
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge
TUAIRISC
Scoil Bhríde
Clochar na Trócaire
Tuaim, Contae na Gaillimhe
Uimhir Rolla: 63160D
Dáta na cigireachta: 20 Meán Fómhair 2009
Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile
Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair mar chuid de mheastóireacht scoile uile (MSU) i Scoil Bhríde, Clochar na Trócaire, Tuaim, Contae na Gaillimhe. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí agus scrúdaíodh obair na scoláirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide gníomhach agus don phríomhoide tánaisteach gníomhach.
Tá riar maith tugtha do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge sna cláir éagsúla. Tá ionchur laethúil curtha ar fáil d’fhormhór mór na mbliainghrúpaí mar is cuí. Déantar mar mholadh, cúig thréimhsí a sholáthar do mhúineadh na Gaeilge sa chéad bhliain, faoi mar atá do na croí ábhair eile nó na cúig thréimhsí a rothlú ar na croí ábhair gach bliain. Is ranganna cumais mheasctha atá sa chéad bhliain agus san Idirbhliain. Eagraítear scoláirí eile na scoile de réir leibhéil sna scrúduithe Stáit. Is tréimhsí comhuaineacha atá i gceist a éascaíonn gluaiseacht idir na leibhéil scrúduithe difriúla. Tugtar gach spreagadh do na daltaí tabhairt faoin ardleibhéal a fhad agus is féidir le linn na dtimthriallach. Déanann an scoil bainistíocht mhaith ar scoláirí atá ag athrú ó leibhéal amháin go leibhéal níos oiriúnaí ach nóta ceadaithe a fháil ó thuismitheoirí nó chaomhnóirí maraon le comhairle óna múinteoirí ábhair agus an bhainistíocht. Is inmholta an cur chuige seo.
Is céimithe le Gaeilge formhór mór na múinteoirí atá ag plé le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus is trí mheán na Gaeilge a reáchtálann an roinn a ngnóthaí, mar is cuí. Tá sé inmholta go bhfuil na múinteoirí seo ag múineadh sa dá thimthriall agus ag na leibhéil difriúla scrúduithe, nósmhaireacht a fhágann go bhfuil agus go mbeidh an taithí cuí ag an roinn an t-ábhar a mhúineadh ón gcéad bliain ar aghaidh go dtí rang na hArdteiste. Tugann an bhainistíocht gach spreagadh agus taca don fhoireann freastal ar chúrsaí oiliúint ghairmiúil leanúnach. Cuireadh oiliúint inscoile ar fáil ar scileanna teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) don seomra ranga d’aon bhall den fhoireann a theastaigh a leithéid uathu. Tá sé inmholta go bhfuil ionadaithe ó fhoireann na Gaeilge ag freastal ar chúrsa inseirbhíse Gaeilge de chuid na Seirbhíse Tacaíochta don Dara Leibhéil (STDL) ón mbliain 2006. Tá freastal déanta ag na múinteoirí ar chúrsaí agus ar chainteanna eile a chuireann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa scoil. Tá taithí ag baill na foirne a bheith ina scrúdaitheoirí cúnta do na scrúduithe béil agus tá máistreacht déanta ag duine de na múinteoirí i Modheolaíochtaí Teagasc Teangacha (Gaeilge) in Acadamh na hOllscoile Ghaeilge, An Cheathrú Rua faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OEG). Tréaslaítear go láidir leis an bhfoireann as a gcuid proifisiúntacht maidir le hoiliúint ghairmiúil leanúnach Moltar go leanfaí ag freastal ar chúrsaí dá macasamhail agus ag roinnt, mar chuid de phróiseas na pleanála fhorbartha scoile (PFS), an fhaisnéis agus an léargas óna cúrsaí seo ar an roinn ina iomláine. Luaitear mar mholadh leis an t-ábhar tacaíochta a tugadh amach ag cúrsaí an STDL a bheith san fhillteán pleanála mar phointe thagartha is an fhoireann i mbun na comhphleanála don teagasc agus don fhoghlaim.
