An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar Ghaeilge
TUAIRISC
Coláiste Phobail Naomh Sheosaimh,Cill Chaoi,Contae an Chláir
Uimhir rolla: 70880F
Dáta na cigireachta: 10 Nollaig 2007
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Freagra na Scoile ar an Tuairisc
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair i gColáiste Phobail Naoimh Sheosaimh, Cill Chaoi, Contae an Chláir. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht na foghlama agus an teagaisc sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo, inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an fhoghlaim agus an teagasc, thar lá amháin. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide agus na múinteoirí Gaeilge. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
Tugtar tosaíocht don Ghaeilge le linn an timthrialla sinsearaigh trí ranganna laethúla a sholáthar do mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Níl ach trí rang in aghaidh na seachtaine tugtha don Ghaeilge sa chéad agus sa dara bliain. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar láithreach ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil ar a laghad ceithre thréimhsí singile curtha ar fáil don Ghaeilge le linn na mblianta seo faoi mar atá curtha ar fáil faoi láthair do lucht na tríú bliana. Is ranganna cumais mheasctha atá sa chéad agus sa dara bliain. Déantar sruthú ar na scoláirí ag deireadh na dara bliana bunaithe ar scrúdú comónta. Eagraítear bliainghrúpaí eile na scoile de réir leibhéil sna scrúduithe Stáit. Tugtar gach spreagadh do na scoláirí an leibhéal is airde, de réir a gcumais, a dhéanamh chomh fada amach sna timthriallta. Tá foirm athrú leibhéil le líonadh ag scoláirí atá ag iarraidh athrú ó leibhéal amháin go leibhéal eile. Ní mór do thuismitheoirí nó caomhnóirí an fhoirm seo a shíniú freisin. Tréaslaítear leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann teagaisc as an mbainistiú seo a dhéantar ar athruithe leibhéil.
Is céimithe le Gaeilge iad formhór mór na múinteoirí atá ag plé le múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Tá ballraíocht reatha de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge ag an roinn. B’fhiú suíomh gréasáin Chomhar na Múinteoirí Gaeilge ag www.comhar.ie a bheith mar phointe tagartha agus plé á dhéanamh ag an roinn ar oiliúint ghairmiúil sa todhchaí. Tugann an roinn gach tacaíocht do mhúinteoirí nua-cheaptha chomh maith le fáil saoráideach ar acmhainní agus áiseanna na roinne. Is inmholta an cur chuige comhoibritheach seo. Tuairiscíodh go dtugann an bhainistíocht gach spreagadh don fhoireann freastal ar chúrsaí oiliúint ghairmiúil leanúnach. Déanann ionadaithe ón bhfoireann freastal ar chúrsaí de chuid na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéil (STDL) don Ghaeilge a reáchtáiltear go háitiúil. Moltar an fhaisnéis óna cúrsaí seo a roinnt, mar chuid den phróiseas um phleanáil fhorbartha scoile, ar an roinn ina iomláine.
Níl seomraí dá gcuid féin ag na múinteoirí Gaeilge sa scoil ach tá stóras lárnach don raon suntasach acmhainní do na bliainghrúpaí éagsúla atá forbartha ag an roinn le roinnt blianta anuas. Tréaslaítear go láidir leis na múinteoirí as a ndíograis maidir leis na hacmhainní seo agus caighdeán na taighde a bhaineann leo. I láthair na huaire tá an roinn ag obair ar chomh fhillteán leictreonach do na hacmhainní seo. Is inmholta an tionscnamh seo. Tá áiseanna maithe sa scoil a chuireann leis an teagasc agus an fhoghlaim san ábhar, áiseanna teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) san áireamh. Luaitear mar mholadh leis cartlann a dhéanamh ar na hacmhainní atá sa scoil cheana féin i gcomhthéacs an bailiúcháin fhoinsí atá curtha le chéile ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag www.cogg.ie chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar acmhainní agus áiseanna na roinne amach anseo. Tá leabharlann sa scoil ach is teoranta an úsáid a bhaintear aisti. Tuairiscítear gur mó an cnuasach de leabhair Ghaeilge atá i leabharlann an bhaile mhóir agus go dtugtar gach spreagadh do na scoláirí leabhair a fháil ar iasacht anseo. Luaitear mar mholadh go gceapfadh an roinn céimeanna praiticiúla chun nós na léitheoireachta a chothú laistigh den scoil mar chuid de churaclaim idirdhealaithe.
