméireachta bunaithe sa tsraith shinsearach. Cuirtear trí thréimhse ar fáil don Idirbhliain agus don Ghaeilge Chumarsáideach san Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Tá an soláthar ama seo sásúil i ngach cás. Moltar, más féidir é, na trí cheacht um thráthnóna a bhíonn ar siúl faoi láthair sa chúigiú bliain agus sa séú bliain a bheith ar siúl roimh lón, nó cuid díobh, ach tuigtear do na srianta atá ar an mbainistíocht leis na héilimh éagsúla ar an trathchlár a bhíonn in iomaíocht le chéile.
Baineann tosca faoi leith le seasamh na Gaeilge mar ábhar i St. Joseph’s Secondary School. Tá díolúine ón nGaeilge ag fiche faoin gcéad de na scoláirí ar fad. Tá an líon sin ard. Is scoláirí a bhfuil deacrachtaí aitheanta foghlama acu sé déag faoin gcéad díobh agus is scoláirí ón gcoigrích a shásaíonn critéir imlitir M10/94 chun díolúine an ceithre faoin gcéad eile. Déanann an scoil iarracht ar acmhainní eile a chur ar fáil le linn an cheachta Ghaeilge do na scoláirí sin le díolúine atá ina dteideal, ach ní i gcónaí gur féidir sin a dhéanamh. Is é an toradh a bhíonn air sin ná gur féidir go mbíonn scoláirí le díolúine ón nGaeilge i láthair ag na ceachtanna Gaeilge go minic. Cé go dtuairiscítear nach mbíonn aon chur isteach ar imeachtaí an cheachta Ghaeilge dá bharr seo ach go fánach, ní haon spreagadh do na scoláirí eile a bhíonn ag déanamh staidéir ar an nGaeilge é cúigear scoláirí ar an meán a bheith sa rang nach bhfuil ag glacadh páirte sa cheacht ná san ábhar. Tuigeadh go dtugtar gach moladh do scoláirí atá i dteideal díolúine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, go háirithe na scoláirí sin a dhéanann staidéar ar theangacha eile. Moltar leanacht leis na hiarrachtaí seo leis an líon ard scoláirí a mbronntar díolúine orthu a ísliú.
Is é tuairim na múinteoirí go n-áiríonn na scoláirí i gcoitinne an Ghaeilge mar ábhar atá deacair dóibh. Tá léiriú le fáil sna staitisticí rannpháirtíochta mar a bhaineann leis na leibhéil éagsúla san ábhar sna scrúduithe teistiméireachta ar sheasamh an ábhair i measc na scoláirí. Tá dúshlán mór roimh an scoil chun líon na scoláirí a thugann faoin nGaeilge ag an ardleibhéal a mhéadú agus an líon a thugann faoin mbonnleibhéal a ísliú. Comhartha dearfach is ea é go n-áiríonn na múinteoirí go bhfuil dearcadh níos dearfaí i measc na scoláirí i leith an ábhair ag teacht isteach sa chéad bhliain dóibh anois agus luaitear curaclam leasaithe Gaeilge na bunscoile mar chúis leis seo. Is maith an ní go bhfuil eolas á roinnt ag an scoil leis na bunscoileanna friothálacha maidir le hinniúlacht na scoláirí sa Ghaeilge. Tá an scoil le moladh chomh maith as maoiniú scéim scoláireachta Gaeltachta a phlé a bheidh mar spreagadh do scoláirí óga chun dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeilge sa mheánscoil. Is léiriú iad sin ar chéimeanna dearfacha a bheith á nglacadh ar mhaithe leis an nGaeilge mar ábhar sa scoil.
Tacaíonn an bhainistíocht le forbairt ghairmiúil na múinteoirí a chur chun cinn agus tá na múinteoirí Gaeilge ar fad tar éis freastal ar chúrsaí na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL) don Ghaeilge. Bhí baint mhór ag an scoil leis an tionscnamh TL21 de chuid Ollscoil na hÉireann, Magh Nuad. De bhreis air sin tá an fhoireann teagaisc i gcoitinne tar éis freastal ar imeachtaí STDL maidir le hidirdhealú a chur chun cinn sa teagasc agus tá an fhoireann ar fad gafa le measúnú chun foghlama a chur chun cinn. Tá na múinteoirí Gaeilge rannpháirteach sna himeachtaí seo agus tá fonn orthu feabhsúcháin a sheoladh i dteagasc agus foghlaim an ábhair.
