An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Meastóireacht Scoile Uile
TUAIRISC
Laurel Hill Coláiste FCJ,
Cnoc na Labhras,
Luimneach.
Uimhir rolla: 64270P
Dáta na cigireachta: 24-28 Meán Fómhair 2007
Cáilíocht na bainistíochta sa scoil
Cáilíocht na pleanála sa scoil
Cáilíocht an tsoláthair don churaclam
Cáilíocht na foghlama agus an teagaisc in ábhair
Cáilíocht na tacaíochta do mhic léinn
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairiscí Ábharthacha ar Chigireachtaí Ábhar
Freagra na Scoile ar an Tuairisc
Rinneadh meastóireacht scoile uile ar Laurel Hill Coláiste FCJ i mí Mean Fómhair 2007. Léiríonn an tuairisc seo torthaí na meastóireachta agus déanann sí moltaí i leith tuilleadh forbartha ar obair na scoile. Le linn na meastóireachta déanadh mionscrúdú ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama i gceithre ábhar, agus tá fáil ar thuairiscí ar leith ar na hábhair seo. (Féach na mionsonraí i rannóg 7). Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile ar a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na tuairisce i scríbhinn, agus beidh freagra an bhoird ar fáil san aguisín atá leis an tuairisc seo.
I 1844 tháinig bunaitheoir Siúracha FCJ, Marie Madeline Victoire de Bonnault d'Houet, go Luimneach ó Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe, agus sa bhliain dar gcionn, 1845, bhunaigh sí scoil lae agus scoil chónaithe do chailíní i gCnoc na Labhras.
Bunaíodh Laurel Hill Coláiste FCJ mar scoil chónaithe 'A' do chailíní ar láthair na chéad scoile i 1935, tráth nuair a bhí rialtas na linne ag tabhairt faoi leathnú agus faoi fhorbairt ár dteanga dhúchais, agus ó shin i leith bíonn gach ábhar á múineadh trí Ghaeilge sa scoil.
Chuaigh Laurel Hill Coláiste FCJ isteach faoin scéim oideachais saor in aisce i 1967 agus tá fás suntasach tagtha ar an scoil ó shin i leith.
I 1985 stop an mheánscoil dheonach Caitliceach seo ag glacadh le mic léinn chónaithe agus tá sí ag feidhmiú mar scoil lae ó shin i leith. Freastalaíonn an scoil faoi láthair ar roinnt mhaith bunscoileanna i gcathair Luimní agus sna ceantair máguaird.
Tá fís shoiléir léirithe ag an scoil ina ráiteas misin agus tá an fhís seo curtha in iúl do phobal uile na scoile. Is Meánscoil Dheonach Chaitliceach do chailíní í Laurel Hill Coláiste FCJ, ina mbíonn an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus díríonn an scoil ar ‘oideachas leathan cothrom, a chothaíonn go measúil agus go tuisceanach i ngach mac léinn an fhorbairt acadúil, spioradálta, phearsanta agus chruthaitheach i dtimpeallacht a léiríonn ómós agus cúram'.
Is í aidhm na scoile ná comhoibriú le tuismitheoirí chun an fhorbairt chothrom agus iomlán a fhorbairt sna cailíní atá faoina cúram ionas gur féidir le gach mac léinn lánfhorbairt a dhéanamh ar na buanna atá aici féin agus ar a pearsantacht féin.
Tá an chomrádaíocht mar chuid lárnach d’fhealsúnacht oideachais an FCJ agus léirítear é seo trí dhílseacht, séimhe agus meas. Tugann an scoil faoi atmaisféar comhbhách a chothú ina mothaíonn gach ball den phobal ar a gcompord i dtimpeallacht ina mbíonn meas ar an uile dhuine agus ina dtugtar cuireadh don uile dhuine na buanna atá acu a roinnt ar a chéile.
Tacaíonn na hiontaobhaithe, ord siúracha an FCJ, le sainspiorad na scoile a chothú agus a chur chun cinn. Tá tuiscint láidir go bhfuil pobal uile na scoile ar aon intinn maidir leis an bhfís, agus tá polasaithe na scoile agus an cur chuige a bhíonn acu ag teacht leis an bhfís seo.
Déantar fís na scoile a léiriú agus a dhaingniú sna gníomhaíochtaí laethúla a bhíonn ar bun agus bhí atmaisféar na comrádaíochta, na dílseachta agus an mheasa a bhíonn ag teacht le fealsúnacht an FCJ le feiceáil le linn na meastóireachta. Is í an Ghaeilge teanga laethúil na scoile agus déantar gach iarracht a dheimhniú go ndéantar an teagasc i ngach ábhar trí mheán na Gaeilge.
Tá an bord bainistíochta atá ann faoi láthair sa dara bliain dá téarma, tá comhdhéanamh ar an mbord mar is cuí, agus tá sé ag feidhmiú faoi réir na bhforálacha atá leagtha síos san Acht Oideachais, 1998 agus is léir go bhfuil sár-thuiscint ag an mbord ar an tslí ina bhfeidhmíonn an scoil. Tacaíonn na hiontaobhaithe leis an mbord ina ról agus tá oiliúint curtha ar gach ball den bhord maidir lena ról. Comhlíonann an bord a chuid dualgas go fial ar sheirbhís do phobal uile na scoile, agus is inmholta go mór a leithéid seo.
Cé go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag formhór de bhaill an bhoird déantar, faoi láthair, na cruinnithe boird a reachtáil i mBéarla. Moltar, ar mhaithe le gnéith lán-Ghaelach na scoile a chur chun cinn, mar shaintréith na scoile, go ndéanfadh an bord iarracht feidhmiú trí Ghaeilge, nó go dátheangach, amach anseo agus go gcuirfí oiliúint ar fáil dóibh siúd nach bhfuil líofacht Ghaeilge acu faoi láthair ar mhaithe le cuidiú leis an bpróiseas seo.
Tá tuiscint ar an bpáirtnéireacht agus ar an gcomhphlé le sonrú go láidir ag leibhéal an bhoird agus cothaítear an nósmhaireacht ar chinntí a dhéanamh ar bhonn comhaontaithe a fhreagraíonn do na riachtanais is fearr a oireann don scoil. Is inmholta a leithéid.
Tá sárchaidreamh oibre idir an bord bainsitíochta agus foireann shinsearach bhainistíochta na scoile. Deimhníonn a leithéid go mbíonn an bord ar an eolas láithreach maidir le nithe a eascraíonn agus is inmholta go mór a leithéid. Tá aithne ag pobal uile na scoile ar bhaill an bhoird agus is gnáthach go ndéantar cumarsáid leis an bhfoireann trí ionadaithe na múinteoirí agus tríd an bpríomhoide.
Cothaíonn an bord cur chuige cuimsitheach comphlé nuair a bhíonn polasaithe nua á bhforbairt ar réimse ar leith de ghníomhaíochtaí na scoile agus deimhnítear úinéireacht ó na páirtnéirí éagsúla ar na polasaithe go léir a bhíonn á bhforbairt sa scoil. Moltar go mór a leithéid.
Tá roinnt tosaíochtaí luaite ag an mbord bainistíochta agus ina measc luaitear athbhreithniú a dhéanamh ar na polasaithe atá ann faoi láthair ar a n-áirítear beartas iontrála, cód smachta, polasaí don Ghaeilge agus polasaí úsáide idirlín. I measc na dtosaíochtaí eile atá luaite tá an t-athbhreithniú ar sholáthar curaclaim, iniúchadh ar na roghanna a bhíonn ar fáil sa chúigiú bliain, meastóireacht ar chur i bhfeidhm na Spáinise a tosaíodh mar ábhar deonach breise do chlár ‘idirbhliana’ na chéad bhliana i mbliana, athbhreithnú ar na poist fhreagrachta inscoile agus meastóireacht ar na dialanna nua do mhic léinn a tugadh isteach le déanaí.
Tá an pháirtnéireacht le tuismitheoirí mar chuid lárnach de shaintréith na scoile agus le fada an lá tá comh-chomhlachas tuismitheoirí ag tuismitheoirí Laurel Hill Coláiste FCJ agus ag a comhscoil Meánscoil Chnoc na Labhras, ar a bhfuil tuismitheoirí agus oifigigh ón dá scoil. Bíonn an comhlachas seo gníomhach sa tacaíocht a cuirtear ar fáil, pé bealach is féidir é, leis an dá scoil agus tá ardmholadh ag dul dá leithéid.