Cuirtear réimse imeachtaí comh-churaclaim is seach-churaclaim ar fáil do na scoláirí, tráth na gceisteanna agus ceardlanna scríbhneoireachta le haíonna cáiliúla. Eagraítear comórtais éagsúla eile ar nós comórtais ghrianghraif agus ealaíona. Bíonn na scoláirí páirteach freisin i gcomórtais difriúla d’Fhéile na hInse le linn Seachtain na Gaeilge. Déantar iarracht naisc a chothú i measc na scoláirí le hoidhreacht áitiúil Cheann Léime. Tá na tionscnaimh seo inmholta. Moltar suíomh gréasáin de chuid Chonradh na Gaeilge a chabhródh le forbairt imeachtaí ar nós Seachtain na Gaeilge www.snag.ie
Thosaigh roinn na Gaeilge ar an bpróiseas um Phleanáil Fhorbartha Scoile (PFS) sa bhliain 2004 ag cur leis an bpleanáil neamhfhoirmiúil a bhíodh á chleachtadh roimhe seo. Tá cuspóirí múinteoireachta agus foghlama na roinne curtha i bhfoirm spriocanna foghlama na scoláirí thar na ceithre scil teanga. Is inmholta an phleanáil straitéiseach seo mar tugann sé treoir don teagasc is don fhoghlaim agus don mheasúnú. Déantar mar mholadh na spriocanna foghlama seo a bheith mar chreatlach do dhearadh uirlisí measúnaithe chun eispéireas cothrom tástála thar na scileanna a sholáthar do na scoláirí.
Tá obair chríochnúil déanta ag an roinn maidir le láithriú an churaclaim do na bliainghrúpaí éagsúla. Tá na pleananna seo leagtha amach de réir topaicí, na feidhmeanna teanga chomh maith le cur síos ar na modhanna múinte feiliúnacha. Tá idirdhealú sna pleananna sinsearacha leis do na leibhéil difriúla scrúduithe, mar is cuí. Tréaslaítear go láidir leis an bhfoireann as an bpleanáil chuimsitheach reatha atá déanta. Tá an t-ord ina múintear an litríocht aontaithe ach é neamhspleách ar mhúineadh na ngnéithe eile de na cúrsaí. Moltar go dtógfar ar an obair mhaith seo trí chomhtháthú téamach a dhéanamh ar na topaicí, ar an litríocht, ar na feidhmeanna teanga thar na scileanna teanga faoi mar atá molta sna siollabais.
Bhí pleanáil ghearrthéarmach agus ullmhúchán d’ard chaighdeán ag baint le formhór mór na ranganna a breathnaíodh orthu le linn na cigireachta. Bhí spriocanna cinnte teagaisc agus foghlama pleanáilte do na ceachtanna ar fad ach níor baineadh amach iad laistigh d’aonad gach rang. Roinn formhór na múinteoirí na cuspóirí foghlama leis na scoláirí ag freagairt de mhíreanna éagsúla an cheachta. I ranganna eile ní raibh an soiléireacht chéanna ag baint leis an tasc a bhí le cur i gcrích ag na scoláirí. I ngeall ar seo, níor éirigh le scoláirí iomlán na ranganna seo an tasc a chomhlíonadh. Ní raibh luas cuí faoina ceachtanna áirithe seo toisc go raibh easpa leanúnachais ag baint le codanna difriúla na gceachtanna. Moltar na fo-chéimeanna a bhaineann le ceacht a mhíniú go soiléir roimh ré ionas go dtuigeann na scoláirí uile thar raon a gcumais cad atá le déanamh acu.
Rinne formhór mór de na múinteoirí iarracht na ceithre scil teanga a chomhtháthú sna ranganna. D’éirigh go maith leis an gcur chuige seo i rang amháin ina raibh an comhtháthú déanta de réir téama, idir aiste agus giota léamhthuisceana. D’úsáid an múinteoir straitéisí maithe ceistiúcháin le linn na hoibre ullmhúcháin ar an aiste. Spreag an teicníc seo na scoláirí a scileanna labhartha a chleachtadh agus a dtuairimí ar an téama á nochtadh agus á phlé. Is inmholta an modh múinte seo suíomh cumarsáideach a chruthú ina mbíonn deis ag daltaí a bheith gníomhach i dtógáil a gcuid foghlama féin. Moltar mar chur chuige comhroghnach ar an múinteoir ag cur na gceisteanna ar na scoláirí go gcuirfear na scoláirí i mbeirteanna chun go ndéanfadh na scoláirí a gcuid scileanna gabhchumais a chleachtadh maraon lena scileanna ginchumais.