Táthar ag cur leis na hacmhainní sa scoil chun teagasc agus foghlaim na Gaeilge a chur i láthair ar bhealach níos tarraingtí agus níos éifeachtaí. Tá forbairt ar siúl faoi láthair maidir le soláthar ar acmhainní teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC). Tá stóras d’ábhar fiúntach, suimiúil ó na meáin chraolta á chur le chéile mar acmhainn. Ina measc seo tá cláir de chuid TG4 ar nós Bean an Tí, Paisean Faisean chomh maith leis an gcúrsa DVD Turas Teanga. Moltar úsáid na n-acmhainní seo a leathnú ar mhaithe le téacsanna dílse den Ghaeilge labhartha a chur i láthair na scoláirí. Ba mhaith an rud ceisteanna idirdhealaithe a chumadh ar mhíreanna de na cláir seo agus go mbeadh an t-ábhar céanna in úsáid go coitianta ag na múinteoirí i gcoitinne. Tá teilgeoirí sonraí díreach curtha ar fáil sa chuid is mó de na seomraí ranga. Mar chomhartha ar oscailteacht agus ar chomhoibriú i measc na múinteoirí Gaeilge dearbhaíodh go raibh treoir á cur ag múinteoirí nuacheaptha ar mhúinteoirí eile nach raibh taithí acu ar acmhainní TFC a úsáid roimhe seo. Breathnaíodh samplaí de sin ar ball sna ceachtanna a bhí chun leasa an teagaisc agus na foghlama. Tá an comhoibriú seo folláin agus le moladh araon.
Tá an scoil tar éis ranganna cumais mheasctha a chur ar bun sa chéad bhliain sa scoilbhliain 2008/09 don chéad uair. Is í an chéad bhliain an t-aon bhliain más ea nach bhfuil rang bonnleibhéal ann féin le fáil. Tá an t-athrú seo i dtreo ranganna cumais mheasctha sa chéad bhliain le moladh ar an mbonn nach mbíonn spriocanna an-íseal san ábhar á gcur roimh scoláirí ón gcéad lá agus go dtugtar deis do scoláirí na chéad bhliana dul i ngleic leis an teanga sula ndéantar aon roinnt ar na ranganna ó thaobh cumais. Ní mór aird a choimeád i gcónaí ar riachtanais na scoláirí a léiríonn inniúlacht sa teanga agus tá gá ar leith leis an teagasc agus foghlaim a idirdhealú i ranganna cumais mheasctha mar a bhfuil raon an-leathan cumais ann.
Déantar iarracht na scoláirí a mhealladh chun na Gaeilge le himeachtaí gaolmhara cultúrtha taitneamhacha le linn Seachtain na Gaeilge ar nós céilithe scoile. Ar na hiarrachtaí is fearr ar éirigh leo go dtí seo áirítear ceoldráma scoile dátheangach. Tugtar grúpa na hIdirbhliana ar thuras deireadh seachtaine chun na Gaeltachta agus ar cuairt chuig léiriú stáitse chompántas drámaíochta lán-Ghaeilge. Tógtar an rang san Ardteistiméireacht Fheidhmeach ar cuairt chuig ionad siopadóireachta chun a n-aird a dhíriú ar chomharthaí i nGaeilge sna siopaí. Tá na hiarrachtaí seo ar fad le moladh.
Tá leabharlann á cur ar bun sa scoil arís agus tá duine de na múinteoirí Gaeilge i mbun an tionscnaimh chun leabhair a cheannach agus ábhar léitheoireachta breise cuí a chur ar fáil. Cuirfear an Ghaeilge san áireamh. Is iad na scoláirí i bpáirt leis an múinteoir a dhéanfaidh an rogha agus táthar le scoláirí a thabhairt chuig siopa leabhar leis an rogha a dhéanamh. Tá an tionscnamh seo le moladh. Moltar catalóga leabhar a iarraidh roimh ré ar chomhlachtaí foilsitheoireachta leabhar Gaeilge nó na scoláirí a chur i mbun taighde ar shuímh ghréasáin chomhlachtaí foilsitheoireachta leabhar Gaeilge leis an rogha seo a dhéanamh. Is maith a d’oirfeadh tionscnamh mar sin do rang na hIdirbhliana go háirithe. D’fhéadfaí an tionscnamh seo a cheangal le cuireadh chun na scoile a thabhairt d’údar leabhar Gaeilge chun labhairt faoina s(h)aothar.
