An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Department of Education and Science

 

Meastóireacht Scoile Uile

TUAIRISC

 

Scoil Náisiúnta Ultain Naofa

Baile Ghibb, Contae Na Mí

Uimhir rolla: 17203I

 

Dáta na cigireachta: 08 Deireadh Fomhair 2008

 

 

 

 

Meastoireacht scoile uile

Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

Cáilíocht na pleanála sa scoil

Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

 

 

 

MEASTOIREACHT SCOILE UILE

 

Rinneadh meastóireacht scoile uile ar Scoil Naisiúnta Ultain Naofa i mí Dheireadh Fómhair 2008. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Dhírigh an mheastóireacht ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Bhéarla, sa Ghaeilge, sa Mhatamaitic agus sa Stair. Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

 

 

1.     Réamhrá – comhthéacs agus cúlra na scoile

 

Tá an scoil seo faoi phátrúnacht Easpag Chaitliceach na Mí agus tá sí suite i gceantar Gaeltachta. Is í an Ghaeilge príomhtheanga teagaisc agus cumarsáide na scoile. Freastalaíonn buachaillí agus cailíní ó rang na naíonán go dtí rang a sé ar an scoil. Bunaíodh an scoil i 1941 agus tá ceathrar oidí príomhshrutha sa scoil faoi láthair.

 

Léiríonn an tábla thíos eolas ginearálta ar fhoireann na scoile agus ar na daltaí a bhí cláraithe sa scoil nuair a bhí an mheastóireacht ar siúl

 

 

Líon

Daltaí ar rolla na scoile

97

Ranganna príomhshrutha sa scoil

4

Múinteoirí ar fhoireann na scoile (beirt ag roinnt poist)

6

Múinteoirí ranga príomhshrutha

4

Múinteoir ag obair i bpoist tacaíochta

1

Cúntóir Teanga

1

 

 

1.     Cáilíocht na bainistíochta sa scoil

 

1.1 Sainspiorad misean nó fís na scoile

Is í aidhm na scoile ná go n-oibreodh an fhoireann, na tuismitheoirí agus an pobal le chéile chun timpeallacht shona shábháilte fhoghlamtha a chruthú do na daltaí. Tá caidreamh taitneamhach idir bhaill de phobal na scoile le sonrú le linn idirghníomhaíochtaí laethúla. Déanann pobal na scoile an-iarracht a chinntiú go bhfreastalaíonn na daltaí ar scoil go rialta.

 

1.2 An bord bainistíochta

Ceapadh an bord bainistíochta de réir nósanna imeachta na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Tionóltar cruinnithe rialta den bhord in aghaidh an téarma. Coimeádtar miontuairiscí agus tá rólanna éagsúla roinnte idir chomhaltaí an bhoird: cisteoir, rúnaí agus oifigeach sláinte agus sábháilteacha. Déanann an bord an-chúram den fhoirgneamh agus coinnítear an scoil agus timpeallacht na scoile glan agus slachtmhar. Ceapadh fo-choistí den bhord chun scagadh a dhéanamh ar pholasaí um chosaint agus chaomhnú páistí agus ar pholasaí frithbhulaíochta.

 

1.3 Bainistíocht inscoile

Is ceannaire éifeachtach é príomhoide na scoile. Leagann sé an-bhéim ar atmaisféar cairdiúil agus dearfach a chruthú sa scoil. Léiríonn sé tuiscint an-mhaith ar rialacháin agus ar threoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus treoiríonn sé forbairt an phlean scoile go cumasach. Riartar gnóthaí laethúla na scoile go éifeachtúil. Tá cúramaí cinnte curtha ar an mbeirt oidí le poist fhreagrachta agus comhlíonann siad na dualgais go hoiriúnach. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar chúramaí na bpost seo, níor mhiste aird a thabhairt ar Chiorcalán 17/00 (Ceapúcháin chuig Poist Fhreagrachta) agus áit lárnach a thabhairt do chúramaí a bhaineann le gnéithe ar leith den churaclam a chómhórdú. Moltar plean gnímh a fhorbairt lena chinntiú go ndírítear na cúramaí seo ar riachtanais na scoile ó thaobh teagaisc agus foghlama de, agus go mbaintear an leas is éifeachtaí as comhlíonadh na gcúramaí.

