An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
St Finian’s Community College
Swords, County Dublin
Uimhir rolla: 70120F
Dáta na cigireachta: 1 Bealtaine 2008
Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile
Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i St Finian’s Community College, mar chuid de mheasúnú scoile uile. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar dhá lá inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta do mhúinteoirí an ábhair agus don phríomhoide.
Tá St Finian’s Community College ar cheann de cheithre scoil dara leibhéal i Sord Colmcille. Cuireann an scoil na cláir oideachais seo a leanas ar fáil – an Teastas Sóisearach, Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh (CSTS), an Ardteistiméireacht (Bhunaithe), an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta. Tá sé chéad scoláire nach mór cláraithe sa scoilbhliain reatha 2007/08.
Cinntíonn na socruithe atá i bhfeidhm ar an tráthchlár don Ghaeilge faoi láthair go bhfuil solúbthacht theoranta ann do na scoláirí maidir le teacht ar leibhéal ranga cuí. Déantar sruthú ar na ranganna ó thús na chéad bhliana don Ghaeilge agus d’ábhair eile. Cuirtear na scoláirí ón gcéad lá i ranganna in dhá bhanda – banda ardleibhéal agus banda gnáthleibhéal, bunaithe ar thrialacha measúnaithe iontrála. Cuirtear ranganna cumais mheasctha ar bun laistigh de na bandaí seo. Cé go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na trialacha measúnaithe a chuirtear ar scoláirí nua roimh theacht chun na scoile dóibh ní chuirtear torthaí na trialach sa Ghaeilge san áireamh chun scoláirí a dháileadh ar ranganna sa dá bhanda sin. Iarracht is ea an scrúdú iontrála Gaeilge ar a chur in iúl go bhfuil tábhacht leis an ábhar ar chlár na scoile. Ní úsáidtear torthaí an scrúdaithe Ghaeilge, faoi láthair, ach mar threoir do na múinteoirí ar inniúlacht na scoláirí sa teanga. Faoin gcóras seo is féidir go mbeadh roinnt scoláirí sa dara banda a mbeadh inniúlacht chun an ardleibhéil iontu agus roinnt sa chéad bhanda ar fearr a d’oirfeadh an gnáthleibhéal sa Ghaeilge dóibh. Má thugtar faoi deara go bhfuil scoláire go mór as alt ó thaobh na Gaeilge de athraítear an scoláire sin chuig rang eile ach tá athrú ranga i gceist ó thaobh na n-ábhar eile chomh maith. Déantar athruithe eile ar na ranganna Gaeilge a athbhreithniú ag deireadh na chéad bhliana.
Moltar athmhachnamh a dhéanamh ar na socruithe seo maidir le comhdhéanamh ranganna na chéad bhliana. Moltar machnamh a dhéanamh ar ranganna cumais mheasctha a chur ar bun tríd síos sa chéad bhliain – más don chéad téarma amháin é. Sa tslí sin ní bheadh sprioc íseal sa teanga á chur roimh scoláirí ón gcéad lá, faoi mar atá faoi láthair, i ranganna nach bhfuil ach cumas teoranta sa teanga ag scoláirí i gcoitinne iontu agus thabharfaí seans dóibh dul i ngleic leis an teanga ar leibhéal níos airde. Theastódh ranganna Gaeilge ar an tráthchlár ag an am céanna chuige seo – rud nach bhfuil ann faoi láthair. Ansin ní bheadh impleachtaí eile ann don scoláire a d’athródh rang. Níl ranganna Gaeilge ar siúl go comhuaineach sa dara bliain ná sa tríú bliain faoi láthair ach oiread, fiú laistigh de na bandaí a chuireann an scoil ar bun. Is sa chúigiú bliain agus sa séú bliain amháin atá ranganna Gaeilge ar siúl go comhuaineach.
Tá gearradh siar suntasach curtha i bhfeidhm i mbliana ar an soláthar ama a dhéantar don Ghaeilge ar an tráthchlár. Le héifeacht ó thús na scoilbhliana reatha 2007/08 is ceithre thréimhse in aghaidh na seachtaine an soláthar a dhéantar don ábhar do na ranganna ar fad sa tsraith shóisearach agus cúig thréimhse sa tsraith shinsearach. Roimhe seo bhí cúig thréimhse ag na ranganna sa tsraith shóisearach agus sé cinn sa tsraith shinsearach. Pé ní i dtaobh na gciorruithe sa tsraith shinsearach, áirítear mar chiorrú ró-mhór don Ghaeilge an t-athrú ó chúig thréimhse go dtí ceithre thréimhse sa tsraith shóisearach. Cé nár léirigh na múinteoirí Gaeilge imní faoi na hathruithe seo ar an tráthchlár moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na ciorruithe suntasacha seo ar theagasc agus ar fhoghlaim an ábhair agus iarratas a dhéanamh, in am tráth, ar bhreis ama más gá sin. Áirítear ceithre thréimhse in aghaidh na seachtaine don Ghaeilge, i ngach bliain de thrí bliana na sraithe sóisearaigh, mar dháileadh ró-íseal do na scoláirí le dul i ngleic leis an nGaeilge, go háirithe ag an ardleibhéal.