Bhí a lán de thuismitheoirí na scoile mar mhic léinn iad féin i Laurel Hill Coláiste FCJ agus thuairiscigh siad le linn na meastóireachta go raibh bród ar a bpáistí freastal ar scoil ina bhfuil tuiscint láidir ar phobal agus sár-chomhoibriú idir an fhoireann, na tuismitheoirí agus na mic léinn. Déanann an príomhoide éascaíocht ar an gcumarsáid idir comhlachas na dtuismitheoirí agus an scoil, agus éiríonn go han-mhaith leis seo. Cé go bhfuil Laurel Hill Coláiste FCJ agus Meánscoil Chnoc na Labhras suite ar an láthair céanna, agus cé go bhfuil an sainspiorad céanna á roinnt acu mar aon le hacmhainní éagsúla, is scoileanna ar leith gach ceann acu le foirne sinsearacha bhainistíochta ar leith, agus boird bhainistíochta ar leith acu ón lá a bunaíodh iad. Mar aon leis sin, is scoil lán-Ghaeilge í Laurel Hill Coláiste FCJ. Moltar, dá réir sin, go mbunófaí comhlachas tuismitheoirí ar leith don scoil ar mhaithe le tacú leis an ngné lán-Ghaelach den sainspiorad. Moltar freisin go mbeadh sé mar aidhm ag a leithéid de chomhlachas feidhmiú trí mheán na Gaeilge, nó go dátheangach, rud a thiocfadh le sainspiorad na scoile agus go mbeadh tacaíocht na scoile aige ina leith seo.
Bhí an príomhoide, a ceapadh dhá bhliain ó shin, as láthair ar saoire aitheanta le linn na meastóireachta. Ar an bhfoireann shinsearach bhainistíochta a bhí ag feidhmiú le linn na meastóireachta bhí an príomhoide tánaisteach, a ceapadh i 2006, ag feidhmiú mar phríomhoide le linn neamhláithreacht an phríomhoide, agus príomhoide cúnta a ceapadh le déanaí a bhí ag feidhmiú mar phríomhoide tánaisteach. Tá an bheirt acu seo ag feidhmiú le fada mar bhaill foirne i Laurel Hill Coláiste FCJ agus tá fís acu féin agus ag foireann na scoile ar mian leo a chur chun cinn. Cur chuige comhpháirtíochta a bhíonn acu agus oibríonn siad mar fhoireann chun cinnireacht oideachasúil an-éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar mar aon le heagraíocht chinnireachta agus tacaíochta a chur ar fáil dá gcomhghleacaithe teagaisc agus do phobal na scoile uile. Tá a gcuid oibre go mór le moladh.
Déanann an príomhoide gníomhach agus an príomhoide ionaid gníomhach an t-ualach oibre a roinnt leo siúd a bhfuil poist fhreagrachta acu, agus déantar a lán de na dualgais lár-bhainistíochta laethúla a dháileadh ar an bhfoireann bhainistíochta inscoile (ISM) de sheisear príomhoide cúnta (AP) agus ochtar múinteoir le dualgais speisialta (SDT). Cuidíonn a leithéid freisin le scileanna bainistíochta na mball foirne sa scoil a fhorbairt.
Tá na dualgais a dáileadh ar an bpríomhoide cúnta agus orthu siúd a bhfuil dualgais speisialta acu leagtha síos de réir na cleachtais atá aontaithe dá leithéid, agus deimhníonn an bhainistíocht shinsearach go ndéantar na dualgais go léir a chomhlíonadh go héifeachtach agus go héifeachtúil agus déantar iad a athbhreithniú go córasach agus go hoscailte.
Déanann an seisear príomhoide cúnta agus an t-octar múinteoir le dualgais speisialta freagracht a ghlacadh ar raon gníomhaíochtaí agus iad ag comhlíonadh a ndualgas laistigh den struchtúr bainistíochta inscoile atá ag an scoil. Cuidíonn a gcuid oibre go mór, go haonarach agus mar ghrúpa, le bainistíocht laethúil na scoile agus léiríonn an idirghníomhaíocht a bhíonn acu le pobal na scoile agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu an sainspiorad comhbhách atá sa scoil. Tá tiomantas na múinteoirí don scoil go mór le moladh.
Déanadh athbhreithniú níos mó ná uair amháin ar an struchtúr bainistíochta inscoile ó cuireadh tús leis ag deireadh na 1990í. Ag gach tréimhse athbhreithnithe déanadh na dualgais a bhaineann le postanna éagsúla a dháileadh mar thoradh ar an anailís a déanadh ar riachtanais na scoile ag an am. Mar sin féin, is léir ó ghrinnscrúdú ar na postanna, go bhfuil gá le hathbhreithniú breise a chinnteoidh idirdhealú idir na rólanna agus na freagrachtaí a bhaineann le post an phríomhoide cúnta agus poist na múinteoirí le dualgais speisialta, ionas go seachnaítear an dúbláil ar na riachtanais a bhíonn ag athrú go leanúnach sa scoil. Moltar dá réir go ndéanfaí a leithéid d’athbhreithniú.
Mar aon leis na dualgais a chomhlíonann na freagraithe poist déanann a lán de na múinteoirí nach bhfuil aon phost freagrachta acu faoi láthair dualgais neamh-mhúinteoireachta a chomhlíonadh go deonach. Cuidíonn a leithéid de chomhoibriú go han-mhór le héifeacht na bainistíochta ó lá go lá sa scoil. Tá an t-ádh le Laurel Hill Coláiste FCJ i ngeall ar na múinteoirí sin ar an bhfoireann a bhfuil an-tiomantas acu don scoil agus tá siad le moladh go hard i ngeall ar an obair dheonach a dhéanann siad.
I ngeall ar thábhacht na Gaeilge mar ghné de shainspiorad na scoile, tá na dualgais a bhaineann post freagrachta duine de na múinteoirí cúnta bainteach le cur chun cinn agus le forbairt na Gaeilge sa scoil. Tá an freagraí seo nua-cheaptha agus dá réir sin níl tús curtha go fóill leis an obair a bhaineann leis an réimse freagrachta seo. Moltar, mar chuid de phróiseas leanúnach athbhreithnithe na scoile, go ndéanfar monatóireacht go rialta ar éifeacht an phoist seo maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt.
Déanann an bhainistíocht shinsearach pobal gairmiúil foghlama a fhorbairt trí chlár leanúnach forbartha foirne agus tacaítear go gníomhach le forbairt ghairmiúil na múinteoirí ina n-ábhar féin. Athnítear ina measc seo, mar atá i bPolasaí Gaeilge na scoile, cur chun cinn agus tacaíocht don fhorbairt ghairmiúil ar Ghaeilge do mhúinteoirí, nuair is gá sin. Is inmholta a leithéid.
Déanann Laurel Hill Coláiste FCJ iarrachtaí ar bharrchumas a bhaint amach i léibhéil ghnóthachtála na mac léinn, mar a oireann de réir a gcumas pearsanta, agus déantar cleachtais iompair dhearfacha a chur cinn le cuidiú ón gcód iompair agus smachta, ón gcóras tacaíochta ilghnéitheach do mhic léinn, ón gcomhairleoireacht gairme agus ó na cláir Oideachas Sóisialta, Persanta agus Sláinte (OSPS).
Le blianta anuas tá comhairle mac léinn sa scoil ar mhaithe le tacú le rannpháirtíocht éifeachtach na mac léinn i saol na scoile. Mar aitheantas don tábhacht a bhaineann lena leithéid d’eagraíocht tá múinteoir le dualgais ar leith ceaptha mar theagmhálaí le comhairle na mac léinn, leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht shinsearach.
Tá na múinteoirí go léir freagrach as stráitéis tinrimh na scoile a chur i bhfeidhm agus, i ngeall ar an tábhacht a bhaineann le dearcadh dearfach a fhorbairt i leith an tinrimh, tá múinteoir le post dualgais ar leith a choimeádann súil ar an stráitéis tinrimh scoile agus a bhfuil freagracht fhoirmeálta uirthi maidir le teagmháil a dhéanamh leis an mBord Náisiúnta um Leas Oideachais (BNLO).