Pleanáil agus ullmhúchán
Tá bonn maith curtha faoi obair chomhphleanála na múinteoirí Gaeilge agus tá fianaise ar an gcomhphleanáil le léamh sa cháipéis ‘School Development Plan – Gaeilge 2008/09’ a cuireadh ar fáil. Tá bailiúchán de cháipéisí gaolmhara agus foinsí tagartha cruinnithe ag na múinteoirí agus tá fáil go saoráideach orthu seo sa seomra saothair taobh le seomra na múinteoirí. Léiríonn an plean go bhfuil na múinteoirí eolach ar aidhmeanna agus ar chuspóirí na siollabas éagsúil don Ghaeilge. Tá aird chuí san obair phleanála ar na topaicí a luaitear sna siollabais. I measc an tsaothair thagartha atá sa phlean tá achoimre fiúntach ar aidhmeanna agus spriocanna an churaclaim Ghaeilge leasaithe bunscoile agus is maith go bhfuil tuiscint ag na múinteoirí ar an méid sin mar threoir le pleanáil don bhfoghlaim ó thús na chéad bhliana. Chabhródh sé leis an léitheoir ach clár na n-ábhar a chur i dtús phlean an ábhair, is é sin le rá achoimre ar na ceannteidil atá le léamh ar mhíreanna éagsúla an phlean a chur chun tosaigh sa saothar. B’fhiú tuairiscí na bpríomhscrúdaitheoirí ag na scrúduithe teistiméireachta Gaeilge a chur san áireamh leis na foinsí tagartha. Is minic a bhíonn treoir chuiditheach le léamh iontu seo do chleachtas an teagaisc agus na foghlama sa seomra ranga de bhreis ar eolas fiúntach i dtaobh cúrsaí measúnaithe.
B’fhiú aird a dhíriú níos soiléire i bplean an ábhair ar cháilíocht na scileanna teanga a bhfuiltear ag súil leis ó na scoláirí, bliain ar bhliain agus leibhéal ar leibhéal. Chuige sin ba chóir torthaí na foghlama a shainiú faoi na ceithre scil teanga, mar atá an chaint, an scríobh, an léamhthuiscint agus an chluastuiscint i gcás gach aon bhliainghrúpa, cothrom leis na leibhéil éagsúla san ábhar. Chabhródh sé leis na múinteoirí freisin ach samplaí den chuid is fearr de shaothar na scoláirí sna scileanna teanga a chur le chéile mar acmhainn d’eiseamláirí dóibh féin ar éifeacht an chláir teagaisc in aon bhliain ar leith. Is fearr go mór soiléire a chur ar fáil de rogha ar threoir ghinearálta mar atá cláraithe sa phlean faoi láthair. Baineann an treoir ghinearálta leis na topaicí a luaitear gan aon treoir maidir leis an inniúlacht sa teanga a mbeifear ag súil leis ó na scoláirí a dhéanfaidh staidéar ar na topaicí sin ó bhliain go chéile. Chabhródh acmhainn d’eiseamláirí mar a mholtar thuas le hathbhreithniú agus leasuithe a dhéanamh ar chláir an teagaisc. Tá treoir le fáil sa bhfoilseachán Punann na dTeangacha Eorpacha ar chineál agus ar cháilíocht na scileanna sin cothrom le haidhmeanna na siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. Ba mhaith an rud go mbeadh tuiscint ag na scoláirí i dtús ama, ní hamháin ar chlár na n-ábhar a bheadh le déanamh acu i rith an chúrsa agus ar chineál na gceisteanna a bheadh sa scrúdú, ach ar na scileanna teanga a bheidh le foghlaim agus ar cháilíocht na scileanna sin ó bhliain go chéile. Ba mhaith an rud smaoineamh ar phlean an ábhair a fhorbairt mar cháipéis a mbeadh fáil ag scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí bunscoile air mar threoir leis na cúrsaí Gaeilge ag an dara leibhéal. Is féidir go mbeadh gá le haistriúchán Béarla ar achoimre den phlean.
Tá sé le moladh go bhfuil an féin-athbhreithniú le sonrú ar phlean Gaeilge na scoile. Cláraítear sa phlean an dúshlán atá roimh na múinteoirí Gaeilge sa scoil chun meon teoranta i leith na Gaeilge a shárú. Tá céimeanna á nglacadh le meon dearfach, oscailte a chur chun cinn i measc na scoláirí agus tá gaol níos dlúithe á chothú leis na bunscoileanna friothálacha ó thaobh na Gaeilge chomh maith. Is maith ann an comhoibriú seo a chur chun cinn.