Tá seomraí dá gcuid féin ag na múinteoirí Gaeilge agus fáil saoráideach acu ar theilifíseáin, dhlúth dhioscaí, ar dhioscaí digiteacha ilúsáide (DDI) ar osteilgeoirí agus ar shonratheilgeoirí a chuireann le teagasc agus foghlaim na teanga. Tá seomra ríomhaire chomh maith le háiseanna TFC a bheith i gcuid mhaith de na rang seomraí ginearálta agus sa leabharlann. Cuireadh ríomhaire glúine ar fáil do gach ball den fhoireann agus tá córas bhanda leathan a bhfuil teacht air i mórchuid áiteanna timpeall na scoile. Tréaslaítear go láidir le foireann TFC na scoile agus leis an mbainistíocht atá ag forbairt an tsoláthair do TFC, céim ar chéim, le roinnt blianta anuas. Tá teanglann sa scoil chomh maith ach is teoranta an úsáid a bhaineann roinn na Gaeilge aisti. Tá sé mar thosaíocht, áfach, ag roinn na Gaeilge athnuachan a dhéanamh ar an trealamh atá sa teanglann roimh dheireadh na scoilbhliana reatha. Is inmholta an tionscnamh seo. Tá buiséad bliantúil ann don Ghaeilge agus tá acmhainní maithe forbartha ag na múinteoirí Gaeilge agus cuirtear leo ar bhonn rialta. Úsáidtear an leabharlann freisin chun tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Tá bailiúcháin leabhar agus irisí Ghaeilge sa leabharlann a úsáidtear i múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an roinn na leabhair Ghaeilge atá sa leabharlann a thabhairt suas chun dáta i mbliana. Tréaslaítear leis an obair seo agus moltar na liostaí acmhainní atá ar fáil do scoláirí iarbhunscoile ar shuíomh na STDL agus suíomh www.cogg.ie a bheith mar phointí tagartha is an roinn ag cur leis na hacmhainní teagaisc agus foghlama sa todhchaí.
Áirítear 6% den mhóriomlán na scoláirí a bhfuil faomhadh tugtha ag an scoil dóibh maidir le díolúine ón nGaeilge de réir fhorálacha Imlitir M10/94. Tugadh le fios gur scoláirí nach bhfuair a gcuid scolaíochta sa Stát a bhformhór mór agus scoláirí a bhfuil deacrachtaí aitheanta foghlama acu an 10% eile.
Is suntasach méid na n-imeachtaí comh-churaclaim agus seach churaclaim a eagraítear chun an teanga a chur chun cinn i measc na scoláirí i dtimpeallacht na scoile agus taobh amuigh den scoil freisin. Snitear an Ghaeilge isteach d’imeachtaí iomláin scoile a mhinice agus ab fhéidir; mar chuid d’Aifrinn na scoile, bíonn mír i nGaeilge i gceolchoirm na Nollag, déantar fógraí i nGaeilge ar Raidió na hIdirbhliana, cuirtear fógraí freisin ar dhorchlaí na scoile agus scríobhtar ailt as Gaeilge in irisleabhar bliantúil na scoile. Cuireadh tús leis an gcur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha (FCÁT) san Eacnamaíocht Bhaile ina raibh modúil den ábhar á mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Tuairiscíodh gur éirigh go breá leis an tionscnamh inmholta seo. Reáchtáiltear Seachtain na Gaeilge, ceardlanna drámaíochta, aoi chainteoirí, club na Gaeilge, céilithe agus tráth na gceisteanna i gcaitheamh na scoilbhliana. Cuirtear isteach ar chomórtais díospóireachta, raidió agus comórtas ceoil ‘Siansa’ de chuid Gael Linn. Bronntar gradam cuimhneacháin an Bhreathnaigh ar an scoláire is mó a thaispeánann meas agus ómós don chultúr Gaelach. Spreagtar na daltaí tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht le linn a gcuid oideachais iar-bhunscoile agus eagraítear turas bliantúil chun na Gaeltachta. Tugtar scoláirí ag drámaí a léirítear i gcathair na Gaillimhe nó sa Ghaeltacht. Léiríonn éagsúlacht na n-imeachtaí agus an cur chuige nuálaíoch ina leith chomh tiomanta is atá na múinteoirí dá ngairmeacha mar mhúinteoirí. Is soiléir leis an tuiscint atá ag an bhfoireann ar a thábhachtaí is atá na h-imeachtaí breise i gcothú dearcaidh dhearfacha i leith na teanga ag teacht le haidhmeanna ginearálta na roinne sa phlean Gaeilge. Tá ard mholadh ag dul don fhoireann as a spiorad agus a ndíograis an teanga a chur chun cinn do phobal iomláin na scoile.