Cúigear múinteoirí Gaeilge atá sa scoil agus ceapadh triúr díobh sin ón mbliain 2004 i leith. Is i ngeall ar mhúinteoirí a chuaigh ar scor óna bpoist a tháinig na hathruithe suntasacha foirne seo i gceist. Fágann sin go bhfuil meascán an-mhaith ar an bhfoireann idir mhúinteoirí a bhfuil taithí acu le blianta fada ar an ábhar a theagasc agus mhúinteoirí nuacheaptha a thugann scileanna nua leo chun an phoist. Ina measc seo tá scileanna maithe i mbun teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) ar féidir iad a fhorbairt agus a leathnú ar ball.
Tá seomraí ranga faoina gcúram féin ag triúr den chúigear múinteoirí. Buntáiste é seo le haghaidh timpeallacht foghlama spreagthach a chur ar fáil do na scoláirí agus le fáil a bheith go saoráideach ar acmhainní. Rinneadh iarrachtaí fónta le maisiú na seomraí seo agus bhí ceann amháin díobh ar ardchaighdeán maidir le timpeallacht thaitneamhach a chur ar fáil don ábhar. Bhí teilifíseán agus seinnteoir DVD i dtrí cinn de na seomraí cé nach mbaintear ach úsáid theoranta as na hacmhainní seo. Tá úsáid TFC imeallach san ábhar mar go bhfuil na hacmhainní sin srianta. Moltar pleanáil a dhéanamh chun úsáid chuí a bhaint as na teilifíseáin le seinnteoirí DVD atá ann chun míreanna de chláir TG4 a thaispeáint sa rang. Moltar plean chun úsáid TFC sa Ghaeilge a dhearadh agus é a chur faoi bhráid an phríomhoide go luath mar thacaíocht le hiarratas ar ríomhaire glúine, teilgeoir sonraí agus ceangal idirlín a chur ar fáil i gceann de na seomraí ranga atá ann cheana féin don Ghaeilge. Ag brath ar a fheabhas a éiríonn leis an tionscnamh seo is féidir úsáid TFC a leathnú de réir a chéile ach na scileanna chuige sin a leathnú i measc na múinteoirí Gaeilge.
Tá líon na scoláirí le díolúintí ón nGaeilge tar éis méadú go mór agus tá fiche dó faoin gcéad de mhóriomlán na scoláirí cláraithe anois a bhfuil díolúine acu. Tá polasaí scoile ann do chúrsaí díolúine a chinntíonn go mbronntar díolúintí cothrom le forálacha Imlitir M10/94 amháin. Scoláirí le deacrachtaí aitheanta foghlama is ea an chuid is mó díobh seo – beagán os cionn a leath agus is scoláirí nach í an Ghaeilge ná an Béarla an mháthairtheanga dóibh beagán faoi bhun a leath. Tagann acmhainní breise i gceist do chuid mhór de na scoláirí seo. Féachtar leis na hacmhainní seo a chur ar fáil, oiread agus is féidir, an uair a bhíonn an Ghaeilge ar an tráthchlár agus dearbhaíonn na múinteoirí nach mbíonn cur isteach ar na ranganna Gaeilge. Ba chóir líon na scoláirí le díolúintí ón nGaeilge a athbhreithniú ar bhonn leanúnach. Ní mór a bheith san airdeall faoi go leanfadh an líon seo scoláirí ag dul i méid nó go mbeadh líon criticiúil ann a d’fhéadfadh a bheith ina bhac ar iarrachtaí na múinteoirí leis na scoláirí eile a chur i ngleic leis an nGaeilge. Moltar iarrachtaí níos mó a dhéanamh le scoláirí atá i dteideal díolúine a mhealladh chun tabhairt faoin nGaeilge.
Tá líon na scoláirí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeltachta teoranta sa scoil ainneoin iarrachtaí a dhéantar leis na cúrsaí seo a mholadh. Moltar gach dícheall a dhéanamh le teacht ar urraitheoirí ar scoláireachtaí Gaeltachta don scoil agus fiúntas na gcúrsaí sin a fhoilsiú arís do thuismitheoirí. Tá iarrachtaí maithe ar siúl ag an scoil leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá dréachtpholasaí foilsithe dar teideal ‘Irish language and culture procedure’ ar mhaithe le heolas agus meas ar an teanga agus ar an gcultúr Gaelach a scaipeadh i measc na scoláirí agus dearcadh dearfach i gcoitinne a chur chun cinn. Chuir coiste múinteoirí an doiciméad seo le chéile – coiste ar a raibh múinteoirí ábhar eile seachas an Ghaeilge chomh maith. Cuirtear an Ghaeilge chun cinn le hionchur croschuraclaim in ábhair eile le comhoibriú mhúinteoirí na n-ábhar sin – an Béarla, an Stair, an Tír Eolaíocht, an Ealaín agus an Ceol. Déantar iarrachtaí móra ar bhonn scoile uile le linn Seachtain na Gaeilge le dearcadh dearfach a chothú i measc na scoláirí i leith na teanga agus an chultúir Ghaelaigh. Tá an scoil le moladh as na hiarrachtaí móra seo.