Gné eile den iarracht sin ná imeachtaí tras-churaclaim a chuireann roinn na Gaeilge chun cinn. Maítear torthaí dearfacha i leith na Gaeilge ón nasc atá déanta ag an scoil le scoil sa Spáinn agus an chuairt mhalartúcháin a tharla i mbliana dá bharr. Maítear gur mó an spéis agus an bród as an nGaeilge mar chomhartha sóirt ar a bhféiniúlacht Éireannach atá ag na scoláirí a ghlac páirt sa tionscnamh sin. Tá an fheasacht chultúrtha ar cheann de na haidhmeanna atá ag na siollabais Ghaeilge agus tá beart mar seo a chuireann suim na scoláirí sa Ghaeilge chun cinn le moladh. Ní mór tógáil ar an gcéim seo agus cur le hinniúlacht na scoláirí sa teanga mar an chéad chéim phraiticiúil eile. Tá iarrachtaí maithe ar siúl le haitheantas a thabhairt do na scoláirí sin a dhéanann an iarracht is mó leis an ábhar sa cheacht Gaeilge. B’fhiú tógáil ar an dea-thoil i leith na teanga atá á múscailt agus céimeanna a cheapadh i bpáirt leis na scoláirí chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn lasmuigh den seomra ranga. Moltar tacaíocht mhúinteoirí eile a bhfuil inniúlacht sa teanga acu a lorg chuige seo.
Tá comhordaitheoir ar roinn na Gaeilge agus déantar an cúram sin a roinnt i measc na mball, cleachtas atá le moladh. Cuirtear am ar fáil chun cruinnithe comhphleanála san ábhar a thionól uair sa téarma agus tuigtear go mbuaileann na múinteoirí le chéile go rialta ar bhonn neamhfhoirmeálta. Is maith go bhfuil tagairt le léamh in obair chomhphleanála roinn na Gaeilge do mhodhanna múinte a bheith á bplé ina measc. Cláraítear sa phlean Gaeilge go bhfuil na múinteoirí ag déanamh iarrachta na modhanna múinte gníomhacha éagsúla a chonaic siad in úsáid ag cúrsaí inseirbhíse na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge a thabhairt leo isteach ina gcuid ranganna féin. Mar chuid den athbhreithniú ar phlean Gaeilge na scoile moltar treoir aontaithe a bhreacadh ar na modhanna múinte agus ar na modhanna measúnaithe atá le húsáid. Luaitear i dtús phlean an ábhair mar shampla, gurb í an Ghaeilge teanga an teagaisc. In áit eile déantar tagairt d’úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn leis na scoláirí. Ní dhéantar aon tagairt do na himpleachtaí a leanann uaidh sin don chur chuige sa rang áfach. Is é sin le rá conas go díreach a dhéanfar an méid sin agus an bhfuil aon solúbthacht i gceist ag brath ar leibhéal inniúlachta an ranga. Ba chóir an treoir a bheith níos soiléire san obair phleanála, an rath atá ar na hiarrachtaí sin leis an sprioctheanga a choimeád in uachtar a phlé mar chuid den athbhreithniú ar an gcleachtas sa rang agus leasuithe nó athdhearbhú a dhéanamh ar an obair phleanála.
Ar mhaithe le cur leis na hiarrachtaí seo agus chun dea-chleachtais dá gcuid féin a roinnt ar a chéile, moltar do na múinteoirí cuairteanna ar ranganna a chéile a chur san áireamh mar chuid de phleanáil na hoibre i dtús na bliana. Ullmhaíodh tráthchlár aon leathanaigh a thaispeáin na ranganna Gaeilge ar fad don tseachtain le chéile le go bhféadfaí rogha a dhéanamh go héasca. Léirigh na múinteoirí sa phlé a tharla le linn na cigireachta go raibh siad fabhrach don mholadh seo. Moltar go n-ullmhódh na múinteoirí ceachtanna samplacha ar ghnéithe ar leith de theagasc agus foghlaim na Gaeilge agus go dtabharfaí cuireadh chun na ceachtanna sin dá gcomhghleacaithe.