 

1.4 Bainistíocht an chaidrimh agus na cumarsáide le pobal na scoile

Thuairisc ionadaithe de chumann na dtuismitheoirí go mbíonn na tuismitheoirí gníomhach i saol na scoile agus go bhfuil dea-chaidreamh agus dea-chumarsáid idir an bord, cumann na dtuistí, an príomhoide agus na múinteoirí. Cothaítear é seo trí chruinnithe éagsúla foirmiúla agus neamh fhoirmiúla a reachtáil le linn na bliana, agus trí ranganna Gaeilge agus ríomhairí a chur ar fáil do thuismitheoirí lasmuigh d’am scoile. Is inmholta an cúrsa oiliúna a dhéantar le roinnt tuismitheoirí na naíonán chun cuidiú leo tacaíocht a thabhairt dá bpáiste san litearthacht. Tugann na tuismitheoirí tacaíocht don scoil trí airgead a bhailiú, scéim leabhar ar chíos a eagrú, ócáidí sóisialta a reachtáil agus trí chainteoirí a thabhairt isteach chun labhairt leis na tuismitheoirí.

 

1.5 Bainistíocht daltaí

Baineann ciall agus praiticiúlacht le rialacha na scoile agus cuirtear i bhfeidhm iad go héifeachtúil. Tá comhghaol dearfach le sonrú idir na múinteoiri agus na daltaí agus éiríonn leis an fhoireann atmaisféar shuaimhneach fhoghlama a chothú sa scoil. Léiríonn na daltaí meas ar a chéile, ar oidí, ar chuairteoirí agus ar thimpeallacht na scoile.

 

Tá cód iompair agus frith-bhulaíochta na scoile leagtha amach go soiléir. Bheadh sé tábachtach, de réir Mír 23 (2) den Acht Oideachas (Leas) 2000, treoir scríofa maidir le cur ar fionraí agus ruaigeadh a chlárú sa chód iompar.  Chun cúidiú leis an obair seo, b’fhiú tagairt a dhéanamh do na treoirlínte ar fhorbairt cód iompraíochta scoileanna a d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais i 2007.

 

 

2.     Cáilíocht na pleanála sa scoil

 

2.1  Próiseas pleanála sa scoil agus a chur i ngníomh

Tá forbairt mhaith déanta ar an bplean scoile. Tá sé roinnte i dtrí codanna: gnáth riarachán na scoile, polasaithe atá ag freagairt do reachtaíocht chuí agus treoirlínte agus pleananna curaclaim. Tuairiscítear gur dréachtadh roinnt polasaithe eagrúcháin, ar nós cosaint agus caomhnú páistí agus frithbhulaíocht i ngrúpaí oibre ar a raibh baill de na páirtnéirí go léir. Dhréachtaigh baill den fhoireann teagaisc, ag obair i gcompháirt lena chéile, na polasaithe eagrúcháin eile agus na pleananna curaclaim. Tá na polasaithe curtha faoi bhráid an bhoird bhainistíochta. Ar mhaithe leis an bhféinmheastóireacht a chur chun cinn, comhairlítear spriocdátaí athbhreithnithe a chur isteach i ngach polasaí. Tá leabhrán ullmhaithe ag an scoil ina gcuirtear achomair ar roinnt do na polasaithe ar fáil do thuismitheoirí. Cé go bhfuil teagasc an cheoil, úsáid ríomhairí agus beartas i leith teagmhas géibheannach ar na tosaíochtaí le haghaidh forbartha atá aitheanta ag an scoil is gá plean gnímh a leagadh amach chun tacú le cur i bhfeidhm na bpolasaí.