Thosaigh an scoil seo ar phróiseas PFS ar bhonn foirmiúil sa bhliain 2005. Buaileann an roinn le chéile uair amháin in aghaidh an téarma agus coimeádtar miontuairiscí ar na cruinnithe seo. Moltar an taifead seo a choinneáil mar chuid den phlean Gaeilge. Mar thaca leis an teagmháil fhoirmiúil casann na múinteoirí ar a chéile go rialta ar bhonn neamhfhoirmiúil. Tá comheagraí ceaptha don roinn. Déantar malartú aontaithe ar an gceapachán seo gach bliain. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcleachtas agus an ról a athrú timpeall gach dhá bliain. Ar an gcaoi seo, beidh leanúnachas ann ó thaobh spriocanna pleanála de agus de réir a chéile cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh na scileanna ceannaireachta a ghabhann le ról an chomheagraí ag baill iomláin na foirne. Tréaslaítear leis an roinn agus leis an mbainistíocht as an tosaíocht seo a thabhairt don phleanáil don teanga.
Is inmholta an obair chuimsitheach atá déanta sa phlean Gaeilge ar na cleachtais agus na cur chuigí atá in úsáid do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge i Scoil Bhríde. Tréaslaítear leis an bhfoireann as na naisc mhaithe atá forbartha acu le rannóga ábhair eile. I gcás na gceangal traschuraclam, bheadh sé tairbheach naisc a dhéanamh leis na teangacha eile atá á mhúineadh sa scoil chun modhanna éifeachtacha teagaisc agus foghlama a phlé agus a mhalartú idir na múinteoirí teanga. Tá sé ina bhuntáiste go bhfuil beirt de na múinteoirí Gaeilge ag múineadh teangacha eile chomh maith. Chabhródh ceangal dá leithéid go mór le heispéireas foghlama uile scoile do na teangacha go léir a chothú, forbairt a chuirfeadh leis an teagasc agus an fhoghlaim in éindí.
Tá caighdeán maith ag baint leis na pleananna curaclaim atá forbartha de réir téarmaí do na bliainghrúpaí difriúla. Tá mion sonraithe tugtha ar na topaicí teagaisc, na haidhmeanna foghlama, na modheolaíochtaí, na hacmhainní agus na modhanna measúnaithe. Moltar mar bhealach chun an dea obair seo a fhorbairt an téama agus an ghné den siollabas atá le múineadh a bheith sna cinn teidil in áit na dtopaicí teagaisc. Ar an gcaoi seo, beidh an phleanáil déanta chun teanga a mhúineadh go téamach agus i mbealach comhtháite thar na gnéithe éagsúla do na siollabais ag teacht le spriocanna múinteoireachta na roinne féin agus an cur chuige atá molta sna siollabais Ghaeilge. Is fearr freisin mar a chabhraíonn an cur chuige seo leis na scoláirí i sealbhú na teanga i ngeall ar an ngaol idirspleách comhthreisithe atá idir na scileanna. Luaitear mar mholadh leis tuilleadh comhphleanála a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an clár céanna á mhúineadh sa chéad téarma den dara agus den chúigiú bliain do na scoláirí sin a athraíonn ón ardleibhéal go dtí an gnáthleibhéal.