D’fhonn tógáil ar na hiarrachtaí seo b’fhiú machnamh a dhéanamh ar phlean uaillmhianach a chur le chéile don Ghaeilge mar ábhar ar chlár na scoile d’fhonn cur le seasamh an ábhair sa scoil. Tá dhá bhunscoil lán-Ghaeilge in abhantracht na scoile. B’fhiú staidéar féidearthachta a dhéanamh féachaint an bhféadfaí sruth lán-Ghaeilge a chur ar bun i St Finian’s Community College ar mhaithe le scoláirí a mhealladh ó na scoileanna sin bunaithe ar phoiblíocht bhreise do St. Finian’s i gcur chun cinn na Gaeilge. Níl a leithéid ar bun in aon cheann eile de na scoileanna dara leibhéal i Sord Colmcille, baile mór mar a bhfuil daonra an-ard.
Mar chéim eatramhach chuige sin b’fhiú féachaint an mbeadh spéis ag múinteoir ar bith eile ar an bhfoireann teagaisc ábhar dá gcuid, seachas an Ghaeilge féin, a theagasc trí mheán na Gaeilge. Dá mbeadh toradh fónta ar na fiosruithe seo b’fhiú tionscnamh dúshlánach mar seo a thriail. Mar rogha eile, is féidir go gcabhródh tionscnamh teoranta CLIL (Content & Language Integrated Learning) le scoláirí chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa teanga. Chiallódh a leithéid de thionscnamh go mbeadh ábhar eile á chur ar fáil don líon sin scoláirí a mbeadh tóir acu air, trí mheán na Gaeilge ar mhaithe le cur le caighdeán Gaeilge na scoláirí sin. Níor mhór tacaíocht na dtuismitheoirí a bheith lena leithéid de thionscnamh ón tús. Déantar an moladh seo ar mhaithe le pobal na scoile a spreagadh chun plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na deiseanna atá ann chun ardú céime suntasach a thabhairt don Ghaeilge sa scoil agus le dearcadh níos dearfaí a chothú ina leith agus gnóthachtálacha níos airde a bhaint amach do na scoláirí san ábhar.
Tá comhordú ar obair roinn na Gaeilge faoi chúram duine de na múinteoirí is sinsearaí le cúpla bliain anuas ar mhaithe le comhar a chothú i measc bhaill nua na roinne agus treoir a chur ar fáil. Moltar do na baill nuacheaptha na cúraimí seo a ghlacadh orthu féin amach anseo ar feadh tréimhse chomhaontaithe le go bhfaigheadh gach duine taithí ar an obair sin.
Tacaíonn an bhainistíocht le soláthar maith ama don phleanáil agus tugtar deis chothrom do na múinteoirí ar na leibhéil ar fad a theagasc. Tionóladh trí cinn de chruinnithe pleanála in am scoile go dtí seo sa scoilbhliain reatha 2007/08. Tá dul chun cinn maith déanta le cúrsaí pleanála dá bharr. Cuireann an deis chothrom ar na leibhéil ar fad a theagasc le scileanna na foirne agus cothaíonn sé comhphleanáil ina measc. Tá an scoil le moladh as an socrú seo a chur i bhfeidhm. Ón gcruinniú a tionóladh leis na múinteoirí ba léir go raibh spiorad an-mhaith comhoibrithe ina measc agus go mba é leas na scoláirí i gcoitinne san ábhar an cúram comónta a bhí rompu ar fad de bhreis ar dhul chun cinn a scoláirí féin amháin.
Tá plean na roinne don Ghaeilge ag teacht le haidhmeanna na siollabas Gaeilge. Tá an plean curtha le chéile ar bhealach soléite agus é ceangailte go snasta mar leabhrán. Tá léiriú maith le fáil ann ar aidhm agus spriocanna mhúineadh na Gaeilge sa scoil agus tá treoir le fáil don mhúinteoir nuacheaptha sa scoil. B’fhiú dáileadh na múinteoirí ar na ranganna ar fad a léiriú i dtús an phlean ar leathanach amháin. D’fhéadfaí tráthchlár na bliana reatha don Ghaeilge do gach rang a léiriú go soiléir ar leathanach amháin eile agus ainmneacha na múinteoirí a chlárú leis – mar a cuireadh ar fáil ar leathanach leis féin don chigireacht. Chuirfeadh an méid seo léiriú an-soiléir ar fáil ar obair na bliana. D’fhéadfaí an tráthchlár a bhreithniú am ar bith sa bhliain ar mhaithe le comhoibriú i measc na múinteoirí i mbliainghrúpa ar leith a thriail agus a chur chun cinn.