Breathnaíodh obair phleanála aonair na múinteoirí de bhreis ar phlean an ábhair. Bhí obair chuimsitheach i gceist i ngach cás agus bhí cáilíocht na hoibre seo go maith. Is léir go gcaitheann na múinteoirí dua le hacmhainní a chruinniú mar thaca do na scoláirí le gnéithe éagsúla de na cúrsaí, go háirithe do na cúrsaí litríochta agus do ghné na ceapadóireachta agus na léamhthuisceana. Tugtar moladh don obair a breathnaíodh i bplean an ábhair maidir le modúl a dearadh roimhe seo don Ghaeilge san Idirbhliain bunaithe ar an téama sábháilteacht ar na bóithre. Is léiriú é ar mhachnamh a rinneadh chun modúl a chur le chéile cothrom le raon ábhar spéise na scoláirí. Tugtar aird ann ar aidhmeanna an mhodúil, torthaí na foghlama, acmhainní teagaisc, naisc thraschuraclaim, modhanna measúnaithe agus freagracht as a gcuid foghlama féin a chur chun cinn leis na scoláirí. Tagann an aidhm dheireanach seo go hiomlán le haidhmeanna chlár na hidirbhliana.
Teagasc agus foghlaim
Breathnaíodh sé cinn de cheachtanna Gaeilge, ceithre cinn a bhain leis an tsraith shóisearach agus péire sa tsraith shinsearach. Ullmhaíodh go maith do na ceachtanna seo le hábhar breise a scaipeadh ar na scoláirí mar chabhair dóibh le hábhar na gceachtanna a thuiscint. Bhí an múinteoir lárnach in obair na gceachtanna ar fad a stiúradh agus baineadh leas as ceisteanna ó bhéal le tuiscint na scoláirí don ábhar a bhí á chur i láthair a chinntiú. Is i gcás na scoláirí ag an ardleibhéal is fearr a d’éirigh leis na hiarrachtaí sin chun freagraí sásúla a chur ar fáil ar na ceisteanna. I gcás scoláirí na leibhéal eile ba léir cumas teoranta a bheith acu nó go raibh doicheall orthu iad féin a chur in iúl sa teanga labhartha.
Tá sé le moladh go dtugtar treoracha an cheachta i nGaeilge agus go dtéann na scoláirí i dtaithí air seo ach ba chóir dul céim níos faide leis an sprioctheanga a chleachtadh mar ghnáth-theanga chumarsáide. Ag teacht lena bhfuil cláraithe i bplean an ábhair faoin nGaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide moltar go ndéanfaí iarrachtaí le caint ar ghnáthchúrsaí an lae a chur mar mhír rialta sa cheacht Gaeilge. Obair dhúshlánach í seo i gcás scoláirí laga go háirithe. Is í an eiseamláir is fearr air seo do na scoláirí ná comhrá nádúrtha a chloisteáil i dtús ama agus deiseanna a fháil le labhairt na teanga a chleachtadh ina measc féin de bhreis ar cheisteanna an mhúinteora amháin a fhreagairt. Ní mór dóibh dul i dtaithí ar cheisteanna a chur chomh maith lena bhfreagairt agus níl ach méid teoranta ama chuige seo nuair is leis an múinteoir amháin a bhíonn an chaint. B’fhiú gach deis a thapú le go bhféadfadh na scoláirí caint i nGaeilge a chloisteáil i measc na múinteoirí nó míreanna dea-roghnaithe de chláir TG4. Mar léiriú ar chaint bheo nádúrtha, b’fhiú mar shampla socruithe a thriail ar an tráthchlár ó am go chéile faoina bhféadfadh an dara múinteoir teacht isteach sa cheacht agus spreagadh breise a thabhairt do labhairt na Gaeilge.
Baineadh leas as acmhainní eile de bhreis ar na téacsanna clóite i gcás cúig cinn de na sé cheacht, rud a chuir éagsúlacht le himeachtaí na gceachtanna. Acmhainní fuaime a bhí i gceist in dhá chás agus acmhainní físe agus pictiúrtha sa trí chás eile. Tá an éagsúlacht seo le moladh. Bhain na hacmhainní fuaime thuas le léamh ar dhánta éagsúla a rabhthas ag déanamh staidéir orthu. Is maith is fiú acmhainn mar sin a chur ar fáil de bhreis ar an dán a chloisteáil á léamh amach ag an múinteoir amháin. Bhí cáilíocht an taifeadta fhuaime sin ar fheabhas i gcás amháin díobh agus is maith go bhfuil cartlann d’ábhar fuaime mar sin á cur le chéile mar acmhainn ag roinn na Gaeilge. Moltar cleachtadh níos mó a thabhairt do na scoláirí ar chruinnfhuaimniú téacs go háirithe nuair a chuirtear solaoid chomh maith sin ar fáil dóibh. Sa chás go n-iarrtar ar scoláirí píosa léitheoireachta os ard a dhéanamh ba cheart treoir chuiditheach a thabhairt maidir le cruinnfhuaimniú na bhfocal.