 

Tá ábhar an phlean scoile leagtha amach go soiléir. Tríd is tríd, díritear ar riachtanais na scoile uile sna polasaithe agus i gcuid acu tugtar treoir chinnte do mhúinteoirí a chuidíonn leo a chinntiú go bhfuil céimniú sa bhfoghlaim ó rang go rang. Soiléirítear cur chuige uile scoile maidir le hobair bhaile agus le múineadh na peannaireachta ag na rangleibhéil éagsúla. B’fhiú treoracha níos cinnte a thabhairt faoin na modheolaíochtaí a chleachtar chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag gach ball den fhoireann ar fhorbairt agus ar shaibhriú na foghlama ó rang go rang.

 

Cuireadh deimhniú ar fáil, faoi réir Imlitir Bunscoile 0061/2006 ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil glactha go foirmiúil ag an mbord bainistíochta leis na Treoirlínte do Bhunscoileanna um Chaomhnú Daltaí (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2001). Cuireadh deimhniú ar fáíl freisin gur díríodh aire na bainistíochta, na foirne scoile agus na dtuismitheorí ar na nósanna imeachta seo um chaomhnú daltaí; gur soláthraíodh cóip de na nósanna imeachta do bhaill uile na foirne (na baill nua uile san áireamh); agus go bhfuil deimhin déanta de ag an mbainistíocht go dtuigeann an fhoireann ar fad na nósanna imeachta atá le leanúint. Tá duine ainmnithe idirchaidrimh agus ionadaí idirchaidrimh ceaptha de réir mar a éilíonn na treoirlínte.

 

2.2 Pleanáil don seomra ranga

Cuireann gach oide pleanáil oiriúnach ar fáil i scríbhinn, idir scéimeanna gearrthréimhseacha agus scéimeanna fadtréimhseacha. Sa phleanáil seo, léirítear ábhar na gceachtanna atá le múineadh. B’fhiú níos mó béime a chur ar na modhanna múinte a shoiléiriú agus ar straitéisí leis an gclár foghlama a chur in oiriúint do chumais éagsúla na ndaltaí. Baintear úsáid as teimpléad uilescoile chun ábhar an teagaisc a chlárú sna cuntais mhíosúla. Cé go gcabhraíonn sé seo le leanúnachas a chothú san ábhar atá le múineadh, chun tacú le leanúnachas i bhfoghlaim na ndaltaí b’fhiú níos mó béime a chur sa chlárú ar na scileanna a forbraíodh agus na gníomhaíochtaí foghlama in ar ghlac daltaí páirt.

 

 

3.     Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc

 

3.1 Teanga

 

An Ghaeilge

Tá caighdeán na Gaeilge go maith tríd an scoil. Usáidtear Gaeilge líofa, nadúrtha go leanúnach mar ghnáth theanga chumarsáide agus mar theanga an teagaisc i ngach seomra ranga agus cothaítear atmaisféar spreagthach le linn na foghlama. Léiríonn na daltaí tuiscint mhaith ar an teanga. Cuirtear béim ar Ghaeilge chruinn a chloisint. Baintear úsáid éifeachtach as dlúthdhioscaí chun ceachtanna éisteachta a mhúineadh. Tá struchtúr agus luas breá ag baint leis na ceachtanna seo agus baineann na daltaí taitneamh astu. Chun teagasc na ndaltaí a dhaingniú, comhairlítear níos mó béime a chur ar úsáid na teanga ag deireadh an cheachta. Tá rainn agus dánta ar eolas de ghlanmheabhair ag na daltaí, rud a chuidíonn le saibhreas teanga a fhorbairt agus taithí a fháil ar rithim na teanga labhartha.

 

I ranganna na naíonán, tugtar deis do na daltaí a bheith páirteach i saorshúgradh chun a gcumas labhartha a fhorbairt. Bíonn na daltaí ag caint go saoráideach agus téann an t-oide timpeall chun a gcaint a mhealladh. Moltar struchtúr níos cinnte a chur ar na gníomhaíochtaí seo chun teanga na ndaltaí a leathnú trí cheisteanna dúshlánacha a chur. Tríd an scoil leagtar béim ar fhoclóir na ndaltaí a leathnú. Déantar é seo le linn ceachtanna Gaeilge discréideacha agus go teagmhasach le linn ceachtanna i ngnéithe eile den churaclam. Chun forbairt a dhéanamh ar úsáid an fhoclóra seo moltar níos mó béime a leagan ar chaint leanúnach a mhealladh ó na daltaí chun go gcuirfear ar a gcumas a dtuairimí a chur in iúl go líofa trí mheán na teanga. Chuige seo moltar níos mó úsáide a bhaint as ceisteanna oscailte agus as an teanga a úsáid í suímh chruthaitheacha, dúshlánacha. Is dea-chleachtas é an tslí ina dtugann na hoidí an-aire do phointí gramadaí a phlé agus a mhúineadh go teagmhasach mar a éiríonn siad, agus déantar cúram ar leith de thuiscint na ndaltaí ar fhuaimeanna na teanga a fhorbairt.