Aidhm lárnach atá sa phlean ná go ndéanfadh gach scoláire an leibhéal is airde sna scrúduithe teistiméireachta cothrom lena gcumas sa teanga. Tá an aidhm seo le moladh. Leagtar béim faoi leith ar labhairt na Gaeilge a fhorbairt agus cumas ar ghnáthchomhrá a thuiscint agus a dhéanamh a bheith mar aidhm leis na cúrsaí ar fad. Tugtar cuntas achomair sa phlean ar mhodhanna múinte éifeachtacha gan aon treoir faoi leith a lua. B’fhiú tagairt ar leith a dhéanamh anseo don chaoi a ndéanfar cumas labhartha a fhorbairt go praiticiúil de bhreis ar an aidhm sin a lua mar scil inmhianaithe. B’fhiú foghlaim ghníomhach ar nós obair ghrúpa, obair i mbeirteanna, obair féinstiúrtha a mheabhrú don chuid seo den phlean agus idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla ceisteanna is cóir a chur sa cheacht. Ba cheart úsáid an aistriúcháin mar mhodh teagaisc a phlé agus cur chuige aontaithe a chlárú ina leith seo.
Cé go gcláraítear liosta maith de shuímh idirlín don Ghaeilge níl tagairt go sonrach d’úsáid na n-acmhainní seo sa phlean. Ba chóir tagairt a dhéanamh do na féidearthachtaí a bhaineann le TFC a úsáid sa rang agus an úsáid is féidir a bhaint as míreanna dea-roghnaithe de chláir TG4. Gné den obair í seo a mba chóir do na múinteoirí í a roinnt ar a chéile. Moltar go ndéanfadh duine ar leith ábhar a roghnú do bhliain amháin, obair ghaolmhar ar nós ceistneoirí clóscríofa a dhéanamh amach chomh maith agus go ndéanfadh duine eile an obair sin do bhliainghrúpa eile. Tá obair mhór i gceist le hábhar mar seo a roghnú go cuí. Ba cheart fiúntas na hoibre sin a athbhreithniú agus fáil réidh le hábhar a rachadh as dáta agus nach mbeadh spéis ag na scoláirí ann ó bhliain go chéile. Is cóir a mheabhrú sa chomhthéacs seo go bhfuil srianta móra ar na múinteoirí sna cúrsaí seo ón soláthar íseal de ranganna Gaeilge atá ar fáil sa tseachtain, sa tsraith shóisearach go háirithe.
Ba mhaith an rud spriocanna foghlama do na réimsí teanga éagsúla a aithint sa phlean do na leibhéil éagsúla, bliain ar bhliain sa tsraith shóisearach. Tá cuntas maith le léamh sa phlean faoi chúrsa na hArdteistiméireachta i dtaobh spriocann foghlama a bhaineann le scil na cainte. Go hachomair, ba mhaith an treoir do gach duine ach cuntas a bhreacadh ar an inniúlacht teanga a bhfuiltear ag súil leis ó na scoláirí sa chaint, sa scríobh, sa léamhthuiscint agus sa chluastuiscint faoi cheann bliana do gach bliain sa scoil agus do gach leibhéal. Tá treoir chuige seo le léamh sa bhfoilseachán de chuid Chomhairle na hEorpa Punann na dTeangacha Eorpacha atá dílis d’aidhmeanna na siollabas Gaeilge.
Tá a gcuid pleananna féin déanta amach ag na múinteoirí agus tá clár oibre bliana don bhliain reatha leagtha amach acu dá gcuid ranganna féin in aghaidh an téarma. Baineann slacht agus dea-eagar leis na pleananna seo. De bhreis ar ábhar do na ceachtanna a ainmniú ba mhaith an rud tagairt a bhreacadh anseo do na ceithre mórscileanna teanga. Mar rogha eile, d’fhéadfaí na ceannteidil sin a chlárú i mbarr an leathanaigh agus an t-ábhar a bhaineann le forbairt na scileanna sin a chlárú fúthu sa chaoi go mbeidh cuntas leanúnach ar fhorbairt na scileanna sin go comhtháite mar aidhm ag an múinteoir.
Ba chóir cuntas a bhreacadh i bplean na roinne ar fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí. Múinteoir amháin a d’fhreastail ar chúrsa inseirbhíse do mhúineadh na Gaeilge sa chéad bhliain a reáchtáil an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL) i mbliana. Ba chóir cur leis an líon sin. Ba mhaith an rud leis go smaoineodh na múinteoirí sa phleanáil ar na buntáistí a bhainfeadh le breathnú ar chleachtais a chéile sa teagasc ó am go chéile i gcaitheamh na bliana. Baineann ciall leis an moladh seo ó thaobh TFC a fhorbairt sa teagasc go sonrach ach baineann buntáistí móra leis chomh maith maidir le dea-chleachtais a mhalartú agus a leathnú i measc na múinteoirí.
Cé go bhfuil tagairt go sonrach sa phlean do labhairt na Gaeilge a fhorbairt leis na scoláirí b’fhiú an chuid seo den phlean a threisiú agus dul i ngleic le plean a fhorbairt a thabharfaidh aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis na hathruithe móra atá fógartha in Imlitir 0042/2007 faoi riar na marcanna do labhairt na teanga sna scrúduithe teistiméireachta a ardú go dtí daichead faoin gcéad. Ní mór straitéis shoiléir a aontú chuige seo.