Tá bealaí soiléir agus éifeachtach i bhfeidhm don chumarsáid idir an scoil agus na tuismitheoirí. Déantar gach gné den chomhfhreagras le tuismitheoirí a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus éisítear nuachtlitir dátheangach go rialta chun tuismitheoirí a choimeád ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a bhíonn ag tarlú sa scoil. Foilsítear freisin irisleabhar bhliantúil dátheangach, An Labhras Glas, agus tá an-mheas ag pobal uile na scoile ar an irisleabhar seo. Bíonn tosaíocht ag an nGaeilge i ngach cineál caidrimh a déantar le tuismitheoirí ach tuigtear freisin go mbíonn sé riachtanach téacs i nGaeilge a chur ar fáil chun cuidiú leis na tuismitheoirí a bhfuil Béarla mar ghnáth-theanga cumarsáide acu. Tá suíomh idirlín á fhorbairt ag an scoil faoi láthair agus, nuair a bhíonn sé seo críochnaithe, ba chóir go gcuideodh a leithéid níos mó fós leis an gcumarsáid idir an scoil agus an pobal i gcoitinne. Moltar dúthracht na scoile i leith na cumarsáide le tuismitheoirí.
Eagraítear lá oscailte gach bliain sa chéad téarma do mhic léinn a bhíonn ag smaoineamh ar theacht chun na scoile agus cláraíonn mic léinn ar thráthnóna clárúcháin a eagraítear sa dara téarma. Eagraítear tráthnóna eolais ar rogha ábhar sa téarma deireanach do thuismitheoirí agus do mhic léinn a bhíonn ag dul isteach sa chúigiú bliain. Éisítear tuairiscí scoile, ar a mbíonn tuairimí lámhscríofa ó na múinteoirí, tar éis scrúduithe agus measúnuithe tí agus cuidíonn dialann nua scoile le héascaíocht a dhéanamh ar an gcumarsáid idir na tuismitheoirí agus na múinteoirí. Eagraítear cruinnithe foirmeálta idir na tuismitheoirí agus na múinteoirí de réir mar atá leagtha síos i gcleachtais na scoile agus cuidíonn an scoil freisin le héascaíocht a dhéanamh ar shocruithe do thuismitheoirí ar mian plé a dhéanamh le baill foirne faoina bpáistí trí amanna a shocrú a bhíonn oiriúnach do chách. Cuirtear fáil freisin ar thuairiscí do thuismitheoirí/caomhnóirí ar dhul chun cinn mhic léinn aonair, nuair a bhíonn gá lena leithéid.
Is é an acmhainne is tábhachtaí atá ar fáil ag Laurel Hill Coláiste FCJ ná an 24 ball foirne buan agus an 1.61 múinteoir páirtaimseartha agus tá an t-ádh leis an scoil foireann chomh dúthrachtach tiomanta a bheith ar fáil aici.
Tá an chumarsáid idir an fhoireann bhainistíochta sinsearach agus na múinteoirí go han mhaith agus bíonn teagmháil acu le chéile ar bhonn foirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Tugann an príomhoide agus an príomhoide ionaid cuairt go rialta ar an seomra foirne mar a mbíonn teagmháil go neamhfhoirmiúil acu lena gcomghleacaithe. Cuirtear eolas ar fáil don fhoireann uile go laethúil nuair a labhraíonn an príomhoide leis an bhfoireann ag briseadh na maidine. Baintear úsáid freisin as cláir fhógraí i seomra na foirne mar bhealach le cumarsáid a dhéanamh le múinteoirí nach mbíonn i láthair ag na seisiúin fhoirmeálta ar maidin.
Cuireadh soláthar breise 0.27 múinteoir ar fáil mar lamháltas curaclaim don scoil sa bhliain reatha seo. Rinenadh é seo chun tacaíocht ghearrthréimhseach breise a sholáthar don teagasc do riachtanais churaclaim ar leith a d’eascair tar éis don scoil iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta chun freagairt don mhéadú i líon na mac léinn, agus na riachtanais churaclaim a bhí ag eascairt toisc múinteoirí a bheith ar bhriseadh gairme nó ag roinnt poist. Tá an acmhainn breise seo in úsáid chun freastal a dhéanamh ar an gcuraclam trí chéile sa scoil.
Tugadh faoi deara le linn na meastóireachta nach bhfuil na múinteoirí i ngach réimse ábhar ag teagasc ag an dá leibhéal, sóisearach agus sinsearach, ina réimse ábhar. Mar thaca leis an mbarrchleachtas agus lena dheimhniú go mbíonn deis ag gach múinteoir a scileanna teagaisc a chaomhnú agus a fhorbairt ina n-ábhar féin, moltar go dtabharfaí deis dóibh na siollabais dá n-ábhar a theagasc ag an dá leibhéal, más féidir.
Bíonn tacaíocht le fáil d’obair na múinteoirí i Laurel Hill Coláiste FCJ ó dhíogras agus ó dhúthracht na foirne tacaíochta. Mealltar agus cuirtear ar chumas na foirne tacaíochta soláthar éifeachtach a dhéanamh ar bhealach a sháraíonn go mór na dualgais a bhíonn leagtha síos dóibh. Déanann gach ball den fhoireann tacaíochta na dualgais atá acu a chomhlíonadh ar ardchaighdeán agus le mór-éifeacht agus agus is inmholta go mór a leithéid. Déanann an fhoireann shinsearach bhainistíochta bainistíocht éifeachtúil ar a gcuid oibre.
Déantar an chóiríocht scoile a choimeád ar ardchaighdeán agus tá moladh tuillte go maith ag an bhfeighlí, ag an gcoiste don 'scoil ghlas', ag na glantóirí agus ag pobal na scoile uile i ngeall ar an gcúram a ghlacann siad le timpeallacht na scoile. Roinntear na saotharlanna agus an halla gleacaíochta agus na páirceanna imeartha le meánscoil Chnoc na Labhras. Cé go bhfuil an-comhoibriú i measc na múinteoirí sa dá scoil, tá srian ar an bhfáil a bhíonn ar na hacmhainní seo don dá scoil i ngeall ar an roinnt a chaithfear a dhéanamh. Bíonn deacrachtaí ar leith leis an halla gleacaíochta gach bliain i mí na Samhna nuair a bhíonn na hullmhúcháin ar bun don seó scoile. Tarlaíonn, mar thoradh ar na hacmhainní a bheith á roinnt idir an dá scoil, scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge, go mbíonn spásanna á roinnt acu araon go rialta. Cruthaíonn sé seo roinnt deacrachtaí maidir le húsáid na Gaeilge do mhic léinn Laurel Hill Coláiste FCJ nuair a bhíonn cumarsáid ar bun idir iad agus an scoil béal dorais, agus tá an fhoireann bhainistíochta san airdeall maidir leis an ngá atá ann an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na mac léinn sna cúinsí seo.
Tá na cláir fhógraí agus na ballaí sna dorchlaí i Laurel Hill Coláiste FCJ maisithe le taispeántais agus póstaeir i nGaeilge ach moltar go ndéanfaí forlíonadh ar na taispeántais reatha chun an bhéim a leagan go feiceálach ar shainspiorad Ghaelach na scoile sa timpeallacht.
Tá léiriú soiléir ar ráiteas misin, a dhéanann cur síos ar dhá shaintréith na scoile, is iad siúd an reiligiún agus an Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh cóipeanna den ráiteas crochta go soiléir freisin sa bhforhalla agus in áiteanna eile sa scoil.