Bhí bainistiú na gceachtanna go maith don chuid ba mhó agus ba léir go raibh teacht i láthair agus cumas astu féin ag na múinteoirí. Léirigh formhór mór na scoláirí meas ar a gcuid múinteoirí agus thug comhoibriú uathu i rith an ama. I gcás amháin scaoileadh le líon beag scoláirí neamhaird a dhéanamh ar ábhar an cheachta ó am go chéile agus ba cheart tabhairt ar na scoláirí ar fad a n-aire a dhíriú ar imeachtaí an cheachta.
Léirigh múinteoirí áirithe cruinneas ar leith sa teanga agus moltar treoir ina leith sin a iarraidh i gcás amhrais. Má bhíonn leibhéal maith comhoibrithe i measc na múinteoirí, faoi mar a breathnaíodh an scéal a bheith, níor chóir go mbeadh leisce ar aon mhúinteoir treoir a iarraidh faoi na cúrsaí seo. D’fhéadfaí cruinneas teanga sa teagasc a chur san áireamh mar cheann de na ceisteanna a mbeadh aiseolas á thabhairt ina thaobh le linn do mhúinteoir amháin freastal ar cheacht múinteora eile faoi mar a mholtar níos luaithe sa tuairisc seo. Is ar mhaithe le foghlaim óna chéile a chuirfí cruinneas teanga san áireamh.
Tagann ranganna cumais mheasctha i gceist don Ghaeilge go minic, fiú ón dara bliain ar aghaidh tar éis do na múinteoirí na ranganna a roinnt de réir cumais. Cúis amháin atá leis sin ná líon níos ísle scoláirí a bheith ag tabhairt faoin ardleibhéal ná mar ba mhaith leis an scoil a bheith amhlaidh. Is den tábhacht é más ea go gcuirfí teagasc agus foghlaim idirdhealaithe i bhfeidhm le gur féidir an dá thrá a fhreastal. San idirphlé a bhí ag an gcigire i ndeireadh ceachta tugadh suntas don tuiscint ar leith ar cheart na teanga a léirigh scoláire amháin sa bhfreagra a tugadh. Fuarthas amach uaidh gur fhreastail an scoláire seo ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Ba chóir dúshlán cuí sa teanga a chur roimh a leithéid seo de scoláire, chomh maith céanna le freastal ar riachtanais na scoláirí eile sa rang. Muna ndéantar sin is baolach gur i léig a rachaidh inniúlacht Ghaeilge scoláire dá leithéid seachas tógáil air.
I gcás ceachta eile sa tsraith shóisearach mar a raibh trian de na scoláirí ag gabháil don ardleibhéal agus dhá dtrian ag gabháil don ghnáthleibhéal, áiríodh ábhar an cheachta agus dúshlán an cheachta a bheith dírithe cuid mhaith ar riachtanais lucht an ardleibhéil. Ba bheag scoláire a léirigh faoi dheireadh an cheachta go raibh siad in ann plé leis an ábhar a cuireadh ina láthair. Tá an teagasc idirdhealaithe ar cheann de na téamaí atá á bhforbairt mar chuid de phleanáil fhorbartha scoile ag an bhfoireann teagaisc ar fad. Moltar aird faoi leith a dhíriú air seo i gcomhthéacs obair phleanála roinn na Gaeilge. Toisc a lárnaí is a bhí obair cheistiúcháin ar siúl leis na scoláirí, moltar straitéisí maithe ceistiúcháin a cheapadh le freastal ar an bhfoghlaim idirdhealaithe.
Bhí an-chabhair agus an-spreagadh le fáil ag na scoláirí i gceachtanna éagsúla ón ábhar a tugadh amach dóibh mar dháileáin. I gcás dáin sa tsraith shinsearach a rabhthas ag dul siar air bhí sraith de phictiúir bharrúla mar leide do na scoláirí le hábhar an dáin a mheabhrú. Leagadh dúshlán roimh na scoláirí le ceacht gairid ar fhoclóir an dáin a aithint agus a mhíniú agus tugadh deis do na scoláirí obair i bpáirt le chéile chun ceisteanna ar an dán a phlé. Bhí idir cheisteanna bhunúsacha eolais faoin dán i gceist chomh maith le ceisteanna a d’éiligh tuairim ar théamaí éagsúla sa dán. Roimhe sin iarradh ar scoláirí áirithe sleachta ón dán a léamh amach. Ba léir go raibh cur amach acu ar an gcleachtas seo agus rinneadh an obair sin go maith. Bhí éagsúlacht in imeachtaí an cheachta seo tríd síos agus bhí toradh fónta ar iarrachtaí na scoláirí iad féin a chur in iúl faoin dán.