Breathnaíodh cúig cinn de ranganna in imeacht na cigireachta – trí cinn sa tsraith shóisearach agus péire sa tsraith shinsearach. Rinne na múinteoirí ullmhúchán maith do na ceachtanna agus bhain féinmhuinín lena gcur i láthair i ngach ceacht díobh. Bhí coibhneas fabhrach sna ranganna sin ar fad idir líon na scoláirí agus an múinteoir. Ar meán ba é an coibhneas a bhí i gceist ná múinteoir amháin in aghaidh seacht nduine dhéag scoláirí. Ag cur neamhláthaireachais san áireamh ba é múinteoir amháin in aghaidh trí dhuine dhéag scoláirí ar meán an líon a bhí i láthair.
Bhain aidhm shoiléir leis na ceachtanna ar fad agus cuireadh an méid sin in iúl i ngach cás. Bhí an cur chuige céanna ag na múinteoirí ar fad maidir le bainistiú na gceachtanna. Glaodh rolla, rinneadh mír chomhrá, breathnaíodh obair bhaile nuair ba chuí sin, cuireadh ábhar an cheachta in iúl, cuireadh ceisteanna ó bhéal, fáiltíodh go mór roimh na scoláirí chun rannpháirtíochta in obair an cheachta, baineadh triail as éagsúlacht sna gníomhaíochta ranga. Bhí dea-inniúlacht sa Ghaeilge ag na múinteoirí agus úsáideadh an sprioctheanga sna ceachtanna ar fad. Baineadh úsáid as an mBéarla i ranganna áirithe ar mhaithe le tuiscint na scoláirí do chúrsaí foclóra a thuiscint. I gcásanna áirithe bhí úsáid an aistriúcháin iomarcach sa tslí is go mba obair aistriúcháin comhuaineach an scil a bhí á cleachtadh. Ba chóir úsáid seo an aistriúcháin a phlé i measc na múinteoirí agus a aontú mar chleachtas leis na ranganna.
Bhí pearsantacht an-mholtach ag na múinteoirí ar fad agus rinne siad a ndícheall leis na scoláirí a mholadh agus a thabhairt isteach in obair an cheachta. Tríd is tríd áfach thit ualach mór na hoibre ar na múinteoirí agus ba iad a rinne an chuid ba mhó den chaint ainneoin gach dícheall le scoláirí a mhisniú níos mó chun dul i ngleic le hábhar an cheachta.
Cleachtadh an chaint sna ceachtanna ar fad sa tsraith shóisearach. Bhain na ceisteanna sin le hábhar simplí ar nós, aois an scoláire, an t-am a mbíonn an lón ag na scoláirí, an t-am a gcríochnaíonn na ranganna, an bealach ar tháinig scoláirí ar scoil, cineál na haimsire a bhí ann an lá sin. Freagraíodh na ceisteanna sin go maith agus fuarthas freagraí ar an bpointe ó na scoláirí. I gcás ceachta amháin díobh chuir an múinteoir leis na ceisteanna sin le geáitsíocht agus mím ar mhaithe leis na scoláirí a spreagadh chun cainte. Bhain beocht níos mó leis na freagraí a fuarthas sa cheacht seo. Sa chás deireanach seo caitheadh suas le leath an cheachta ag cleachtadh cainte ar an gcaoi sin agus d’fhreagair na scoláirí go maith dó. Sna ranganna eile níor caitheadh leis an obair chomhrá ach dhá nóiméad ar meán i dtús an cheachta. Níor pléadh in aon cheann de na ceachtanna le comhrá a dhéanamh faoi ábhar ar bith a bhí i mbéal an phobail ag an am nó faoi ábhar a bhainfeadh le gnáthshaol an déagóra. Bhí na ceisteanna an-dírithe agus teoranta do chineál an ábhair a bhain le garthimpeallacht an scoláire féin. I gcás na ranganna sa tsraith shinsearach níor cuireadh mír chomhrá ar bun faoi ghnáthimeachtaí an lae ach rinneadh an chaint ar ábhar a bhain leis an obair chuí a bhí ar siúl a bhain leis an bprós agus leis an bhfilíocht.
Sa mhéid sin ní raibh an cleachtas ranga ag teacht go hiomlán leis na haidhmeanna a cláraíodh d’fhorbairt an ghnáthchomhrá mar a chláraítear sa phlean don ábhar go sonrach. Moltar obair ar an ngnáthchomhrá, mar atá cláraithe sa phlean don ábhar, a chur níos lárnaí in obair an cheachta. Ar an gcaoi chéanna ba chóir obair bhaile a thabhairt mar thaca leis seo a chuirfidh ar a súile do na scoláirí go bhfuil réamhullmhúchán d’obair ó bhéal mar chuid rialta den obair sa rang. Chabhródh mír ó chlár de chuid TG4 go mór leis an obair seo a chur chun cinn agus tá tagairtí don chéanna le léamh i bplean an ábhair. D’fhéadfaí mír físe ó chlár nuachta nó ó chlár spóirt a thaispeáint agus caint a bhunú air seo – chomh fada is go mbeadh aidhm chinnte oibrithe amach roimh ré faoina mbeadh scoláirí in ann a rá faoina dheireadh. Ba í an chuid den obair chomhrá a breathnaíodh ba mhó a raibh ceangal aige le himeachtaí lá na cigireachta ná cur síos a dhéanamh ar an aimsir mar a bhí lasmuigh. Bhí an méid sin le moladh.