 

San tréimhse réamh-léitheoireachta i ranganna na naíonán, cuirtear béim oiriúnach ar éisteacht le scéalta, breathnú ar leabhair agus an t-ábhar a phlé. B’fhiú níos mó béime a chur ar phrionta sa timpeallacht chun tacú le forbairt na luathlitearthachta. Sna ranganna eile, bunaítear an léitheoireacht ar scéimeanna éagsúla. Léann na daltaí go líofa le cruinneas maith foghraíochta agus le tuiscint chreidiúnach de réir a gcumais. Chun na scileanna seo a fhorbairt, comhairlítear úsáid a bhaint as raon téacs níos leithne agus as fíor leabhair agus úrscéalta.

 

Tascanna feidhmiúla is mó a chleachtar le linn na ngníomhaíochtaí scríbhneoireachta. Moltar deiseanna a thabhairt do dhaltaí scríbhneoireacht phearsanta a chleachtadh go rialta. Níor mhiste áit lárnach a thabhairt do phróiséas na scríbhneoireachta sa chlár teagaisc agus aitheantas a thabhairt do na cuspóirí foghlama atá rianaithe i gCuraclam na Bunscoile: Gaeilge (1999) do scoileanna inar í an Ghaeilge an gnáth theanga scoile.

 

English

The standard of teaching and learning in English is good throughout the school. The practice of placing a particular emphasis on the development of pupils’ vocabulary through specific oral language lessons is effective. To enrich this practice, it is recommended that a greater focus be placed on encouraging comprehensive responses from pupils through posing more open questions and the frequent use of pair-work and group-work.

 

The standard of reading is good. An appropriate emphasis is placed on the development of pupils’ phonological skills in the junior classes and the pupils demonstrate a good understanding of letter sounds. To provide pupils with further challenge in their learning, it is suggested that a greater emphasis be placed on discussing words and putting them in sentences. There is a well-stocked library in every classroom and pupils are encouraged to read from a wide range of books available. A structured reading scheme is used to teach reading skills on a whole-class basis and an individualised programme is used to address varying ability levels among pupils. In the senior classes, novels are used to extend reading skills. It is clear that the pupils enjoy the experience of reading novels on a collaborative basis. In these classes, it is suggested that the lesson be structured to place a greater emphasis on the discussion of the story in order to promote the development of pupils’ higher-order thinking skills. Poetry is well taught. Pupils are questioned very skilfully in the exploration of poetry themes.

 

The teaching of handwriting is systematic and the majority of pupils have achieved a good standard. Functional writing activities completed by pupils are of a good standard. To support the development of independent writing skills, pupils should be encouraged to develop personal dictionaries. While the standard of independent writing is generally satisfactory, a greater emphasis should be placed on the systematic development of the writing process and the pupils’ capacity to demonstrate style in their writing.

 

3.2 Matamaitic

Tá caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Mhatamaitic go maith tríd an scoil. Cleachtar obair ó bhéal go rialta agus cuirtear na ceisteanna in oiriúint do chumais éagsúla na ndaltaí. Freagraíonn na daltaí ceisteanna go hábalta agus léiríonn siad tuiscint mhaith ar bhun-choincheapa agus ar fhírící na matamaitice. Cuirtear béim éifeachtach ar fhoclóir matamaiticiúil na ndaltaí a fhorbairt agus is deachleachtas é go bhfuil an fhoghlaim ceangailte le tuiscint na gcoincheap. Tá téarmaíocht na matamaitice curtha ar thaispeáint i ngach seomra ranga.

