An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge
TUAIRISC
Coláiste Naomh Phádraig, Crosaire Leacain, Contae Mhaigh Eo
Uimhir rolla: 72130S
Dáta na cigireachta: 12 Bealtaine 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an Tuairisc
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste Naomh Phádraig, Crosaire Leacain, Contae Mhaigh Eo. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus na múinteoirí ábhair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Is de réir cumais mheasctha a eagraítear na bliainghrúpaí sa chéad agus sa dara bliain. Déantar bandáil ar na scoláirí ag deireadh na dara bliana bunaithe ar scrúdú agus measúnú leanúnach. Eagraítear bliainghrúpaí eile na scoile de réir leibhéil sna scrúduithe Stáit. Is ranganna comhreathacha iad na ranganna go léir ón tríú bliain ar aghaidh go dtí rang na hArdteiste. Déanann an bhainistíocht gach iarracht leanúnachas a chinntiú trí na múinteoirí céanna a fhágáil ag na scoláirí le linn timthrialla. Tugtar cead do na scoláirí athrú ó leibhéal go leibhéal ach plé neamhfhoirmiúil a bheith ann idir múinteoirí na roinne chomh maith le cead ó thuismitheoirí nó chaomhnóirí.
Tá cúig thréimhse sa timthriall sóisearach agus sé cinn sa timthriall sinsearach. Tá an soláthar sásúil don chéad bhliain agus do na daltaí sinsearacha ach ní hamhlaidh an cás do dhaltaí na dara bliana agus na tríú bliana. Tá dhá thréimhse dúbailte ar dhá lá agus rang singile ar lá eile ag an dá bhliain ghrúpa seo. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar seo ó thaobh oiriúnacht na n-aonad ama do scoláirí sóisearacha agus gach iarracht a dhéanamh ionchur laethúil a chur ar fail do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge.
Is céimithe le Gaeilge iad na múinteoirí go léir atá ag plé le múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Múineann na múinteoirí go léir sa dá thimthriall agus ag leibhéil difriúla scrúduithe. Is inmholta an cur chuige seo mar go bhfuil an taithí agus na scileanna a bhaineann le teagasc sa dá thimthriall ag an bhfoireann trí chéile mar is cuí. Tá taithí ag roinnt de na múinteoirí mar scrúdaitheoirí do na scrúduithe Stáit, idir scrúduithe cainte agus scríofa. D’fhreastail ionadaí ón scoil ar chúrsa inseirbhíse de chuid Seirbhíse Tacaíochta don Dara Leibhéil (STDL). Déantar mar mholadh an t-eolas óna cúrsaí a phlé ag cruinniú na roinne go luath. Is baill de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge iad an fhoireann go léir. B’fhiú freisin suíomh gréasáin an STDL www.slss.ie/gaeilge a bheith mar phointe tagartha agus plé á dhéanamh ag an roinn ar oiliúint ghairmiúil don todhchaí.
Tá acmhainní maithe forbartha ag an roinn, acmhainní dílse ar nós TG4, Foinse agus Radio na Gaeltachta san áireamh, a thugann tacaíocht do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Moltar go ndéanfadh an roinn taighde ar na hacmhainní foghlama agus teagaisc atá ar fáil do scoláirí iar- bhunscoile ag www.cogg.ie. Is féidir liosta a chur i dtoll a chéile agus roinnt den bhuiséad bliantúil atá ann don teanga a chaitheamh ar acmhainní agus leabhair oiriúnacha. De réir a chéile, bheadh stór acmhainní bailithe a chuirfeadh le teagasc agus foghlaim na teanga.