Ba mhaith an rud mír ghairid de thuar na haimsire i nGaeilge a chasadh sa rang go rialta le go rachadh na scoláirí i dtaithí ar an bhfoclóir sin. Ba chuma faoi nach dtuigfeadh na scoláirí an cuntas sin i dtús ama. D’fhéadfaí na heochairfhocail a léiriú de réir a chéile agus an foclóir sin a leathnú le himeacht ama. D’fhéadfaí tar éis píosa, duine de na scoláirí a ainmniú le dul i bpáirt an tráchtaire agus cuntas ar an aimsir a thabhairt as a seasamh. B’fhiú machnamh a dhéanamh chomh maith ar bhuíonteagasc a chleachtadh le chéile ar mhaithe le cúrsaí comhrá agus leathnú stór foclóra a chur chun cinn níos mó. D’fhéadfaí an cur chuige sin a thriail i dtús ama sa tsraith shóisearach. Cé nach bhfuil na ranganna sna blianta céanna ar siúl ag an am céanna faoi láthair tá ranganna áirithe a théann ar aghaidh ag an am céanna a bhféadfaí an bhuíonteagasc a thriail leo ar bhonn rialta. Tá na huimhreacha sna ranganna fabhrach go leor le buíonteagasc a thriail.
Bhí iompar na scoláirí ar fheabhas i ngach ceann de na ceachtanna a breathnaíodh agus ba léir go raibh na scoláirí ag déanamh a ndíchill le páirt ghníomhach a ghlacadh agus freagraí a thabhairt – má ba pháirt theoranta an méid sin féin. Chonacthas cóip de litir, trí sheans, a seoladh abhaile chuig tuismitheoirí scoláirí ranga áirithe roinnt seachtainí roimhe sin mar mholadh ar iarrachtaí na scoláirí leis na béaltrialacha Ardteistiméireachta. Mar chuid den réamhullmhúchán chuige sin tugadh múinteoir ó scoil eile chuig St Finian’s Community College ag an deireadh seachtaine chun béalscrúduithe trialacha a chur ar na scoláirí. Níor gearradh aon táille ar na scoláirí as an gcabhair bhreise seo agus bhí na scoláirí á moladh ag an múinteoir sa litir as freastal a dhéanamh ar an triail agus as gach dícheall a dhéanamh sa scrúdú féin. Léiriú é seo ar an obair mhór a bhí á déanamh ar son na scoláirí le go mbainfeadh siad amach an marc ab airde cothrom lena gcumas sa scrúdú. Tá an scoil le moladh go mór as an tacaíocht seo.
Bhí léiriú le fáil i gceacht sinsearach ar a oscailte agus ar a mhacánta a bhí na scoláirí agus an múinteoir lena chéile. Shuigh na scoláirí i gciorcal leis an múinteoir fad a bhí lucht ardleibhéil sa rang céanna ag gabháil d’obair eile. Athmheabhrú don scrúdú ar scéal próis ón gcúrsa ainmnithe Ardteistiméireachta a bhí ar siúl. Ar mhaithe le ham a shábháil d’iarr an múinteoir ar na scoláirí a rá go neamhbhalbh cé acu an raibh nó nach raibh tuiscint sásúil acu ar an scéal le ceisteanna de chaighdeán na scrúdpháipéar Ardteistiméireachta a fhreagairt. Tugadh freagra go leithscéalach nach raibh. D’fhéach an múinteoir le nótaí breise mínithe a chur ar fáil mar aon le freagraí samplacha. Ba rang é seo a tháinig, gan choinne, faoi chúram an mhúinteora áirithe seo sa dara bliain dá gcúrsa Ardteistiméireachta. Bhí iontaoibh ag na scoláirí as an múinteoir le cabhair a iarraidh ar bhealach a bhí cúirtéiseach agus bhí an múinteoir réidh le freastal ar riachtanais na linne le dáileán dá cuid féin a rinne cur síos ar charachtair agus ar théamaí an scéil agus a bhí in oiriúint do chumas na scoláirí seo a bhí lag. Bhí an ceacht seo le moladh chomh maith as an gcaoi a raibh an múinteoir tar éis gach dícheall a dhéanamh le freastal ar riachtanais lucht ardleibhéil agus gnáthleibhéil sa rang céanna. Ba chóir áfach gan géilleadh do ró-úsáid an Bhéarla fiú nuair atáthar faoi bhrú ag cúrsaí ama.
Bhí an cur chuige cuiditheach céanna le tabhairt faoi deara sna ceachtanna i gcoitinne. I rang sinsearach eile míníodh an dán Jack le Máire Mhac an tSaoi le nótaí a d’ullmhaigh an múinteoir a rinne cíoradh ar gach gné den dán. Scaipeadh freagra samplach le cur leis an obair seo. Rinne an múinteoir iarracht ar ball bogadh i leataobh ó na nótaí sin agus tuairimí na scoláirí féin a chloisteáil. Bhí toradh an-teoranta ar na hiarrachtaí sin. I ranganna eile thóg na múinteoirí orthu féin gach cabhair ab fhéidir leo a thabhairt do na scoláirí le tasc an cheachta a bhaint amach. Bhí cuntas gearr le breacadh ar chárta poist in dhá cheann de na ceachtanna. B’iad na múinteoirí a thug an treoir ar fad agus a chabhraigh ansin leis na scoláirí chun an cuntas sin a chur le chéile.