Tá tosaíochtaí aitheanta ag an roinn don scoilbhliain reatha. Ina measc siúd tá an leabharlann agus an teanglann faoi mar atá molta thuas. Ar mhaithe leis na haidhmeanna seo a chur i gcrích, moltar plean ghnímh a dhearadh bunaithe ar na tosaíochtaí seo, achar ama a chinntiú don phlean gnímh, chomh maith le baill na foirne a ainmniú chun na spriocanna a chur i gcrích.
Tá clár cuimsitheach fadtréimhseach leagtha amach do Ghaeilge na hIdirbhliana agus tréaslaítear leis na hionchais arda foghlama seo don bhliain. Moltar, áfach, athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean agus aidhmeanna difriúla a cheapadh a bheidh ag teacht le bun chuspóirí náisiúnta na hIdirbhliana, molta ag an Roinn sna treoirlínte Clár na hIdirbhliana, Treoirlínte do Scoileanna nó ag www/ty.slss.ie Ar an gcaoi seo beidh pleanáil á dhéanamh eispéireas foghlama difriúil a sholáthar do dhaltaí na bliana seo. Luaitear mar mholadh leis na cinn teidil atá molta thuas do na pleananna curaclaim a úsáid mar threoir is plean gearrthréimhseach á dhearadh do láithriú an churaclaim i gcaitheamh na bliana seo.
Bhain ard chaighdeán leis an bpleanáil ghearrthéarmach a bhí déanta do thromlach na ranganna a chuir go mór le hord agus le láithriú seicheamh na gceachtanna. Bhí réimse maith fearais fhoghlama agus teagaisc de thoradh ar obair ullmhúcháin na múinteoirí, ina measc siúd bhí láithriú PowerPoint, tréshoilseáin, bileoga oibre, míreanna téipe, ceoil, agus pictiúir de na scoláirí. Roinn formhór mór na múinteoirí na spriocanna foghlama leis na scoláirí agus i ranganna áirithe bhí na torthaí foghlama cláraithe ar chlár an tseomra ranga nó ar chairt. I rang amháin rinne an múinteoir seisiún faisnéisithe leis na scoláirí ar obair na seachtaine a thug deis do na scoláirí a dtorthaí foghlama féin a léiriú. Is inmholta a leithéid de chleachtas. Moltar úsáid níos leithne a bhaint as an gcur chuige seo mar cothaítear neamhspleáchas sna foghlaimeoirí mar go mbíonn orthu a dtorthaí foghlama féin a aithint. Bhí rang amháin ann agus níor baineadh amach na féidearthachtaí foghlama céanna mar gur caitheadh an iomarca ama ar fhoclóir a ba cheart a bheith ag scoláirí dá n-aois agus níor tugadh faoi a dóthain atreisithe ar fhoclóir eile. Ainneoin gur cuireadh deis ar fáil do na scoláirí dul i ngleic le cuid áirithe den cheacht le hobair ghrúpa, níor mhair an obair ghrúpa sách fada agus ní raibh deis ag na beirteanna an fhoghlaim a bhí déanta acu i gcomhlíonadh an taisc a chur i láthair os comhair an ranga. Déantar mar mholadh is pleanáil ghearrthréimhseach idir lámha don obair ghrúpa, ról soiléir a bheith ag gach ball den ghrúpa, méid ama feiliúnaigh a aontú leis na scoláirí roimh ré agus seisiún aiseolais a sholáthar do na grúpaí go léir. Is fiú freisin an t-aiseolas ó urlabhraí na ngrúpaí a chlárú mar dhearbhú ar fhiúntas na hoibre agus ar ghnóthachtáil na ngrúpaí.