Tá fáil ag an mbainistíocht agus ag an bhfoireann ar theicneolaíochtaí na fáisnéise agus na cumarsáide (TFC) do phleanáil na gceachtanna, don ullmhúchán agus don taighde agus baintear úsáid freisin as an TFC i gcúrsaí riarachán, chun monatóireacht a dhéanamh ar an tinreamh agus san soláthar ar threoir agus ar thacaíocht. Tá seomra ríomhaireachta amháin sa scoil agus tá fáil freisin ar roinnt ríomhaire glúin agus ar theilgeoir ilmheáin soghluaiste. Cuireadh roinnt de na hacmhainní seo ar fáil ó ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid i bpobal na scoile. Níl, áfach, ceangal idirlín sna seomraí uile go fóill, agus níor léir le linn na meastóireachta go raibh úsáid á baint go forleathan as an TFC don teagasc agus don fhoghlaim. Moltar, dá réir sin, go ndéanfaí forbairt bhreise ar infrastruchtúr TFC na scoile chun a dheimhniú go mbíonn ceangal idirlín ag gach seomra ranga agus go gcuirtear níos mó fós le húsáid an TFC sa teagasc agus sa bhfoghlaim.
Tá ráiteas cuí sláinte agus sabháilteachta, bunaithe ar mheasúnú priacail, ullmhaithe ag an scoil agus curtha in iúl don fhoireann agus do na mic léinn, agus táthar ag cloí leis seo.
Tá an scoil tar éis a bheith gníomhach i bhforbairt foirmeálta pleanála scoile le roinnt blianta agus tá cuid mhór ama agus iarrachta infheistithe i gcáilíocht phróisis pleanála agus agus dhoiciméadúcháin na scoile. Is é aidhm an phróisis pleanála seo ná feabhas a chur ar an soláthar teagaisc agus foghlama, agus leanann an scoil ar aghaidh leis an infheistíocht seo. Tá an bhéim seo a leagtar ar an bpleanáil le moladh.
Eagraíodh ionchuir ó eascaitheoirí seachtracha ar riachtanais na scoile a aithint, ar ról na mbliain-chinnirí agus ar bhullaíocht eagraithe d’fhoireann na scoile. Táthar tar éis dul i ngleic freisin leis an bhforbairt ar dhoiciméid don phleanáil ábhar agus d’fhreastail ball den Tionscnaíocht Fhorbartha ar Phleanáil Scoile (SDPI) ar an scéal chun éascaíocht a dhéanamh ar thús an phróisis seo. Le déanaí chríochnaigh an scoil meastóireacht ar an gclár ‘idirbhliain’ don chéad bhliain le déanaí.
Is faoi chúram na foirne bainistíochta sinsearaí atá an phleanáil fadtréimhseach faoi láthair. Cuidíonn obair na bPríomhoidí Cúnta leis an obair seo mar tagann siad le chéile go seachtainiúil chun breathnú ar riachtanais ghearrthréimhseacha pleanála agus is mór go deimhin a n-ionchur sa phróiseas pleanála. Mar iarracht ar fhreastal ar an bpleanáil ina iomláin agus chun níos mó foirne a bheith páirteach go lárnach sa phróiseas moltar go gceapfaí coiste pleanála agus/nó comhordaitheiir pleanála chun an obair seo a chur chun cinn, i gcomhpháirt agus go comhoibríoch leis an bpobal scoile uile.
Cuireann an phleanáil scoile fráma tagartha ar fáil trínar féidir le gach ball de phobal na scoile tuiscint a fháil ar chastacht na hoibre scoile agus ar na nithe uile a tharlaíonn sa scoil.
Tá forbairt déanta ar phlean scoile agus tá glactha ag an mbord bainistíochta leis seo, agus tá sé á chur i bhfeidhm. Tá fáil ar na doiciméid i mBéarla agus i nGaeilge agus tá sa phlean, mar atá molta mar bharrchleachtas, buan-rannóga agus rannóga le forbairt. Sa bhuanchuid tá rannóga ar stair na scoile, ar fhealsúnacht oideachais FCJ agus ar ráiteas misin na scoile. Tá polasaithe ann freisin, a bhfuil gá reachtúil leo, ar bheartas iontrála, tinrimh agus rannpháirtíochta, ar iompar, ar chosaint leanaí, ar threoir, agus ar shláinte agus sábháilteacht. Tá polasaithe breise sa rannóg forbartha a bhaineann le gnéithe éagsúla de shaol na scoile mar atá. Ina measc tá polasaithe don Ghaeilge (atá mar chuid lárnach den Phlean Scoile uile), forbairt creidimh, gníomhaíochtaí seach-churaclaim, tréadchúram, sáraíocht na bulaíochta, obair bhaile, oideachas caidrimh agus gnéasachta, úsáid substaintí, úsáid an ghutháin póca, úsáid an trealaimh leictreonach ilmheáin, sláinte agus sabháilteacht na mac léinn, úsáid inghlactha an idirlín, postroinnt, briseadh gairme, agus gnéaschiapadh. Obair a leanann atá sa chuid seo den doicimeadúchán, tá sé faoi réir ag athbhreithniú rialta agus tá na polasaithe uile atá ann ag teacht le ráiteas misin na scoile. Sa rannóg forbartha seo freisin tá roinnt de na cleachtais agus na nósanna imeachta atá ann faoi láthair agus a rialaíonn imeachtaí laethúla na scoile.
Tá na polasaithe a bhfuil gá reachtúil leo faofa ag bord bainistíochta na scoile.
Cuireann an cód iompair agus smachta atá ann faoi láthair, a bhfuil athchóiriú déanta cúpla uair air, an bhéim ar iompar dearfach a chothú i measc na mac léinn agus déantar cur síos ar roinnt de na smachtbhannaí a bheidh i bhfeidhm má bristear an cód. Moltar go ndéanfaí an polasaí seo a athbhreithniú arís, agus a athainmniú, agus go mbeadh córas chun luaíochtáil a dhéanamh ar dhea-iompar mar chuid den chód leasaithe.
Tá nósanna imeachta i bhfeidhm sa scoil chun athbhreithniú a dhéanamh ar na polasaithe uile atá ann faoi láthair agus déantar athbhreithniú go timthriallach ar na polasaithe atá ar fáil. Baintear leas as an struchtúr seo chun eolas a chur ar fáil don phleanáil atá le teacht.
Cur chuige comhoibríoch a bhíonn i gceist leis an bpleanáil scoile i Laurel Hill Coláiste FCJ agus bíonn na páirtnéirí scoile go léir bainteach leis seo. Cothaíonn leibhéal comhoibríoch dá leithéid seo comhúinéireacht ar gach gné den phlean.
Tá struchtúr foirmeálta sa scoil do na ranna ábhar. Tagann na ranna ábhar le chéile go foirmiúil ar bhonn rialta mar chuid de chruinnithe foirne agus tarlaíonn plé neamhfhoirmiúil níos minice i measc na múinteoirí ábhar. Ceapadh comhordaitheoirí ábhair le déanaí do gach ábhar agus tá fonn ar na múinteoirí tabhairt faoi fhorbairt na pleanála dá n-ábhar féin.
Tá pleananna ábhair curtha le chéile do gach ábhar atá ar churaclam na scoile agus réitíonn siad seo le riachtanais an tsiollabais do gach ábhar. Tá na doiciméid seo ar ardchaighdeán agus leíríonn siad an ionchur atá faighte cheana féin ag an scoil ón TFPS ar phleanáil ábhair. Tá formhór na bpleananna seo curtha ar fáil trí Ghaeilge. Moltar an obair atá curtha i gcrích go dtí seo ar phleanáil ábhair. Ar mhaithe, áfach, le léiriú follasach a thabhairt ar shainspiorad na scoile moltar go gcuirfí na pleananna seo, lasmuigh de phlean ábhair an Bhéarla, ar fáil trí Ghaeilge, agus go leanfadh na ranna ábhair leis an bhforbairt ar dhoiciméid pleanála, agus go mbeadh an teagasc agus an fhoghlaim mar fhócas don phleanáil i ngach roinn ábhair amach anseo.
Déantar forlíonadh ar an bpleanáil ábhar ag leibhéal na ranna le pleanáil aonair an mhúinteora agus bhí léiriú le fáil ar shamplaí den phleanáil aonair, agus é ar ardchaighdeán, le linn próiseas na meastóireachta.