Ní raibh locht le fáil ar an gcur chuige in aon cheann de na ceachtanna seachas go raibh an iomarca den obair á glacadh ar láimh ag na múinteoirí féin. Ba léiriú an méid sin ar dhíograis na múinteoirí i leith na scoláirí agus léirigh na ranganna ar fad a breathnaíodh go raibh meas ag scoláirí agus ag múinteoirí ar a chéile. Tréaslaítear an t-atmaisféar seo, mar a tugadh faoi deara le linn na cigireachta, leis an scoil go háirithe in ábhar mar a raibh cumas teoranta go leor á léiriú ag na scoláirí. Bhí cumas na scoláirí sa teanga i gcoitinne teoranta agus bhíothas ag brath go mór ar an múinteoir sna ceachtanna leis an obair a chur i gcrích. D’fhéach na múinteoirí go coinsiasach leis na scoláirí a ullmhú ar gach bealach do riachtanais na scrúdpháipéar teistiméireachta. Bhí an cúiteamh a bhí le fáil ag na múinteoirí as a gcuid saothar ar fad teoranta go leor agus bhí an méid sin ag brath ar chumas na scoláirí le bheith réidh do chineál na gceisteanna a bheadh le freagairt ar an scrúdpháipéar. Bhí an dúshlán sin á thabhairt go maith ag scoláirí agus ag múinteoirí araon.
Tá taifead maith ag na múinteoirí ar fad ar ghnóthachtálacha a gcuid ranganna san ábhar. Coimeádtar cuntas ar na trialacha ar fad a thugtar – trialacha ranga agus trialacha tí. Tionóltar scrúduithe tí faoi Nollaig agus sa samhradh agus réamhscrúduithe san earrach i gcás ranganna na scrúduithe teistiméireachta. Tosaítear leis na torthaí a chlárú don ‘scrúdú iontrála’ do lucht na chéad bhliana nua sa Ghaeilge. Moltar ‘triail mheasúnaithe’ a thabhairt ar an triail seo de rogha ar an téarma atá in úsáid faoi láthair mar nach bhfuil baint ar bith ag an scrúdú Gaeilge seo le háit a fháil sa scoil cé go dtugtar a mhalairt le fios. Scrúdú scríofa amháin atá i gceist. Ba cheart labhairt na Gaeilge a chur san áireamh sa mheasúnú a dhéantar ar inniúlacht Ghaeilge scoláirí nua na chéad bhliana agus ba mhaith an rud torthaí na dtrialacha seo a chur ar fáil do na bunscoileanna friothálacha.
Déantar measúnú ar labhairt na Gaeilge mar ghnáthchleachtas le lucht na hArdteistiméireachta. Moladh cheana an obair mhór atá á déanamh leis an measúnú sin a dhéanamh. Ní mór aird a thabhairt láithreach ar impleachtaí Imlitir 0042/2007 agus a chinntiú go mbeidh aitheantas ar labhairt na Gaeilge le léamh sna torthaí a thugtar ar na trialacha tí san ábhar ag na leibhéil ar fad. Moltar machnamh a dhéanamh ar iarrthóirí a chur isteach ar an mbéalscrúdú roghnach Gaeilge i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Beidh daichead faoin gcéad de mhóriomlán na marcanna sa scrúdú sin le gnóthú ar chumas labhartha ón mbliain 2010 amach. Ullmhúchán maith a bheadh anseo don athrú céanna ar riar na marcanna a thiocfaidh i gceist i scrúdú na hArdteistiméireachta ón mbliain 2012 amach. Beidh an bhéaltriail sin ina cuid riachtanach den scrúdú seachas ina cuid roghnach.
Bhí obair chuimsitheach le léamh sa chuid ba mhó de na cóipleabhair a breathnaíodh. Tugadh suntas ar leith do shraith amháin de chóipleabhair ina raibh an-aitheantas le léamh ón múinteoir ar obair na scoláirí agus ina raibh nótaí molta breactha mar ghríosadh do na scoláirí san obair. Ba mhaith an rud cleachtas comónta a bheith i bhfeidhm maidir le síniú múinteora, dáta, tuairim ar cháilíocht na hoibre nó marc amh, nó an dá ní a chur sna cóipleabhair. D’fhéadfaí riar áirithe de na marcanna sna scrúduithe tí a chur i leataobh don obair a dhéanann na scoláirí sna cóipleabhair, go háirithe le ranganna sóisearacha.