I gceacht eile taispeánadh mír físe de chomhrá idir bheirt phearsana teilifíse mar eiseamláir do na scoláirí ar chomhrá a chur ar dhuine eile. Leagadh an cúram orthu ar ball ceisteanna agus freagraí a chumadh i bpáirt le chéile agus cuireadh scoláirí os comhair an ranga le dul i bpáirt an agallóra agus an duine a bhí faoi agallamh. Bhain éagsúlacht agus dúshlán leis na tascanna seo agus chuaigh na scoláirí ina mbun le fonn.
Bhain dea-cháilíocht leis an teagasc agus an fhoghlaim a breathnaíodh i gceacht eile sa tsraith shóisearach cé gur léir go raibh cumas Gaeilge na scoláirí teoranta go leor. Bhí an ceacht bríomhar. Cuireadh ceisteanna ó bhéal faoi luas ar na scoláirí i dtús an cheachta faoi nithe a raibh cleachtadh acu orthu ar nós na haimsire agus an dáta. Bhí na scoláirí lánábalta na ceisteanna seo a láimhseáil. Tugadh obair bhaile a ceartaíodh ar ais do na scoláirí agus bronnadh teastas ar bheirt scoláirí as feabhas na n-aistí a scríobh siad. Roghnaíodh ábhar teoranta le cleachtadh sa cheacht agus rinneadh go maith é ar bhealach a sheachain leimhe. Casadh mír chluastuisceana ar ball ar mhaithe le héagsúlacht eile a chur in imeachtaí an cheachta. Bhí an cur chuige bríomhar céanna i gceist le ceacht eile agus is maith mar a thaitin grianghrafanna ar ardchaighdeán ar an scáileán de phearsana móra le rá chun suim na scoláirí a mhúscailt chun cainte agus chun nótaí a bhreacadh.
Tríd is tríd bhí cáilíocht an teagaisc le moladh as an réamhullmhúchán a rinneadh chuige agus as an díograis a caitheadh leis sna ceachtanna. Beidh gá le tuilleadh iarrachta a dhéanamh, go háirithe le scoláirí an ghnáthleibhéil nó faoina bhun sin, chun iad a mhealladh chun gnáthchainte de bhreis ar cheisteanna eolais a fhreagairt ar thopaicí a roghnaítear go cúramach le cur i gcrích sna ceachtanna.
Measúnú
Is maith go ndéantar tástáil ar inniúlacht Ghaeilge scoláirí na chéad bhliana roimh thosú sa chéad bhliain mar eolas do na múinteoirí ar an gcaighdeán Gaeilge atá sealbhaithe ag na scoláirí ag teacht ón mbunscoil dóibh. Cuirtear na ranganna Gaeilge ar siúl ag an am céanna agus déantar na scoláirí a dháileadh go cothrom ar na ranganna Gaeilge de réir a gcumas sa teanga. Tá múinteoirí St Joseph’s Secondary School sásta go bhfuil caighdeán labhartha Gaeilge na scoláirí ag teacht ón mbunscoil dóibh ag dul i bhfeabhas agus tá an t-eolas seo á chur ar fáil do na bunscoileanna. Mar aitheantas ar na scoláirí sin is fearr a chruthaíonn sa mheasúnú iontrála Gaeilge, táthar tar éis tosú ar dhearbháin a thabhairt don chéad triúr scoláirí as gach ceann de na bunscoileanna friothálacha. Is céim dhearfach í seo ar mhaithe le gnóthachtáil sa Ghaeilge a chur chun cinn.