Cuirtear réimse imeachtaí comh-churaclaim is seach churaclaim ar fáil do na scoláirí; Seachtain na Gaeilge, cluichí teanga, chomh maith le turais chuig an amharclann. Eagraítear imeachtaí éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge, ina measc ceardlanna cócaireachta agus drámaíochta, comórtais aistí agus spóirt, díospóireachtaí agus seisiúin cheoil agus rince. Is minic leis a thagann aoi-chainteoirí chun na scoile i gcaitheamh na seachtaine seo. Tá na tionscnaimh seo inmholta. Moltar suíomh gréasáin de chuid Chonradh na Gaeilge a chabhródh le forbairt imeachtaí ar nós Seachtain na Gaeilge www.snag.ie Glactar páirt freisin in imeachtaí a reáchtáiltear go náisiúnta agus tá duais réigiúnach buaite ag an scoil i gcomórtas cláir raidió de chuid Gael Linn. Tugtar gach spreagadh do scoláirí na scoile seo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Bronntar scoláireachtaí Gaeltachta gach bliain ar thriúr scoláire i gcomhar le Coiste Gairm Oideachais (CGO) Mhaigh Eo. Déantar iarrachtaí feasacht na scoláirí ar an nGaeltacht áitiúil a chothú chomh maith. Tréaslaítear leis an bhfoireann a chuireann deiseanna ar fáil feasacht chultúrtha na scoláirí a chothú trí mheán na Gaeilge.
Áirítear an Ghaeilge mar chuid den mheasúnú a dhéantar ar scoláirí sula a dtagann siad isteach sa chéad bhliain. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an uirlis mheastóireachta seo.
Ainneoin go dtugtar gach deis agus spreagadh do scoláirí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge nuair a thagann siad isteach sa chéad bhliain, tá líon scoláirí le díolúine ón nGaeilge acu de réir fhorálacha imlitir M10/91. Tá sé inmholta go ndéanfadh an scoil gach iarracht freastal ar riachtanais fhoghlama na scoláirí seo le linn na ranganna Gaeilge.
Tá sé molta i dtuairiscí ábhair eile a scríobhadh ar an scoil nach raibh fad na seachtaine scoile ag teacht leis na moltaí Am ar Scoil, imlitir M29/95. Ba léir ón anailís a rinneadh ar an gclár ama don Ghaeilge nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar fhad na seachtaine scoile i gcomhthéacs na n-imlitreach arís.
Tá roinn na Gaeilge gafa le próiseas um phleanáil fhorbartha scoile (PFS) le roinnt blianta anuas. Casann an fhoireann ar a chéile gach dhá mhí. Tá taifead á choimeád ar na cruinnithe seo ó Fheabhra na bliana 2007. Tréaslaítear leis an roinn agus leis an mbainistíocht as an tosaíocht seo a thabhairt don phleanáil don teanga. Moltar go gceapfadh an roinn plean gnímh, aontaithe ag baill iomláin na foirne, chun tosaíochta na roinne a bhaint amach ar bhonn leanúnaigh.
Tá cuspóir múinteoireachta na roinne curtha i bhfoirm spriocanna foghlama na scoláirí thar na ceithre mhór scil teanga maraon le foghlaim na ndaltaí sna gnéithe éagsúla do na cúrsaí. Tá liosta do na feidhmeanna teanga atá riachtanach chun na cuspóirí múinteoireachta a bhaint amach don dá thimthriall. Is inmholta an cur chuige seo mar tugann sé creatlach don phleanáil don teagasc agus don fhoghlaim agus don mheasúnú.
Tá pleananna ábhair bhliantúla eagraithe de réir séasúr do bhliainghrupaí áirithe agus is de réir seachtaine atá na pleananna curaclaim eile. Ní raibh pleananna ábhair do na bliainghrúpaí go léir sa phlean ábhair a cuireadh faoi bhráid an chigire. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar seo agus pleananna a sholáthar do gach bliainghrúpa, pleananna sinsearacha ach go háirithe. Bhain caighdeán ard leis na pleananna a breathnaíodh orthu agus iad ar fad comhtháite go téamach. I measc na bpleananna curaclaim is fearr bhí na scéimeanna oibre seachtainiúla don tríú bliain gnáthleibhéal agus do rang na hArdteiste ardleibhéil bliain a haon. Luaitear mar mholadh na scéimeanna oibre seo a úsáid mar theimpléad is pleanáil chomhoibríoch á dhéanamh ar na pleananna ábhair don bhliain seo chugainn. Moltar leis go dtógfar ar an dea-theimpléad seo agus cur síos a dhéanamh ar na sprioc-fheidhmeanna teanga, na modheolaíochtaí oiriúnacha agus na fearais teagaisc agus fhoghlama ar bhonn seachtainiúil.