 

Tá struchtúr soiléir ag baint le coincheapa a mhíniú i ngach seomra ranga. Is inmholta an cleachtas sna hardranganna cuspóirí an cheachta a leagan amach do na daltaí ag tús an cheachta. Baintear úsáid as acmhainní súl agus ábhair choincréiteacha chun tuiscint na ndaltaí ar choincheapa na matamaitice a dhaingniú. Baintear úsáid freisin as obair i mbeirteanna chun seans a thabhairt do na daltaí labhairt faoi na coincheapa agus a dtuiscint a fhorbairt. Ceartaítear obair scríofa na ndaltaí go rialta ach comhairlítear monatóireacht a dhéanamh ar néatacht na hoibre scríofa seo.

 

Rangtheagasc is mó a úsáidtear le linn na gceachtanna matamaitice. Chun freastal níos iomláine a dhéanamh ar raon cumais na ndaltaí, moltar breis béime a chur ar obair i ngrúpaí agus luas na gceachtanna a chur in oiriúint de na cumais éagsúla sa rang. Is inmholta mar a oibríonn an t-oide tacaíochta le roinnt daltaí istigh sa seomra ranga chun cabhair bhreise a thabhairt dóibh.

 

3.3 Stair

Tá caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Stair go maith tríd an scoil. Cuireann na múinteoirí ceachtanna i láthair go spreagúil. Baintear úsáid éifeachtach as sean úirlisí, griangraif agus crainn chlainne chun suim na ndaltaí a mhuscailt agus coincheapa a mhúineadh. Déantar an-obair ar scéalaíocht na hÉireann a theagasc i roinnt ranganna. Cuirtear béim oiriúnach ar stair phearsanta agus ar stair áitiúil. Breathnaíodh ceachtanna bunaithe ar ábhar suimiúil agus léirigh na daltaí tuiscint mhaith ar an méid atá foghlamtha acu. Chun an fhoghlaim a shaibhriú b’fhiú úsáid a bhaint as an timpeallacht stairiúil áitiúil mar thúspointe d’fhorbairt na scileanna stairiúla. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí ó am go ham agus baineann siad taitneamh as an gcleachtas seo. B’fhiú áfach scileanna comhoibrithe na ndaltaí a fhorbairt trí rólanna a thabhairt dóibh agus struchtúr níos cinnte a chur ar eagar na hoibre. Bhainfeadh na daltaí tairbhe breise as scríbhneoireacht neamhspleách a dhéanamh in ionad téacs a scríobh díreach ón gclárdubh.

 

3.4 Measúnú

Is iad na príomh áiseanna measúnaithe a úsáidtear ná breathnóireacht an oide, liostaí seiceála obair bhaile, scrúduithe litrithe agus táblaí, samplaí oibre sna cóipleabhair, rubric measúnaithe, trialacha caighdeánacha sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic agus trialacha diagnóiseacha. Seoltar tuairisc scíofa ar gach dalta chuig na tuismitheoirí ag deireadh na scoilbhliana. Tá struchtúr agus eagar ag baint le cur i bhfeidhm plean measúnaithe na scoile. Leagtar béim oiriúnach ar straitéisí luath-idirghabhála chun deacrachtaí foghlama dhaltaí a mhaolú. Moltar do na múinteoirí príomhshrutha níos mó úsáide a bhaint as torthaí an mheasúnaithe chun an fhoghlaim agus an mhúinteoireacht a chur in oiriúnt do na cumais éagsúla sna ranganna agus chun éifeacht an teagaisc agus na foghlama a mheas.