Ós rud é go bhfuil labhairt na Gaeilge aitheanta mar ghné dhearfach de thaithí na scoláirí ar an nGaeilge sa bhunscoil ba chóir inniúlacht na scoláirí i labhairt an Gaeilge a chur san áireamh sa mheasúnú a dhéantar ar dhul chun cinn na scoláirí ón gcéad lá agus go mbeadh sin le léamh sa tuairisc a chuirtear ar fáil do thuismitheoirí. Ní léir go bhfuil cur chuige comónta aontaithe ag na múinteoirí go fóill sa tsraith shóisearach maidir leis an ngné riachtanach seo de na scileanna teanga a aithint sa mheasúnú a dhéantar ag leibhéal na scoile. B’fhiú féachaint ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le scoláirí a chur isteach ar scrúdú béil roghnach Gaeilge an Teastais Shóisearaigh faoina mbeidh daichead faoin gcéad de mhóriomlán na marcanna á mbronnadh ar labhairt na Gaeilge ón mbliain 2010 amach. Ba chóir athruithe dá réir a chur i bhfeidhm ar chóras measúnaithe inmheánach na scoile don Ghaeilge. Tá neart scóip sna hathruithe seo le go bhféadfadh múinteoirí obair i bpáirt le chéile níos mó chun an dara tuairim a thabhairt ar cháilíocht Ghaeilge labhartha na scoláirí. Ní gá go gcuirfí na scoláirí faoi bhéalscrúdú aonair chun breith a thabhairt ar cháilíocht a gcuid Gaeilge labhartha. D’fhéadfadh múinteoirí a gcuid ranganna a mhalartú ar a chéile anois is arís chun tástáil mar sin a dhéanamh.
Tugtar obair bhaile scríofa go rialta mar ghnáthchleachtas i measc na múinteoirí Gaeilge. Breathnaíodh obair sna cóipleabhair a bhain le mórán ranganna Gaeilge a bhí le moladh. Bhí an obair sin cuimsitheach, bhí aitheantas an mhúinteora le léamh iontu ar obair na scoláirí agus bhí na cóipleabhair néata. Tugadh an-mholadh ar iarrachtaí na scoláirí lena raibh scríofa ag na múinteoirí. Ba léir go raibh cleachtadh maith faighte ag scoláirí ranganna scrúduithe teistiméireachta ar chineál na gceisteanna a bheadh rompu sna scrúduithe sin. Rinneadh ceartúcháin ar obair cheapadóireachta ach níor léir i gcásanna gur iarradh ar na scoláirí aird faoi leith a thabhairt ar na ceartúcháin sin agus iad a athscríobh. Moltar nach ndéanfaí ceartúcháin a scríobh isteach ar shaothar an scoláire ach amháin sa chás go mbíonn an ceartúchán sin le hathscríobh. Ba mhaith an rud na ceartúcháin is tábhachtaí a thagann aníos in aon sraith de chóipleabhair a chur le chéile ar leathanach amháin, deis a thabhairt do na scoláirí na botúin sin a cheartú agus ansin leagan ceartaithe a thabhairt amach mar fhoinse tagartha do cheart na teanga as sin amach.
Tá sé beartaithe go ndéanfar anailís ar thorthaí na scoláirí sna hábhair ar fad ag na scrúduithe teistiméireachta amach anseo agus go ndéanfar comparáid leis na figiúirí náisiúnta mar eolas do na ranna ábhair ar fad. Is easnamh é an t-eolas sin ar obair phleanála reatha roinn na Gaeilge gur mithid a leigheas. Tugann na staitisticí sin léargas soiléir ar mhéid an dúshláin atá roimh an scoil chun líon na scoláirí a thugann faoin ardleibhéal a ardú agus líon na scoláirí a thugann faoin mbonnleibhéal agus faoin ngnáthleibhéal a ísliú. Is maith an rud go bhfuil an dúshlán sin aitheanta agus glactha ar láimh ag roinn na Gaeilge. Ba chóir dul chun cinn na n-iarrachtaí sin a chlárú go soiléir i bplean an ábhair, pointí tagartha agus spriocanna a aithint agus an straitéis atá ceaptha chuige sin a athbhreithniú go rialta. Chuirfeadh dul chun cinn sna cúrsaí seo ardú meanman ar mhúinteoirí atá díograiseach i leith an ábhair agus i leith a gcuid oibre féin.
Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Foilsíodh: Samhain 2009
Aguisín
Freagra na scoile ar an Tuairisc
Arna chur isteach ag an mBord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
The Board of management of St. Joseph’s Secondary School is encouraged by the findings of this Inspection. The noting of good practice and the involvement of teachers in TL21, cooperative learning and collaborative practices, is affirming of the staff and pupils. The Board congratulates the principal and Irish teachers for their commitment to the Irish language and their students.
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
As an integral part of ongoing School Development Planning, the school management and the Irish team will carry out the recommendations of the Inspection report.