Ba léir óna doiciméid phleanála don ábhar go raibh teicneolaíocht na faisnéise agus an cumarsáide (TFC) tugtha san áireamh. Bheadh sé inmhianaithe úsáid níos forleithne a bhaint as na háiseanna seo sa scoil nua. Chuige sin moltar céimeanna praiticiúla a cheapadh chun TFC a chomhtháthú sna scéimeanna oibre do gach bliainghrúpa. Beidh suíomh tacaíochta na STDL mar atá thuasluaite agus na naisc sheachtracha atá le fáil air an-luachmhar maidir leis an tionscnamh seo.
Tá comhordaitheoir ábhair ceaptha ar an roinn. Moltar rothlú, aontaithe ag an roinn, a dhéanamh ar an gceapachán seo ionas go mbeadh taithí agus tuiscint ag níos mó ná duine amháin ar na cúraim agus na freagrachtaí a ghabhann leis an gcomhordú.
Bhí ard-chaighdeán pleanála ghearrthréimhsigh agus ullmhúchán déanta do na ceachtanna go léir. Bhí sé de thoradh ar an bpleanáil seo go raibh na ceithre scil comhtháite laistigh d’achar na gceachtanna. Chuir na fearais fhoghlama agus teagaisc a bhí réitithe roimh ré go mór le soiléireacht an láithrithe. Bhain caighdeán an-ard leis na nótaí próis a bhí ullmhaithe do cheacht amháin. Roinn na múinteoirí go léir na cuspóirí foghlama leis na scoláirí agus rinneadh ceangail idir ábhar na gceachtanna agus eispéireas na scoláirí i gcaitheamh na ranganna. Moltar mar fhorbairt ar an dea-chleachtas seo, seisiún faisnéisithe a dhéanamh leis na scoláirí roimh dheireadh an cheachta ag soiléiriú cad a bhí bainte amach ó thaobh na foghlama de. Cothaíonn an teicnic seo neamhspleáchas sna foghlaimeoirí mar go mbíonn orthu a dtorthaí foghlama féin a aithint.
Baineadh úsáid as teicnicí éifeachtacha foghlama agus teagaisc le linn na ranganna go léir. I rang amháin ina raibh dhá leibhéal scrúdaithe d’éirigh leis an múinteoir spriocanna foghlama difreáilte a bhaint amach in oiriúint do chumais agus riachtanais na scoláirí. D’úsáid na múinteoirí go léir ceisteanna ag leibhéil difriúla cumais a spreag rannpháirtíocht na scoláirí. Moltar, mar chur chuige comhroghnach ar an ngníomhaíocht idir an múinteoir agus na scoláirí, na scoláirí a chur i mbeirteanna, de réir cumais nó chun foghlaim piaraí a éascú. Ar an gcaoi seo tiocfaidh maolú ar chaint an mhúinteora agus beidh deis ag na scoláirí obair le chéile ar a gcuid scileanna gabhchumais agus ginchumais.
I rang amháin tugadh faoi obair réamh scil an-mhaith ar dhán mar cheacht léamhthuisceana a chuir foclóir an dáin in oiriúint do chumas na scoláirí. Rinne an múinteoir freastal maith ar riachtanais aonair na scoláirí is iad i mbun na gceisteanna léamhthuisceana. Chomhlíonadh na scoláirí go léir an tasc agus d’éirigh an ceacht oibre bhaile go nádúrtha as na ceisteanna léamhthuisceana. Luaitear mar mholadh cuspóirí foghlama agus teagaisc a chur in oiriúint d’achar an cheachta agus athdhaingniú a dhéanamh ar eolas nua roimh dhul chuig céim nua i gceacht.