Tá a lán de mhic léinn na chéad bhliana a thagann isteach anois go Laurel Hill Coláiste FCJ ó bhunscoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu, agus toisc gur Béarla a bhíonn mar theanga baile agus mar theanga cumarsáide freisin ag formhór na mac léinn tugtar aitheantas do seo i bpolasaí Gaeilge na scoile. Sna cúinsí seo, is ábhar mór imní do Laurel Hill Coláiste FCJ go gcaomhnófaí sainspiorad Gaelach na scoile. Chun tionchar, atá ag méadú, na n-uimhreacha ó scoileanna nach scoileanna lán-Ghaeilge iad a mheas agus nach é an Béarla an gnáth-theanga cumarsáide acu, moltar go bhfiosródh an scoil stadas reatha na Gaeilge i measc na mac léinn. Ba chóir ansin plean gníomhaíochta a fhorbairt chun freastal ar chur chun cinn, ar fhorbairt agus ar fheabhsú úsáide na Gaeilge tríd an scoil. Ba chóir é seo a dhéanamh i gcomhpháirt le hobair an fhreagraí poist le dualgas sa réimse seo agus an soláthar múinteora atá ag an scoil i ngeall ar a stádas lán-Ghaeilge.
Níl an t-idirlíon ar fáil i seomraí ranga na scoile trí chéile agus ba chóir dá réir sin tabhairt faoin bhforbairt ar infrastruchtúr TFC níos leithne a chur ar fáil don teagasc agus don fhoghlaim i ngach ábhar.
I Laurel Hill Coláiste FCJ bíonn na múinteoirí páirteach go rialta i gcláir leanúnacha don fhorbairt ghairmiúil ina n-ábhair féin. Déanann an fhoireann sinsearach bainistíochta éascú air seo agus tugann siad tacaíocht dó, rud atá inmholta.
Deimhníodh go bhfuil an bord bainistíochta, de réir mar a éilítear in Imlitreacha Iarbhunscoile M45/05 agus 0062/2006, tar éís glacadh go foirmiúil leis na Treoirlínte um Chosaint Leanaí d’Iarbhunscoileanna (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Meán Fómhair 2004). Bhí fianaise le fáil freisin go raibh bainistíocht, foirann agus tuismitheoirí na scoile ar an eolas faoi na nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí; go raibh cóip de na nósanna imeachta curtha ar fáil don fhoireann go léir (foireann nua san áireamh); agus go raibh an bhainistíocht tar éis a chinntiú go raibh an fhoireann ar an eolas maidir leis na cleachtais a bhí le cur i bhfeidhm. Tá ionadaí teagmhála ainmnithe (DLP) mar aon le leas-ionadaí teagmhála ainmnithe ceaptha de réir mar a éilítear sna treoirlínte.
Moltar an obair atá déanta go dtí seo ar an bpróiseas agus ar na doiciméid don fhorbairt phleanála scoile i Laurel Hill Coláiste FCJ.
Tá an raon ábhar atá ar fáil don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméaracht i Laurel Hill Coláiste FCJ chomh leathan agus a bhraitheann an scoil is féidir é a bheith i gcomhthéacs réimse na n-acmhainní agus an líon foirne atá ar fáil.
Déanann an príomhoide clártráth na scoile a eagrú gach bliain tar éis dul i gcomhairle leis an bhfoireann agus is tríd seo a cuirtear eagar ar an soláthar curaclaim. Bíonn scil ar leith ag teastáil chuige seo agus is toradh casta é na mianta a chur ar fáil i gcomhthéacs na féidireachta. Déanann duine de na príomhoidí cunta an clartráth a chur ar an ríomhaire.
Faoi láthair, bíonn ocht dtréimhse i ngach lá scoile. Bíonn deich gcinn de na daichead treimhsí seachtainiúla 45 nóiméad ar fhaid agus bíonn an 30 tréimhse eile daichead nóiméad ar fhaid. Tugann a leithéid de thréimhsí seachtainiúla iomlán de 27 uair a’chloig agus 30 nóiméad teagaisc. Titeann an t-iomlán seo faoi bhun an t-íosmhéid de 28 uair a’chloig teagmhála mar atá riachtanach in iarbhunscoileanna de réir Imlitir M29/95 'Am ar Scoil' agus ba chóir dul i ngleic leis an easnamh ar bhonn práinne.
Mar aon le cláir an Teastas Sóisearaigh agus na hArdteistiméarachta bhunaithe a chuireann Laurel Hill Coláiste FCJ ar fáil ofráiltear clár 'idirbhliana' sa chéad bhliain. Tá dhá chuspóir ag baint lena leithéid de chlár 'idirbhliana': díríonn sé ar mhic léinn na chéadbhliana a thumadh sa Ghaeilge agus iad ag teacht isteach sa chéad bhliain agus cruthaíonn se an deis na hábhair ar chlár an Teastas Shóisearaigh a mhúineadh thar thréimhse ceithre bliana.
Baineann a leithéid de chlár ‘idirbhliana’ leis an scoil seo amháin agus tá an bord bainistíochta, an fhoireann agus na tuismitheoirí den tuairim gur gá a leithéid chun sainspiorad na scoile a chur chun cinn mar is cóir, go háirithe an fhorbairt ar an nGaeilge sa scoil, agus rath na mac léinn a dhéanann na scrúduithe Stát trí mheán na Gaeilge.
Ba chóir aird a thabhairt nach réitíonn an soláthar ar ‘idirbhliain’ sa chéad bhliain, ná ceithre bliana don teastas sóisearach leis na rialacha atá ann faoi láthair mar atá leagtha amach sna Rialacha agus Cláir do Scoileanna Dara Leibhéal (l.8 agus l.70). Tá na rialacha seo i bhfeidhm ó eisíodh Imlitir M85/85 agus an doiciméid a ghabhann leis “Aoiseanna don Fhoghlaim, Cinntí an Rialtais’. Éilíonn na doiciméid seo go gcuirfeadh gach scoil clar trí bliana ar fáil don tsraith shóisearach, agus Idirbhliain ina dhiaidh sin sa cheathrú bliain, má thoilíonn an scoil sin, agus dhá bhliian ansin do chlár na hArdteistiméarachta.
Toisc nach réitíonn an ‘idirbhliain’ atá á chur ar fáil ag an scoil leis an soláthar a moltar ní cóir leanúint leis, agus ba chóir gur í an chead bhliain reatha an bhliain dheireanach ina mbíonn a leithéid ar fáil. Ó Mheán Fómhair 2008 ar aghaidh ba chóir go mbeadh clár trí bliana ann don tsraith shóisearach, mar a moltar sna Rialacha agus Cláir do Scoileanna Dara Leibhéal, do mhic léinn a bhíonn ag teacht isteach don chéad uair go Laurel Hill Coláiste FCJ. Is féidir iarratas a dhéanamh ansin chun clár idirbhliana a chur ar fáil do na mic léinn seo sa bhliain sula dtosófar air.
Tabharfaidh an comhlíonadh lena bhfuil luaite thuas deis fós do Laurel Hill Coláiste FCJ clár sé bliana a chur i bhfeidhm, mar atá in iarbhunscoileanna eile ar fud na tíre.
Tá dáileadh ama don Chorpoideachas leagtha síos ar an gclár ama do gach rang go seachtainiúil agus is inmholta a leithéid. Rang dúbailte sa Chorpoideachas atá curtha ar fáil don chéad bhliain agus ranganna singil atá ann do gach bliain ghrúpa eile. Déantar forlíonadh ar an soláthar ar an gclár ama don Chorpoideachas le réimse cuimsitheach cluichí a eagraítear ag am lóin agus i ndiaidh na scoile. Ní fhreagraíonn an soláthar do chluichí, cé gur cuimsitheach agus inmholta a leithéid, do chur i bhfeidhm an tsiollabais don Chorpoideachas le linn na huaireanta ar an gclár ama. Deirtear sna Rialacha agus Cláir le haghaidh Scoileanna Dara Leibhéal (l.141) gur gá ‘ar a laghad dhá uair a’ chloig sa tseachtain chun an Clár Corpoideachais a chur i bhfeidhm’ agus moltar da réir sin go ndéanfadh an scoil iarracht soláthar breise a dhéanamh dá mac léinn chun feabhas a chur ar a sláinte agus ar a bhfoláine, agus chun cuidiú leo a bheith ina ndaoine fásta a bhfuil oideachas maith corportha orthu mar atá leagtha síos i gcuspóirí an tsiollabais don Chorpoideachas.