Bhí atmaisféar comh-mheasúil díograiseach foghlama sna ceachtanna go léir a breathnaíodh orthu i gcaitheamh na cigireachta. Bhí cumas riar ranga an-mhaith ag gach múinteoir. Bhí aithne mhaith ag na múinteoirí ar na scoláirí faoina gcúram a chuir go mór leis an teagmháil fhoghlama agus teagaisc. Tugadh dearbhú spreagúil i gcónaí do cháilíocht na n-iarrachtaí is na dtuairimí a thug na scoláirí.
Bhain caighdeán an-mhaith leis na modhanna múinte agus foghlama a bhí in úsáid ag formhór mór na múinteoirí le linn na cigireachta. Ar an iomlán, bhí ábhar na gceachtanna in oiriúint do na bliainghrúpaí. I measc na dtréithe ab fhearr a bhain leis na teicnicí teagaisc agus foghlama bhí éagsúlacht idir obair uile ranga agus obair bheirte a chinntigh cothromaíocht idir ionchur an mhúinteora agus gníomhaíocht na scoláirí. I roinnt ceachtanna úsáideadh cluichí teanga chun suímh chumarsáideacha a chruthú a thug deis do na scoláirí a gcuid scileanna ginchumais agus gabhchumais a chleachtadh in éindí. Ghlac na scoláirí go toilteanach agus go fonnmhar sna suímh chumarsáideacha seo. I ranganna áirithe bhí an-obair réamh scile déanta do na himeachtaí cumarsáideacha agus an sprioc fhoclóir ar PowerPoint chun cabhrú leis na scoláirí a raibh a leithéid sin de dhíth orthu chun an tasc a chomhlíonadh. Is fearr mar a éiríonn leis an gcur chuige seo in áit ceisteanna idir an múinteoir agus an dalta a bheith mar an príomh mhodh teagaisc agus foghlama ó thús deireadh na gceachtanna. Moltar freisin gan tabhairt faoi aon scil nua gan réamh obair a dhéanamh ar an sainfhoclóir a theastaíonn ó na daltaí chun brí an phíosa a thabhairt leo. D’éirigh an obair bhaile go nádúrtha as na ceachtanna go léir agus ar an iomlán tugadh treoracha maithe agus ionchais soiléire chun cabhrú leis an scoláire i gcomhlíonadh na dtascanna.
Nuair a bhí na scoláirí ag obair i mbeirteanna nó ar thasc aonair thug na múinteoirí go léir aire do riachtanais na mbeirteanna nó na daltaí aonair agus iad ag dul timpeall ag tabhairt leideanna do na scoláirí agus ag déanamh scafaill ar a bhfoghlaim. Arís, tréaslaítear go láidir leis na múinteoirí seo a thapaíonn an deis léargas a fháil ar fhoghlaim na scoláirí is tasc á chomhlíonadh acu. Moltar an teicníc chéanna d’obair chluaistuisceanna in ionad fanacht go lárnach i bhfeighil an dlúthdhiosca.
Chláraigh na múinteoirí foclóir nua de réir mar a tháinig na focail aníos sa cheacht nó cuireadh béim orthu ar an osteilgeoir nó sonratheilgeoir. Is dea-chleachtas é seo do na scoláirí atá an radharc fhoghlaim i dtreis acu ach go háirithe. Nuair a bhí foclóir nua á chur i láthair rinne múinteoir amháin ceangal idir iad agus focail ghaolmhara eile a bhí ar eolas ag na scoláirí. Tréaslaítear go láidir leis an gcur chuige seo agus moltar straitéisí foghlama foclóra a mhúineadh go follasach mar scafall go háirithe do na scoláirí nach dtagann foghlaim teangacha go réidh leo.