Chláraigh na múinteoirí foclóir nua de réir mar a tháinig na focail aníos sa cheacht nó cuireadh béim orthu ar an osteilgeoir. Is dea-chleachtas é seo do na scoláirí atá an radharc fhoghlaim i dtreis acu. Moltar grúpáil a dhéanamh ar an bhfoclóir nua seo, faoi mar a bhí déanta ar bhriathra san aimsir láithreach i gcomhthéacs dáin, agus straitéisí foghlama foclóra a mhúineadh go follasach. Déantar mar mholadh leis eagar a chur ar thaifead sainfhoclóir agus mór phointí an cheachta mar eiseamláir do na foghlaimeoirí ar conas eagar a chur ar a smaointí féin..
B’í an Ghaeilge a bhí in úsáid mar ghnáth-theanga cumarsáide sna ranganna go léir a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta. Ba léir an tuiscint mhaith a bhí ag formhór mór na scoláirí ar ábhar na gceachtanna agus ghlac siad páirt go toilteanach sa sprioctheanga nuair a tugadh deis dóibh. Díríodh aird na scoláirí ar phointí gramadaí i gcomhthéacs an phíosa in áit an ghramadach a mhúineadh mar mhíreanna scartha. Rinneadh simpliú maith ar bhrí foclóra le cabhair ó gheáitsíocht a sheachain úsáid iomarcach modh an aistriúcháin. Tréaslaítear leis na múinteoirí as na cur chúigí atá acu maidir le húsáid na sprioctheanga mar is minic gurbh é an múinteoir an t-aon eiseamláir de fhoghraíocht agus de cheart úsáid na teanga a bhíonn ag scoláirí. Bhí roinnt Gaeilge ar bhallaí na seomraí. Déantar mar mholadh is an scoil ag bogadh ar ais go dtí an Crosaire Leacain don scoilbhliain nua, go gcinntítear go gcruthófar timpeallacht spreagúil foghlama a chuirfeadh le teagasc agus foghlaim na Gaeilge.
Bhí cumais riar ranga maith ag na hoidí go léir agus bhí atmaisféar fáiltiúil comhoibríoch sna ranganna a breathnaíodh orthu i gcaitheamh na cigireachta.
Baineadh úsáid tairbheach as réimse modhanna measúnuithe múnlaitheacha sna ranganna i gcaitheamh na cigireachta chun monatóireacht a dhéanamh ar phróiseas foghlama agus ar dhul chun cinn na scoláirí. I measc na straitéisí éifeachta bhí ceistiúcháin bhéil ag leibhéil difriúla, obair aonair ar thasc léamhthuisceana agus measúnú ar an léitheoireacht.
Tá na gnáthshocraithe ann sa scoil do scrúduithe coimreacha do na bliainghrúpaí difriúla. Cuirtear tuairisc chuig baile faoi dhó in imeacht na scoilbhliana bunaithe ar thorthaí na scrúduithe coimreacha seo. Moltar na féidearachtaí a chíoradh scrúdú cainte a sholáthar, i bhfoirm éigean, do dhaltaí iomláin na scoile, ar a laghad uair amháin in imeacht na scoilbhliana. D’fhéadfadh an roinn aitheantas a thabhairt don scil labhartha trí chéadatán áirithe a aontú do ráta rannpháirtíochta na scoláirí sa sprioctheanga in imeacht téarma. Luaitear mar mholadh leis aitheantas a thabhairt do na scileanna teanga go léir sna tuairiscí a chuirtear chuig baile a chuirfeadh le leibhéal inspreagtha na ndaltaí thar na scileanna ag teacht le cuspóirí na roinne féin. Casann múinteoirí agus tuismitheoirí nó caomhnóirí do gach bliain ghrúpa ar a chéile uair amháin in aghaidh na bliana agus níos minice nuair is gá.