Mar chuid den phróiseas don fhorbairt phleanála scoile moltar go ndéanfaí an curaclam a athbhreithniú go leanúnach chun a dheimhniú go bhfreagraíonn sé do riachtanais na mac léinn sa scoil.
Cuirtear mic léinn a bhíonn ag teacht isteach chun na scoile i ranganna cumais mheasctha don chuid is mó de na hábhair, ach an Mhatamaitic mar eisceacht ar leith anseo, agus cinntíonn a leithéid d’eagrúchán go mbíonn fáil go cothrom ar na hábhair agus ar na leibhéil laistigh de na hábhair.
Eagraítear raon cuimsitheach ábhar agus gníomhaíochtaí eile do mhic léinn ‘idirbhliana’ na chéad bhliana. I measc na n-ábhar a ndéantar staidéar orthu bíonn Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Fraincís, Stair, Tír Eolaíocht, Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP), Oideachas Reiligiúnach, Oideachas Sóisialta, Persanta agus Sláinte (OSPS), Corpoideachas, Staidéar Ríomhaireachta agus amhránaíocht mar aon le dhá ábhar roghnach. Roghnaítear na hábhair roghnacha i Mí na Nollag as dhá bhanda: Gearmáinis, Staidéar Gnó nó Ceol agus Ealaíon, Eacnamaíocht Bhaile nó Spáinis agus déantar staidéar orthu seo ar feadh tréimhse ceithre bliana don chuid eile den teastas shóisearach.
Eagraítear raon leathan gníomhaíochtaí eile sa scoil do mhic léinn ‘idirbhliana na chéad bhliana. Ina measc seo bíonn gníomhaíochtaí a bhaineann le sainspiorad na scoile i leith na Gaeilge agus an reiligiúin a chur chun cinn, gníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim: Aifrinn scoile, clár spioradáltachta, turasanna Gaeltachta agus eile, drámaíocht, ealaíon, réimse gníomhaíochtaí ceoil, tionscnaimh staire, 'write a book' agus 'readathon', cluichí, blitseanna haca, gníomhaíochtaí lasmuigh, snámh, tráth na gceist boird, agus beiriste, a bhfuil imirte agus oiliúint air ag tarlú le fada sa scoil, mar aon le gníomhaíochtaí eile.
Faoi láthair tá dhá bhanda roghanna sa dara, sa triú agus sa cheathrú bliain: Baineann Banda 1 le Gearmánais nó Gnó agus baineann Banda 2 le hEalaíon, le hEacnamaíocht Baile, nó le Ceol. Is ábhar suntais é go bhfuil an Eolaíocht, a bhíonn mar chroí-ábhar curaclaim ón dara bliain ar aghaidh, in easnamh ó churaclam reatha na chéad bhliana.
Glacann mic léinn sa chúigiú bliain le Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Fraincís, Oideachas Reiligúnda, Corpoideachas, Gairmthreoir agus Staidéar Ríomhaireachta. Glactar trí ábhar roghnach eile freisin. Sa chúigiú agus sa séú bliain eagraítear na hábhair roghnacha i dtrí bhanda do gach bliain ghrúpa agus bunaítear iad seo ar rogha na mac léinn. Is inmholta a leithéid. Is iad na hábhair roghnacha sa chúigiú bliain ná Banda 1 Eacnamaíocht Bhaile, Bitheolaíocht, Tíreolaíocht agus Eacnamaíocht. I mBanda 2 tá an Tír Eolaíocht, Stair, Fisic agus Ceol agus i mBanda 3 tá an Bhitheolaíocht, an Cheimic, an Ghearmáinis agus an Ealaíon. Cuirtear na hábhair don séú bliain i mbandaí freisin bunaithe ar roghanna na mac léinn. I mBanda 1 tá an Cheimic, an Eacnamaíocht Bhaile, Ceol agus Fisic. I mBanda 2 tá Bitheolaíocht, Stair, Gearmáinis agus Ceimic agus i mBanda 3 tá an Bhitheolaíocht, an Tír Eolaíocht, an Eacnamaíocht agus an Ealaíon.
San athbhreithniu a déanadh cheana ar an gcuraclam bhreathnaigh Laurel Hill Coláiste FCJ ar na feidearthachtaí maidir le cláir bhreise a chur ar fáil chun forlíonadh a dhéanamh ar na cláir don Teastas Shóisearach agus don Ardteistiméaracht atá ann cheana agus socraíodh go bhfuil na cláir atá ann faoi láthair ag freastal ar riachtanais na mac léinn. Tar éis breathnú le linn na meastóireachta ar na hábhair roghnacha atá ar fáil faoi láthair sa tsraith shinsearach moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar Ghairmchlar Ardteistiméarachta a chur ar fáil. Chuirfeadh a leithéid de chlár deis ar leith ar fáil do mhic léinn a scileanna idirphearsanta, gairmiúil agus teicneolaíochta a fhorbairt. Tá siad seo chomh riachtanach céanna do mhic léinn a bhíonn ag díriú ar an tríú leibhéal, dóibh siúd a bheidh ag lorg fostaíochta nó ag tosú ina ngnó féin agus bítear ábalta teacht orthu seo trí Nasc Mhódúil sa réimse a bhaineann le hullmhú do shaol na hoibre agus don oideachas fiontraíochta.
Bheadh acmhainní breise ar fáil don scoil freisin dá mbeadh an GAT ar fáil sa chúigiú agus sa séú bliain agus an idirbhliain ar fáil sa cheathrú bliain, agus bheadh post freagrachta ar fáil, b’fhéidir, faoi théarmaí Imlitir PPT 17/02 Poist do Chomhordaitheoirí Clár i Meánscoileanna Deonacha dá mbeadh dóthain mac léinn ag cur isteach ar na cláir uilig.
Tá traidisiún fada mórtasach ag Laurel Hill Coláiste FCJ i rannpháirtíocht spóirt agus gníomhaíochtaí seachchuraclaim eile. Tá fáil ar raon leathan gníomhaíochtaí seachchuraclam agus comhchuraclaim chun tacú agus cur leis an bhfoghlaim atá á solathar ag an scoil. Tá réimse deiseanna ann freisin a chuidíonn le forbairt phearsanta agus shóisialta na mac léinn. Tugann an bhainistíocht agus an fhoireann gach tacaíocht do mhic léinn a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí seo agus bíonn leibhéil suntasacha rannpháirtíochta ó mhic léinn agus ón fhoireann.
Tá traidisiún láidir haca i Laurel Hill Coláiste FCJ agus déantar cailíní ón scoil a roghnú go rialta chun imirt do Chúige Mumhan agus d’Éirinn. Is é an haca an príomhspórt iomaíochta agus déantar freastal ar fhoirne ag gach raon aoise agus cumais. I measc na ngníomhaíochtaí spóirt eile a bhíonn ar bun bíonn badmantan, sacar, cluiche corr, cispheil, gleacaíocht, spóirt uisce, peil Ghaelach agus camógaíocht. Bíonn mic léinn ón scoil páirteach freisin i gcláir ghníomhaíochta lasmuigh.
Tarlaíonn a lán de na gníomhaíochtaí spóirt seo sa halla gleacaíochta a bhfuil an-trealamh ann, ar na páirceanna haca agus camógaíochta, ar a n-áirítear an pháirc uile-aimsire, agus ar na cúirteanna leadóige. Ta na háiseanna seo go léir le fáil ar champas na scoile agus déantar iad a roinnt le Meánscoil Chnoc na Labhras.
Tá clú agus cáil ar an scoil do na cóir agus don cheolfhoireann atá aici agus bíonn deis ag na mic léinn páirt a ghlacadh in an-chuid gníomhaíochtaí ceoil. Bíonn an cór, ina bhfuil mic léinn ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain, ag léiriú ag coirmeacha ceoil ar bhonn rialta agus téann siad in iomaíocht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ag féilte agus ag Slógadh, agus éiríonn go han-mhaith leo. Bhuaigh an ceolfhoireann, a thagann i láthair don scoil gach bliain ag Feis Ceoil Átha Cliath, gradam Dorothy Mayer go minic. Tá traidisiún fada ag an scoil freisin maidir le ceoldrámaí a léiriú, ag tabhairt deis do chailíní páirt a ghlacadh i ngach gné den léiriú. Tá freisin, agus é seo ag teacht le saintréith na scoile, grúpa ceoil traidisiúnta ag an scoil, ina bhfuil ceoltóirí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain, agus bíonn siad ag teacht le chéile go rialta don chleachtadh agus don léiriú. Bhí deis ag cigirí an cór agus an ceolfhoireann a chloisint ag Aifreann thús na bliana a tharla le linn na seachtaine meastóireachta.