I rang eile ina raibh na ceithre scil comhtháite d’éirigh leis an múinteoir cothromaíocht a fháil idir gníomhaíocht an mhúinteora agus ionchur na scoláirí mar is cuí. Bhí éagsúlacht ag baint leis an rang le meascán d’obair uile ranga, obair aonair agus obair bheirte bunaithe ar théama na séasúr. Cheangail an múinteoir an téama le heispéireas na scoláirí le mír aimsire ó nuacht TG4 ar an sonratheilgeoir. Bhí deis ag na scoláirí dul i ngleic le heochair fhoclóir i mbealach fiúntach. Ba nuálaíoch an chaoi inar cheangail an múinteoir dán le hábhar lárnach an cheachta. Léigh an múinteoir dán faoin bhfómhar cúpla uair os ard. Fuair na scoláirí línte an dáin i gclúdach litreach agus bhí orthu an dán a chur ar ais in ord ina mbeirteanna. Is eiseamláir den dea-chleachtas múinteoireachta an cheacht seo sa chaoi inar tugadh tús áite den chur chuige fadhb-réitigh don fhoghlaim ach go háirithe. Luaitear mar mholadh, úsáid níos forleithne a bhaint as an dea-chleachtas seo sa roinn trí chéile.
Bhí meascán d’obair uile ranga, obair aonair agus obair bheirte in úsáid i rang eile ach níor éirigh chomh maith céanna leis an gceacht toisc nár tugadh a dóthain ama don obair réamh scile chun foclóir don chomhrá a chur in oiriúint do chumais mheasctha na scoláirí a bhí sa rang. Cé go raibh na ceisteanna don chomhrá ar an mbileog oibre ní raibh scafall tugtha chun go mbeadh sé ar chumas na scoláirí freagraí a chumadh. Bhí na scoláirí ag obair i mbeirteanna ag cleachtadh na gcomhráití sa chéad phearsa. Rinneadh seisiún faisnéisithe ar obair na mbeirteanna sa tríú pearsa. Moltar ionchais fhoghlama a chur in oiriúint do leibhéal na scoláirí chomh maith le deiseanna éagsúla gnóthachtála a bheith sa tasc don suíomh chumais mheasctha ach go háirithe. Bheadh láthair gréasáin de chuid Seirbhís Tacaíochta Oideachas Speisialta ag www.sess.ie cabhrach maidir le treoir a thabhairt don phleanáil do theicnicí teagaisc agus foghlama idirdhealaithe a fhorbairt. Is féidir leis an bhfoireann tabhairt faoi seo mar chuid den phleanáil chomhoibríoch agus is chun tairbhe gach aon duine a bheidh tionscnamh dá leithéid.
Bhain na múinteoirí úsáid éifeachtach as an gclár agus as sonratheilgeoir a chuir le gné fhísiúil na foghlama. Chuir clárú na n-eochair fhocail go mór le soiléireacht na gceachtanna. Bhí formhór na múinteoirí airdeallach faoi chruinneas an litrithe agus an aistriúcháin agus déantar mar mholadh an cleachtas seo a bheith in úsáid i ngach rang. Moltar leis struchtúr a chur ar an gclárú mar eiseamláir do dhaltaí conas eagraíocht a chur ar a smaointí féin is iad ag ullmhú do thasc cumadóireachta. Sa rang inar baineadh úsáid as acmhainní TG4 chomh maith le tascanna tarraingteacha físiúla eile ar shonratheilgeoir bhain struchtúr spreagúil leanúnach leis an gcur i láthair ó thús go deireadh. Is inmholta an cur chuige seo mar cuireann comhtháthú an TFC i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge go mór le heispéiris na scoláirí ar an teanga mar theanga bheo sna meáin, a bhaineann go dlúth lena dtaithí saoil féin.