Tá córas dialanna obairbhaile in úsáid sa scoil agus déanann tuismitheoirí nó caomhnóirí agus teagascóirí ranga monatóireacht orthu ar bhonn rialta. Ba léir ó shampla de na dialanna go raibh obairbhaile á dtabhairt go rialta. Ní raibh éagsúlacht áfach thar na scileanna teanga le feiceáil sa tasc oibrebhaile a bhí scríofa sna dialanna. Moltar go láidir cothromas a thabhairt do na ceithre scil teanga sa tasc oibrebhaile in ionad tús áite a thabhairt don scríobh mar atá i ndialanna na ndaltaí faoi láthair. Ba mhinic taifead na hoibrebhaile a bheith á dhéanamh go dhátheangach. Tréaslaítear leis na múinteoirí a thapaíonn an deis taifead na hoibrebhaile a úsáid mar fhoinse teagaisc agus foghlama. Léirigh formhór na gcóipleabhar a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta go raibh go leor oibre déanta ar raon ábhar a bhí ag gabháil le riachtanais na siollabas. Bhí leanúnachas le feiceáil sna cóipleabhair seo a thaispeáin leibhéal maith forbartha. Ba léir ón sampla randamach seo go raibh monatóireacht maraon le ceartúcháin fhorásacha á dhéanamh go rialta ag formhór mór na múinteoirí. I bhfillteáin áirithe de chuid na scoláirí ní raibh na gnéithe ar fad de na siollabais clúdaithe go hiomlán don tráth sin den bhliain i gcás ábhair don cheapadóireacht agus don dírbheathaisnéis ach go háirithe. Ba theoranta leis méid na gceartúchán a bhí déanta chun treoir a thabhairt d’fhoghlaim na ndaltaí. Is inmholta an ceartúchán forbarthach rialta d’fhoghlaim gach scoláire agus luaitear mar mholadh an modh ceartúcháin seo a bheith in úsáid ag an bhfoireann go léir. Tá sé inmholta go ndéanfadh an roinn go léir machnamh ar luach foghlama na gceartúchán lena chinntiú go mbíonn tionchar dearfach ag próiseas na gceartúchán ar leibhéal inmheánach inspreagtha an fhoghlaimeora. Tugtar scrúduithe do na daltaí go rialta agus coimeádtar cuntais ar thorthaí na scoláirí i ndialann an mhúinteora. <0}Déantar mar mholadh leis, go gcuirfeadh an roinn lena n-uirlisí measúnuithe trí fhorbairt a dhéanamh ar mheasúnú chun foghlama. Tugann an modh measúnuithe seo tús áite do phróiseas na foghlama in áit na béime go léir a chur ar thorthaí na foghlama. Bheadh suíomh idirlín an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), www.ncca.ie cabhrach ó thaobh é seo a chur i gcrích.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tugtar tosaíocht réasúnta maith sa tráthchlár don teanga chomh maith le tacaíocht fhabhrach do roinn na Gaeilge
· Tá obair mhaith déanta i ngnéithe áirithe den phróiseas phleanála don Ghaeilge.
· Bhain ard chaighdeán leis an bpleanáil ghearrthréimhseach` agus leis an ullmhúchán a bhí déanta do na ranganna go léir.
· Baineadh úsáid as teicnicí éifeachtacha foghlama agus teagaisc le linn na ranganna go léir.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Luaitear mar mholadh ionchur laethúil a sholáthar do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge, i gcás ranganna sóisearacha ach go háirithe.
· Tá sé inmholta go ndéanfar forbairt ar ghnéithe áirithe den phleanáil chomhoibríoch don teanga agus na moltaí thuasluaite a bheith mar chuid den fhorbairt seo.
· Déantar mar mholadh aitheantas a thabhairt do na scileanna teanga go léir san obairbhaile, sa mheasúnú agus sna tuairiscí a chuirtear chuig baile ón gcéad bhliain ar aghaidh a chuirfeadh le leibhéal inspreagtha na ndaltaí thar na scileanna ag teacht le cuspóirí na roinne féin.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Foilsithe Nollaig 2008
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Bhí an bhainistíocht agus an fhoireann sásta leis an tuairisc dhearfach ar
cháilíocht na foghlama agus an teagaisc sa choláiste.
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
Ranganna dúbailte-B’é lonnú na scoile go sealadach i mBaile an Chaisil a bhí
mar chúis leis na ranganna dúbailte sa Ghaeilge. Tá ranganna laethúla in aghaidh
na seachtaine curtha ar fáil arís.
Leathanach 3-Chuir an bhainistíocht cúig nóiméad is fiche le fad na seachtaine
scoile (Imlitir M29/95)