Tá Cumann Gaelach ag Laurel Hill Coláiste FCJ agus tagann an cumann le chéile uair sa tseachtain agus is iad na mic léinn a eagraíonn na gníomhaíochtaí go léir. Déantar gníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú freisin gach bliain chun an Ghaeilge agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile a chur chun cinn sa scoil. Tacaítear go láidir leis an óráidíocht phoiblí agus leis an díospóireacht, i nGaeilge agus i mBéarla, agus bíonn foirne sóisearacha in iomaíocht go rialta i gcomórtais áitiúla, cúigeach agus náisiúnta, mar shampla iad siúd a eagraíonn Gael Linn, Bord Soláthar an Leictreachais, Cumann Fealsúnachta UCC agus Concern. Bíonn mic léinn an-ghníomhach fresin i gclub scannánaíochta na scoile agus bíonn deis ar fáil dóibh ar an mbealach sin cur lena scileanna aisteoireachta, stiúrthóireachta agus léirithe.
Cuirtear fáil freisn ar raon gníomhaíochta a chuidíonn le forbairt phearsanta agus shóisialta na mac léinn. Tacaíonn na mic léinn le, agus bíonn siad páirteach go rialta in imeachtaí a chuidíonn le tiomsú airgid chun tacú le heagraíochtaí carthanachta in Éirinn agus thar lear. Bíonn na mic leínn gníomhach, mar shampla, san eagrú ar Lá na Misiún, Féile Nollag do Pháistí, Daidí na Nollag agus gníomhaíochtaí eile a ardaíonn tuiscint ar dhaoine easnamhacha. Ardaíonn na gníomhaíochtaí seo feasacht shóisialta agus rannpháirtíocht na mac léinn agus tá ardmholadh tuillte ag a leithéid.
Bíonn turasanna scoile mar chuid de chlár seachchuraclaim agus comh-churaclaim na scoile. Is minic go dtéann na mic léinn ó Laurel Hill Coláiste FCJ chuig tíortha eile, chuig amharclanna, chuig iarsmalanna, agus chuig gailearaithe chun cur lena n-éispéiris oideachasúla.
Tá traidisiún láidir sa scoil freisin d’imirt bheiriste agus múintear do gach dalta sa chéad bhliain conas an cluiche a imirt. Tá club beiriste sa scoil agus bíonn teagasc le fáil ar maidin Dé Sathairn. Glacann mic léinn ón scoil páirt i gcomórtais eadar-scoileanna agus sna mór-chomórtais náisiúnta.
Tá buíon mór de mhúinteoirí díograiseacha bainteach go díreach agus go hindíreach le tacú leis na mic léinn sna gníomhaíochtaí lasmuigh den rang. Aithníonn mic léinn, tuismitheoirí, an fhoireann sinsearach bainsitíochta agus an bord bainistíochta an ról ar leith a bhíonn ag na múinteoirí seo i bhforbairt iomlánaíoch na mac léinn agus i saol na scoile, agus tá ardmholadh ag dul dá leithéid.
Tá na ranna ábhair go léir ar breathnaíodh orthu páirteach go gníomhach sa phleanáil ranna comhoibríoch. Tá tacaíocht faighte ag an bpróiseas seo ó bhainistíocht na scoile sa mhéid is go leagtar síos am ag tús na bliana do seo, agus tugadh ionchur inscoile freisin ón TFPS don fhoireann go léir i Mí Meán Fómhair 2007. Tarlaíonn freisin cruinnithe neamhfhoirmiúla eile de na ranna. Tá na ranna ábhar tar éis tosú ar mhiontuairiscí foirmeálta a choimeád ar na cruinnithe ó Mheán Fómhair 2007. Tá an comhordú ar phleanáil ábhar eagraithe ar bhonn rothlaithe i roinnt ranna. Cuidíonn a leithéid de dhea-chleachtas le múinteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar ghnóthaí a théann i bhfeidhm ar a n-ábhar agus déanann sé iad a chumasú chun tosaíochtaí a ghlacadh i bhforbairt an teagaisc agus na foghlama.
Tá na pleananna foirmeálta sna hábhair a ndearnadh meastóireacht orthu ag pointí éagsúla dá bhforbairt. Tá aidhmeanna, cuspóirí, agus imlíne de na cúrsaí ar fáil do gach bliain ghrúpa.
Bhí teagasc éifeachtach le feiceáil le linn na meastóireachta. Bhí struchtúr maith ar na ceachtanna, bhí luas cuí teagaisc in úsáid agus bhí an t-ábhar ag teacht le riachtanais an tsiollabais. Ba léir pleanáil chuimsitheach gearrthréimhseach agus ullmhúchán ar acmhainní a bhí ag tacú leis na ceachtanna i ngach rang agus bhí cailíocht an ullmhúcháin seo don teagasc agus don fhoghlaim ar ardchaighdeán mar a bhí freisin filteáin ullmhúchan na múinteoirí. Nuair a bhí barrchleachtas le feiceáil, ba léir go raibh spriocanna foghlama ar leith mar bhunús leis an bpleanáil, agus cuireadh na spriocanna foghlama sin in iúl do na foghlaimeoirí ag tús na gceachtanna. Chuidigh sé seo leo an fhoghlaim nua a cheangal le foghlaim a bhí tarlaithe cheana féin, agus bhí an fhreagracht acu féin ar chuid dá bfhoghlaim.
Seachas na ceachtanna Béarla, ba í an Ghaeilge an teanga a bhí in úsáid sna seomraí ranga agus léirigh na mic léinn ardchumas Gaeilge. Ghlac na múinteoirí cúram maidir le saibhriú a dhéanamh ar fhoclóir na mac léinn agus thug siad míniú simplí dóibh ar fhocail chasta gan aon úsáid a bhaint as an aistriúchán go Béarla.
Nuair a bhí raon modhanna teagaisc in úsáid bhí deis ag na mic léinn inmheánú a dhéanamh ar ábhar an cheachta le linn tréimhse an cheachta. Baineadh úsáid as an teagasc ranga uile agus daingníodh é seo le grúp-ghníomhaíochtaí ina raibh deis ag mic léinn bheith gníomhach le hábhar an cheachta ar bhealach a chuidigh le míniú a fhorbairt. I measc na modhanna teagaisc eile a úsáideadh bhí an fhoghlaim ghníomhach. Baineadh úsáid as stráitéisí ceistiúchán agus míniúchán a bhí sciliúil agus éifeachtach chun rannpháirtíocht na mac léinn a fhorbairt sa ghníomhaíocht fhoghlama, chun a dtuiscint a sheiceáil, chun eolas nua a cheangal le heolas a bhí acu cheana féin, agus chun aiseolas a sholáthar do mhic léinn ar a ndul chun cinn. D’éirigh leis na múinteoirí ar an mbealach seo cothromaíocht a bhaint amach idir ionchur an mhic léinn agus an mhúinteora. Chun cur leis na scileanna ardoird agus leis an bhfoghlaim i ngach rang, moltar go ndéanfadh na múinteoirí an fhoghlaim neamhspleách a fhorbairt ar bhealach níos cinnte i ngach rang. I gcomhthéacs na ranganna cumais mheasctha, ba chóir níos mó machnaimh a dhéanamh ar an difreálú a úsáid chun freastal ar raon riachtanas fhoghlama na mac léinn.