B’í an Ghaeilge a bhí in úsáid do gach idirbheartaíocht ranga. Bhí foclóir an tseomra ranga ar a dtoil ag roinnt na scoláirí ach ní raibh i ranganna eile. Ba cheart go mbeadh foclóir ar nós ‘Cad is brí le ’, ‘Conas a deirtear’, ‘Conas a litrítear é sin’, ‘Cuir líne faoi’ ná a macasamhail d’fhoclóir ranga a bheith ag gach dalta a luaithe agus is féidir i scoileanna iarbhunoideachais. Moltar go dtiocfadh an roinn ar chur chuige seasmhach maidir le húsáid na sprioctheanga i measc foghlaimeoirí na Gaeilge. Ar an iomlán, bhí caighdeán maith Gaeilge ag na scoláirí chomh maith le tuiscint mhaith acu ar an ábhar agus ghlac siad páirt go toilteanach sa sprioctheanga nuair a tugadh deis dóibh. Rinne roinnt de na múinteoirí simpliú sciliúil ar fhoclóir a sheachain úsáid iomarcach modh an aistriúcháin. Moltar an dea-chleachtas seo i múineadh teangacha a roinnt ar an bhfoireann ina iomláine. Rinne na múinteoirí go léir gach iarracht foclóir na scoláirí a shaibhriú. Déantar tacú leis an nósmhaireacht seo agus moltar straitéisí foghlama foclóra a mhúineadh go follasach chun na féidearthachtaí is mó ó thaobh foghlaim foclóra de a bhaint amach do gach scoláire, scoláirí nach dtagann foghlaim teangacha go réidh leo ach go háirithe.
Rinneadh formhór mór na múinteoirí bainistiú éifeachtach ar na gníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc. Ar an iomlán bhí caidreamh réidh idir na múinteoirí agus na scoláirí agus tugadh spreagadh do na scoláirí páirt a ghlacadh sna ceachtanna. Thug gach múinteoir moladh agus dearbhú dearfach i gcónaí d’iarrachtaí na ndaltaí. I líon beag de na ranganna ní raibh cumas bainistíochta an mhúinteora chomh paiteanta céanna. Déantar mar mholadh go ndéanfadh an roinn cinneadh comhairle ar chleachtais éifeachta bainistíochta don seomra ranga a phlé agus a roinnt mar thaca do gach aon bhaill den fhoireann.
Cé nach bhfuil seomraí buana ag na múinteoirí bhí timpeallacht fhisiciúil fhoghlama spreagúil i seomraí áirithe. Is dea-chleachtas é seo mar ní hamháin go gcuireann sé leis an timpeallacht fhoghlama féin déanann sé athdhaingniú ar an bhfoghlaim go físiúil freisin. Luaitear mar mholadh go ndéanfar comhnascadh idir dúthracht na foirne Gaeilge agus dea-thoil na bainistíochta ar mhaithe le fógraíocht Ghaeilge a bheith níos infheicthe i dtaithí na scoláirí ar an teanga i gColáiste Phobail Naomh Sheosaimh.
Cuirtear scrúduithe ar scoláirí iomláin na scoile ag briseadh meán téarma na Samhna agus arís faoi Nollaig. Eagraítear trial scrúduithe san Earrach do na scoláirí teistiméireachta. Bíonn scrúduithe coimreacha ann arís do scoláirí nach bhfuil ag dul faoi scrúduithe Stáit ag deireadh na bliana. Coimeádtar torthaí na scrúduithe seo ar fad san oifig. Cuirtear tuairisc chuig baile faoi dhó in imeacht na scoilbhliana bunaithe ar thorthaí na scrúduithe coimreacha seo. Tuairiscíodh go mbíonn scrúdú cainte mar chuid de ne scrúduithe coimreacha a chuirtear ar scoláirí sinsearacha na scoile. Tréaslaítear go láidir leis an measúnú iomlánaíoch seo. Luaitear mar mholadh úsáid a bhaint as uirlis na mbéaltrialach níos túisce i dtaithí measúnaithe na scoláirí ar an nGaeilge. Tugadh le fios le linn cainteanna leis na múinteoirí go mbíonn deacrachtaí le leibhéal iarrachta na scoláirí i labhairt na teanga. Déantar mar mholadh, céadatán a aontú i measc múinteoirí na roinne agus an marc seo a bhronnadh ar scoláírí chun aitheantas a thabhairt dá rannpháirtíocht sa sprioctheanga le linn na gceachtanna. Is féidir an céadatán seo a bheith mar chuid den mharc coimreach a thugtar do dhaltaí sna scrúduithe tí.