 

 

4. Cáilíocht na tacaíochta do dhaltaí

 

4.1 Daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Baineann dea-eagar leis an tacaíocht bhreise a chuirtear ar fáil do dhaltaí le riachtanais speisialta fhoghlama. Baintear úsáid éifeachtach as na trialacha caighdeánacha agus na trialacha diagnóiseacha chun riachtanais na ndaltaí a aithint go cruinn. Tá prófílí agus cláracha foghlama aonair (PCFA) leagtha amach go soiléir le spriocanna foghlama oiriúnacha. Tugtar an tacaíocht bhreise do dhaltaí i ngrúpaí beaga, ina n-aonar nó sa seomra ranga, de réir riachtanais fhoghlama na ndaltaí. Baintear dea-úsáid as cluichí teanga agus bogábhar ríomhaireachta chun na daltaí a spreagadh san foghlama. Cé go bhfuil caidreamh éifeachtach neamhfhoirmiúil idir an múinteoir tacaíochta agus na múinteoirí príomhshrutha maidir le dul chun cinn na daltaí seo agus cé go bhfuil na PCFA forbartha go comhoibritheach, is gá go mbeadh eolas sainiúil, ar bhonn seachtainiúil, ag gach múinteoir príomhshrutha maidir le cuspóirí foghlama an chláir tacaíochta agus go mbeidh cláracha oibre an oide tacaíochta agus cláracha oibre na noidí ranga ag teacht le chéile.

 

 

 

4.2 Tacaíochtaí eile do dhaltaí: iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó ghrúpaí mionlaigh nó grúpaí eile

Cé nach bhfuil maoiniú discréideach ar fáil le tacú le grúpa daltaí ar leith, tugann an scoil tacaíocht nuair is gá do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste. Déanann an scoil an-iarracht freastal ar riachtanais teanga dalta amháin nach bhfuil Gaeilge ná Béarla mar theanga dhúchais aige.

 

 

5.  Achoimre ar thorthaí agus ar mholtaí d’fhorbairt bhreise

 

Is iad seo a leanas na láidreachtaí a aithníodh sa mheastóireacht:

 

·         Comhoibríonn an bord bainistíochta, na múinteoirí agus na tuismitheoirí go héifeachtúil lena chéile agus tá caidreamh taitneamhach le sonrú i measc pobal na scoile.

 

·         Tá comhghaol dearfach le sonrú idir na múinteoiri agus na daltaí agus tá atmaisféar suaimhneach foghlama le sonrú sa scoil.

 

·         Usáidtear Gaeilge líofa nadúrtha go leanúnach mar ghnáth-theanga chumarsáide agus mar theanga an teagaisc i ngach seomra ranga agus léiríonn na daltaí tuiscint mhaith ar an teanga.

 

·         Léiríonn na daltaí tuiscint mhaith ar bhun-choincheapa agus ar fhírící na matamaitice agus cuirtear béim éifeachtach ar fhoclóir matamaiticiúil na ndaltaí a fhorbairt.

 

Mar bhealach le togáil ar na láidreachtaí seo agus chun dul i gceann réimsí le haghaidh forbartha, tá na moltaí seo a leanas á ndéanamh:

 

·         Sa phlean scoile, is gá treoracha níos cinnte a thabhairt faoi na modheolaíochtaí atá le cleachtadh chun a chinntiú go saibhraítear foghlaim na ndaltaí ó rang go rang. Is gá freisin plean gnímh a leagadh amach chun tacú le cur i bhfeidhm na bpolasaithe atá forbartha sa phlean scoile.

 

·         Sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, is gá níos mó béime a chur ar an bpróiséas scríbhneoireachta agus an saorscríbhneoireacht a fhorbairt go sistéamach tríd an scoil.

 

·         Is gá níos mó úsáide a bhaint as torthaí an mheasúnaithe chun an fhoghlaim agus an teagasc a chur in oiriúint do na cumais éagsúla atá ag daltaí sna ranganna agus chun éifeacht an teagaisc agus na foghlama a mheas.

 

·         Leis an tairbhe is éifeachtúla a bhaint as an tseirbhís tacaíochta foghlama, is gá go mbeadh eolas sainiúil, ar bhonn seachtainiúil, ag gach oide ranga ar chuspóirí foghlama an chláir tacaíochta agus go mbeadh níos mó comhchoibhneas idir chláracha an oide tacaíochta agus cláracha na múinteoirí príomhshrutha.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta mar a ndearnadh na dréacht-thorthaí agus moltaí na meastóireachta a chur i láthair agus a phlé.

 

 

 

 

Foilsithe Márta 2009