Moltar mír ar leith faoi chúrsaí measúnaithe agus gnóthachtála a chlárú sa leabhrán Plean Gaeilge: Coláiste Fhíonáin. Tá an t-eolas seo ar fad ar fáil ach ba mhaith an rud é a bheith ar fáil go saoráideach do bhaill uile roinn na Gaeilge agus don bhainistíocht. Cuireadh sonraí cuimsitheacha ar fáil a bhain le líon na scoláirí a bhí ag tabhairt faoi na leibhéil éagsúla san ábhar sna scrúduithe teistiméireachta le blianta beaga anuas. Léiríonn na staitisticí sin go bhfuil treocht ar leith curtha ar bun atá ina dhúshlán mór do na múinteoirí é a chur siar. Dhéanfadh sé leas mór don ábhar ach líon réasúnta scoláirí a mhealladh chun an ardleibhéil agus srian a chur le líon na scoláirí atá ag tabhairt faoin mbonnleibhéal. Baineann tábhacht ar leith leis na treochtaí seo a chur siar a luaithe agus is féidir sa tsraith shóisearach. Is féidir go gcabhródh na moltaí a dhéantar níos luaithe sa tuairisc seo maidir le sruth lán-Ghaeilge nó tionscnamh CLIL a chur ar bun chun beart a dhéanamh sna cúrsaí seo.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Tá iarrachtaí maithe ar siúl ag an scoil leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá dréachtpholasaí foilsithe dar teideal ‘Irish language and culture procedure’ ar mhaithe le heolas agus meas ar an teanga agus ar an gcultúr Gaelach a scaipeadh i measc na scoláirí agus dearcadh dearfach i gcoitinne a chur chun cinn.
· Tá meascán an-mhaith ar an bhfoireann idir mhúinteoirí Gaeilge a bhfuil taithí acu le blianta fada ar an ábhar a theagasc agus mhúinteoirí nuacheaptha a thugann scileanna nua leo chun an phoist, lena n-áirítear scileanna TFC.
· Ta seomraí ranga faoina gcúram féin ag triúr den chúigear múinteoirí. Buntáiste é seo le haghaidh timpeallacht foghlama spreagthach a chur ar fáil do na scoláirí agus le fáil a bheith go saoráideach ar acmhainní.
· Tá dul chun cinn maith déanta le cúrsaí pleanála agus is léir go bhfuil spiorad an-mhaith comhoibrithe i measc na múinteoirí. Leagtar béim faoi leith ar labhairt na Gaeilge a fhorbairt agus cumas ar ghnáthchomhrá a thuiscint agus a dhéanamh a bheith mar aidhm leis na cúrsaí ar fad.
· Bhain aidhm shoiléir leis na ceachtanna ar fad a breathnaíodh agus bhí an cur chuige céanna ag na múinteoirí maidir le bainistiú na gceachtanna.
· Bhí pearsantacht an-mholtach ag na múinteoirí ar fad agus rinne said a ndícheall leis na scoláirí a mholadh agus a thabhairt isteach in obair an cheachta. Bhí iompar na scoláirí ar fheabhas.
· Dea-léiriú is ea na socruithe a rinneadh do réamhscrúduithe béil Ardteistiméireachta den tiomantas a léiríonn na múinteoirí i leith na scoláirí ar mhaithe leis an marc is airde a bhaint amach sna scrúduithe teistiméireachta.
· D’fhéach na múinteoirí go coinsiasach leis na scoláirí a ullmhú ar gach bealach do riachtanais na scrúdpháipéar teistiméireachta.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le sruth lán-Ghaeilge a chur ar bun i St. Finian’s Community College nó machnamh a dhéanamh ar thionscnamh CLIL (Content & Language Integrated Learning) ar mhaithe dul chun cinn suntasach sa teanga a chur mar aidhm le buíon aitheanta scoláirí.
· Athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na ciorruithe suntasacha atá curtha i bhfeidhm ar dháileadh an ábhair ar an tráthchlár ó thús 2007/08 ar theagasc agus ar fhoghlaim an ábhair agus iarratas a dhéanamh, in am tráth, ar bhreis ama más gá sin.
· Plean chun úsáid TFC sa Ghaeilge a dhearadh agus é a chur faoi bhráid an phríomhoide go luath mar thacaíocht le hiarratas ar ríomhaire glúine, teilgeoir sonraí agus ceangal idirlín a chur ar fáil i gceann de na seomraí ranga atá ann cheana féin don Ghaeilge.
· An méid a luaitear sa tuairisc faoi mhodhanna múinte gníomhacha a chur san áireamh agus tagairt a dhéanamh san obair phleanála don chaoi a ndéanfar cumas labhartha a fhorbairt go praiticiúil. Obair ar an ngnáthchomhrá, mar atá cláraithe sa phlean don ábhar, a chur níos lárnaí in obair an cheachta.
· Go smaoineodh na múinteoirí sa phleanáil ar na buntáistí a bhainfeadh le breathnú ar chleachtais a chéile sa teagasc ó am go chéile i gcaitheamh na bliana agus machnamh a dhéanamh ar bhuíonteagasc a chleachtadh le chéile.
· A chinntiú go mbeidh aitheantas ar labhairt na Gaeilge le léamh sna torthaí a thugtar ar na trialacha tí san ábhar ag na leibhéil ar fad. Moltar machnamh a dhéanamh ar iarrthóirí a chur isteach ar an mbéalscrúdú roghnach Gaeilge i scrúdú an Teastais Shóisearaigh.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh an meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.
Foilsíodh: Eanáir 2009