Bhain leath de na múinteoirí úsáid éifeachtach as TFC mar thaca don teagasc agus don fhoghlaim. Déantar mar mholadh úsáid níos forleithne a bhaint as TFC i múineadh agus foghlaim na Gaeilge mar baineann sé go dlúth le taithí saoil na scoláirí agus tá áiseanna agus acmhainní maithe TFC ar fáil go saoráideach sa scoil.
B’í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar ghnáth-theanga cumarsáide sna ranganna go léir a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta. Ba léir an tuiscint mhaith a bhí ag formhór mór na scoláirí ar ábhar na gceachtanna agus ghlac siad páirt go toilteanach sa sprioctheanga nuair a tugadh deis dóibh. Díríodh aird na scoláirí ar phointí gramadaí i gcomhthéacs an phíosa in áit an ghramadach a mhúineadh mar mhíreanna scartha. Rinne formhór mór na múinteoirí simpliú maith ar bhrí foclóra le cabhair ó gheáitsíocht a sheachain úsáid iomarcach modh an aistriúcháin. Tréaslaítear leis na múinteoirí as na cur chuigí atá acu maidir le húsáid na sprioctheanga, mar is minic gurbh é an múinteoir an t-aon eiseamláir de fhoghraíocht agus de cheart úsáid na teanga a bhíonn ag scoláirí. Bhí Gaeilge theoranta ag rang ghrúpa amháin agus chinntigh an múinteoir gur bhain na scoláirí úsáid as an nGaeilge a bhí acu trí athdhaingniú ar an sprioc fhoclóir arís is arís eile ar bhileoga oibre éagsúla. Thug an cur chuige seo deis do na scoláirí spriocfhoclóir an cheachta a inmhéanú in oiriúint dá spéiseanna is dá gcumais.
Tá ard mholadh ag dul don chás ina bhfuil dialann foghlama forbartha do na scoláirí a chuireann béim níos mó ar phróiseas na foghlama chomh maith le neamhspleáchas sna foghlaimeoirí a chothú. Moltar úsáid níos leithne a bhaint as an uirlis fhoghlama agus teagaisc seo.
Bhí go leor Gaeilge ar bhallaí na seomraí: póstaeir le hobair na ndaltaí féin, fógraí, cairt ghramadaí, léaráidí ar an litríocht atá á staidéar ag na daltaí, fearais fhoghlama eile chomh maith le taispeántas de dhuaiseanna a bhí bainte amach ag scoláirí i gcomórtais difriúla. Tá taispeáint dá leithéid tábhachtach mar cuireann an ceiliúradh seo ar obair na scoláirí sa teanga go mór le stádas na teanga i n-aigní na scoláirí chomh maith le misneach a thabhairt dóibh siúd atá ag tabhairt faoi na comórtais chéanna i mbliana. Tá ard mholadh ag dul do gach múinteoir a léiríonn tuiscint ar thábhacht na timpeallachta foghlama don teagasc agus don fhoghlaim. Déantar mar mholadh machnamh breise a dhéanamh ar an saghas foclóra a theastaíonn ó bhliainghrúpaí difriúla chun ceisteanna a chur, achainí a dhéanamh agus deacrachtaí a léiriú sa sprioctheanga i gcaitheamh na gceachtanna Gaeilge. Bhí obair den sórt seo déanta i roinnt cóipleabhair cheana féin agus moltar an foclóir seo a chur ar chairt ar bhallaí na seomraí ranga.
Tréaslaítear leis an scoil as an bpolasaí cuimsitheach atá forbartha don obair bhaile. Moltar an polasaí uile scoile seo a bheith mar chuid den phlean Gaeilge lena chinntiú go bhfuil cur chuigí na roinne maidir leis an obair bhaile ag teacht leis an polasaí iomláin scoile. Tá cur síos gairid ar na cur chuigí iomláin scoile don mheasúnú forbartha ag an scoil. Bheadh sé tairbheach cur leis an doiciméad seo trí pholasaí measúnaithe uile scoile a fhorbairt. B’fhiú go mór is an tionscnamh seo idir láimhe suíomh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag www.ncca.ie. a bheith mar phointe tagartha.