Cuirtear teisteanna rialta ar scoláirí iomlán na scoile agus coinnítear torthaí na dteisteanna i ndialann na n-oidí. Tá dialann obairbhaile in úsáid sa scoil do na scoláirí. Déanann an teagascóir ranga agus tuismitheoirí nó caomhnóirí monatóireacht seachtainiúil ar na dialanna maraon le hathbhreithniú rialta ón múinteoir cinn bhliana. Is inmholta an bainistiú seo ar thaifead na hoibrebhaile agus moltar leis go bhfuil tuismitheoirí nó caomhnóirí páirteach sa mhonatóireacht seo. Ba léir ó shampla randamach do na dialanna go raibh obairbhaile á dtabhairt go rialta. Moltar éagsúlacht thar na scileanna teanga go léir a bheith sa tasc a bhíonn tugtha mar déanann sé athdhaingniú ar inniúlacht an scoláire sna scileana go léir in áit tús áite a thabhairt don scríobh agus don fhoghlaim. Tá polasaí obairbhaile agus measúnaithe ag roinn na Gaeilge mar chuid den phlean Gaeilge. Tugadh isteach polasaí cuimsitheach iomlán scoile don obairbhaile i mbliana. Tá sé inmholta go mbeadh níos mó teacht le chéile idir an dá pholasaí seo ó thaobh éagsúlacht sa scil atá tugtha mar thasc oibrebhaile agus maidir leis an sórt aiseolais a thugtar a obair na scoláirí. Ní mór go mbeadh tionchar dearfach ag an aiseolas seo ar phróiseas na foghlama.
Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar ráta rannpháirtíocht na scoláirí ag na leibhéil éagsúla sna scrúduithe Stáit maraon le gnóthachtáil na ndaltaí sna leibhéil chéanna. Ní mór tabhairt faoin athfhéachaint seo agus aidhmeanna ginearálta agus aidhmeanna ábhair, faoi mar atá curtha in iúl sa phlean Gaeilge, a úsáid mar tháscairí feidhmiúcháin. Cuirfidh an anailís seo go mór leis an bpleanáil straitéiseach do na bliainghrúpaí éagsúla sa todhchaí.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:
· Tá soláthar fabhrach tugtha do mhúineadh agus d’fhoghlaim na teanga sa tsraith shinsearach i gColáiste Phobail Naoimh Sheosaimh.
· Tréaslaítear go láidir leis na múinteoirí as a ndíograis maidir leis na hacmhainní agus na fearais teagaisc agus fhoghlama atá curtha le chéile do na bliainghrúpaí éagsúla agus caighdeán na taighde a bhaineann leo.
· Is inmholta an phleanáil chuimsitheach reatha atá déanta ag an bhfoireann don scoilbhliain seo.
· Bhain formhór mór na múinteoirí úsáid as modhanna teagaisc agus foghlama éifeachtacha sna ranganna a thug deis do na foghlaimeoirí ábhar agus sainfhoclóir na gceachtanna a inmhéanú i rith na ranganna.
· Tá socruithe córasacha don mheasúnú múnlaitheach agus coimreach forbartha sa scoil.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar athbhreithniú a dhéanamh láithreach ar an soláthar atá curtha ar fáil don Ghaeilge le linn an timthrialla sóisearaigh.
· Tá sé inmholta go dtógfar ar an obair mhaith pleanála ábhair trí chomhtháthú téamach a dhéanamh ar na topaicí, ar an litríocht, ar na feidhmeanna teanga thar na scileanna teanga faoi mar atá molta sna siollabais.
· Luaitear mar mholadh cothrom na féinne a thabhairt do na scileanna teanga go léir san obairbhaile, sa mheasúnú agus sna tuairiscí a chuirtear chuig baile a chuirfeadh le leibhéal inspreagtha na ndaltaí thar na scileanna.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí thuas.
Foilsithe Eanáir 2009
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Tá an scoil sásta go ndéanann foireann na scoile eolas ó chúrsaí de chuid na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéil (STDL) don Ghaeilge a roinnt ar a chéile mar chuid de phróiseas um Phleanáil Fhorbartha Scoile (PFS).
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
Ón am a rinneadh an chigireacht ábhair sa bhliain 2007, tá athbhreithniú déanta ar an soláthar atá ann don timthriall sóisearach agus méadú déanta ar uimhir na dtréimhsí don Ghaeilge dá bharr. Tá céimeanna rathúla tugtha dul i ngleic le ceisteanna eile atá ardaithe sa tuairisc.