Is faoi dhó a théann scoláirí iomláin na scoile faoi scrúduithe coimreacha agus cuirtear tuairisc chuig an mbaile bunaithe ar an measúnú seo. Tá scrúduithe comónta in úsáid do na bliainghrúpaí go léir agus is inmholta an cleachtas seo. Is inmholta leis go bhfuil sé beartaithe ag roinn na Gaeilge na scileanna teanga go léir a thabhairt san áireamh sa mheastóireacht choimreach as seo amach. Tá scéim mharcála leagtha amach sa phlean agus is maith an socrú go mbeidh athbhreithniú bliantúil á dhéanamh air. Luaitear mar mholadh leis go gcuirfear na tuismitheoirí nó caomhnóirí ar an eolas maidir le gnóachtáil na ndaltaí thar na scileanna teanga go léir.
Tá córas dialann obair bhaile in úsáid ag scoláirí iomláin na scoile, mar is cuí. Déanann an múinteoir cinn bliana bainistíocht ar na dialanna obair bhaile agus úsáideann idir thuismitheoirí agus mhúinteoirí na dialanna mar mhodh cumarsáide. Léirigh an sampla randamach de na dialanna a breathnaíodh orthu go raibh an obair bhaile á dtabhairt go rialta ach go raibh go leor béime ar an scríobh agus ar ghnéithe de na siollabais a chur de ghlan mheabhair. Luaitear mar mholadh éagsúlacht thar na scileanna teanga go léir a bheith sna tascanna. Dhéanfadh an cur chuige seo athdhaingniú ar inniúlacht an scoláire sna scileanna go léir in áit tús áite a thabhairt do cheann amháin. Is minic a bhí an taifead ar an obair bhaile déanta i nGaeilge nó leagan dhá theangach. Tréaslaítear leis na múinteoirí a thapaíonn an deis taifead na hoibre bhaile a úsáid mar fhoinse teagaisc agus foghlama.
Léirigh sampla de na cóipleabhair a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta go raibh go leor oibre déanta ar raon ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Bhí leanúnachas le feiceáil in obair na gcóipleabhar a thaispeáin leibhéal maith forbartha. I gcóipleabhair áirithe áfach bhí léamhthuiscintí á dhéanamh ag scoláirí a bhí ró-dheacair dá gcéim sa timthriall. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar seo mar gheall ar an tionchar diúltach a bhíonn ag a macasamhail ar leibhéal intreach inspreagadh an fhoghlaimeora. Ba léir ón sampla randamach go raibh monatóireacht maraon le ceartúcháin mheicniúla á dhéanamh go rialta ag formhór mór na múinteoirí ábhair. I líon beag de na cóipleabhair bhí míniú tugtha ar bhúnús na mbotún a thaispeáin go soiléir don scoláire an earráid a bhí déanta acu. Bhí córas in úsáid sna cóipleabhair seo a chuir le foghlaim an dalta ó phróiseas na gceartúchán. Is inmholta cur chuigí dá leithéid. Luaitear mar mholadh go ndéanfadh an roinn plé ar cheartúcháin fhorbarthacha agus na treoracha faoi mheasúnú chun foghlama ar shuíomh an CNCM a bheith mar bhúnús don tionscnamh seo.
Tá an anailís agus an rianú a dhéanann an bhainistíocht ar na torthaí a ghnóthaíonn na scoláirí sna scrúduithe teistiméireachta le moladh. Luaitear mar mholadh go gcuirfeadh an roinn féin an anailís seo i gcomparáid leis na meán mharcanna náisiúnta ar bhonn bliantúil.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bpríomhoide gníomhach agus leis an bpríomhoide tánaisteach gníomhach, ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Foilsithe, Meitheamh 2010