Báineann na muinteirí úsáid go héifeachtach as na cláir bhána agus iad ag cur struchtúr ar na ceachtanna nó ag clárú focail ar leith a bhaineann leis an gceacht agus moltar go ndéanfaí a leithéid de chleachtas a leathnú chuig na ranganna go léir ionas gur féidir léiriú súl a thabhairt ar an bhfoclóir nua agus cur le cumas na mac léinn sa litriú. D’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar an úsáid chruthaitheach a baintear as téacsleabhair, as acmhainní atá curtha ar fáil ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus as acmhainní TFC mar chuidiú don teagasc agus don fhoghlaim. Bhí leíriú suntasach d’acmhainní clos-amharc agus coincréideacha in úsáid ag na múinteoirí chun tacú le foghlaim na mac léinn agus rinne gach múinteoir iarrachtaí ar thimpealachtaí spreagúla, fís-shaibhir agus prionta-shaibhir a chruthú sna ranganna. Mar sin féin bhí raon teoranta de ghnéithe trí Ghaeilge ar taispeáint i roinnt ranganna agus moltar go dtabharfaí aird air seo ar bhonn práinne.
Bhí éifeacht ag baint le bainistíocht na foghlama agus an teagaisc a bhain le gach múinteoir agus bhí dea-chaidreamh idir na múinteoirí agus na mic léínn. Bhí na mic léinn aireach sna ranganna agus bhí leibhéil rannpháirtíochta ard acu sna ranganna, agus bhí siad lán-ghníomhach beagnach i gcónaí. Chuidigh an dearbhú leanúnach le rannpháirtíocht na mac léinn agus le hatmaisféar dearfach a chothú sna seomraí ranga.
Bhí comhthuiscint ar na hionchais arda a bhí ann do mhic léinn maidir lena bhfoghlaim agus lena n-iompar, agus ba léir go raibh na mic léinn ag foghlaim.
Baineann na múinteoirí úsáid as raon modhanna measúnaithe chun cumas agus dul chun cinn na mac léínn a mheas. Ina measc seo bíonn modhanna múnlaitheacha ar nós athbhreithniú ar an obair bhaile, ceisteanna ó bhéal, obair ghrúpa, measúnuithe rialta sa rang agus monatóireacht leanúnach ar obair scríofa agus ar obair phraiticiúl na mac léinn. Tá polasaí aontaithe ag an scoil don obair bhaile ar a n-airítear an úsáid a baintear as dialann ar leith don obair bhaile. Léiríodh sna dialanna ar breathnaíodh orthú éagsúlacht agus rialtacht san obair bhaile a tugadh do na mic léinn. Mar sin féin ní minic a bhí an clárú ar an obair bhaile a bhí le déanamh scríofa i nGaeilge. Moltar dá réir sin go ndéanfadh an scoil éascaíocht, tacaíocht agus monatóireacht ar an gclárú trí Ghaeilge ar obair bhaile na mac léinn sna dialanna, de réir mar a réitíonn le sainspiorad na scoile. Déanadh monatóireacht ar an obair bhaile i ngach rang a breathnaíodh. In amanna, tugadh aitheantas d’obair an mhic léínn le tic nó le tagairt ghearr. In amanna eile, bhí aiseolas le fáil ó thagairt an mhúinteora a dhearbhaigh na buanna a bhain leis an bpíosa oibre agus a mhol tuairimí coincréideacha maidir leis an bhfeabhsú. Moltar a leithéid mar léiriú ar an mbarrchleachtas.
Déantar dul chun cinn na mac léinn sa chéad bhliain (‘idirbhliain’) agus sa dara bliain a mheas trí mheasúnú leanúnach, agus cuirtear tuairiscí amach chuig tuismitheoirí ag an Nollaig agus sa samhradh. Bíonn scrúduithe foirmeálta ag an tríú bliain agus ag an cúigiú bliain um Nollaig agus sa samhradh. Bíonn scrúduithe foirmeálta um Nollaig ag an ceathrú bliain agus ag an séú bliain agus bíonn réamhscrúduithe teastais acu san earrach. Cláraítear torthaí na mac léinn mar is cuí trí chóras dialainne an mhúinteora. Moltar go dtabharfaí aitheantas sa mharc a bronntar ag deireadh an téarma do na scrúduithe do scileanna ar leith a bhaineann leis an ábhar. Cuirtear in iúl do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí faoi na torthaí trí dhialanna don obair bhaile, trí thuairiscí scoile a éisiúint faoi dhó sa bhliain, agus trí chruinnithe idir na tuismitheoirí agus na múinteoirí a eagraítear uair sa bhliain.
Tá an scoil bródúil as cáilíocht na tacaíochta a cuirtear ar fáil, agus tá forbairt déanta ar chórais agus ar nósanna imeachta a dheimhníonn go gcuirtear an cúram is fearr ar fáil do mhic léinn. Tá cultúr an-láidir cúraim sa scoil agus bhí sé seo soiléir le linn na meastóireachta, rud atá go mór le moladh.
Tá beartas iontrála agus polasaí don rollú curtha i gcrích ag an scoil mar a éilítear go reachtúil agus tá an polasaí seo ag teacht le sainspiorad na scoile, agus ag freagairt freisin don pholasaí rollaithe atá ag feidhmiú anois sna scoileanna uile i gcathair Luimní.
Tá sé i gceist go gcuideodh an clár ‘idirbhliana’ sa chéad bhliain le mic léinn an t-aistriú a dhéanamh gan dua ó scoileanna a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga iontu den chuid is mó chuig an saol iarbhunscoile lán-Ghaelach agus tuairiscítear go gcuidíonn an clár atá i bhfeidhm le héascaíocht a dhéanamh ar an aistriú seo.
Cuirtear na mic léinn i ranganna cumais mheasctha nuair a thagann siad isteach sa scoil agus leantar leis an socrú seo tríd na scoile don bhformhór mór d’ábhair. Aimsítear na mic léinn a mbíonn gá acu le riachtanais bhreise oideachais tar éis dul i gcomhairle leis na bunscoileanna óna dtagann siad agus tar éis úsáid a bhaint as trialacha rang-bhunaithe agus dul i gcomhairle leis na múinteoirí ábhair sa chéad téarma. Ní déantar aon triail dhiagnóiseach a riaradh. Mar aon leis na socruithe atá ann faoi láthair moltar go dtabharfadh an scoil aird ar chóras níos foirmeálta a chur i bhfeidhm chun mic léinn a bhfuil riachtanais bhreise fhoghlama de dhíth orthu a aithint nuair a théann siad isteach sa scoil. Beidh an t-aitheantas agus an tacaíocht do na mic léinn seo níos tábhachtaí fós nuair a thagann deireadh leis an tréimhse ceithre bliana atá ann mar chlár faoi láthair, agus nuair a bhíonn scrúdú an Teastas Shóisearaigh á dhéanamh ag mic léinn tar éis trí bliana.
Tá soláthar 0.5 páirtaimseartha de choibhéis lánaimseartha (WSE) ag an scoil faoi láthair don mhúinteoireacht feabhais agus tá na huaireanta a bhaineann leis an leithdháileadh seo curtha i dtreo méid na ranganna a laghdú i raon ábhar de réir mar is gá.
Tá uaireanta acmhainne agus acmhainní breise eile ar fáil ag an scoil do riachtanais oideachais speisialta. Cuirtear tacaíocht ar fáil faoi láthair ó mhúinteoir ábhair nach bhfuil oiliúint ar leith aici chun an tacaíocht seo a chur ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta an ábhair ar an gclár ama. Tá pleananna aonair oideachais (IEP) ullmhaithe agus tá siad seo á gcur i bhfeidhm faoi láthair. Cé go bhfuil an soláthar atá á chur ar fáil faoi láthair ar ardchaighdeán ba chóir pleanáil chun soláthar foirne le cáilíochtaí sa tacaíocht fhoghlama a fháil nó oiliúint a chur ar mhúinteoir atá faoi láthair ag cur tacaíochta ar fáil sa réimse seo.
Cé nach bhfuil faoi láthair foireann ar leith do thacaíocht foghlama ann tá, mar sin féin, ceangal láidir idir an múinteoir a chuireann na huaireanta tacaíochta ar fáil, an múinteoir gairmthreorach agus an fhoireann shinearach bhainistíochta. Moltar go ndéanfaí an cur chuige comhoibríoch seo a fhorbairt trí struchtúr tacaíochta foghlama níos foirmeálata a chur ar fáil. Agus nuair a bhunófar a leithéid go dtiocfaidh an fhoireann seo le chéile go rialta chun soláthar cuí a chur ar fáil do mhic leinn sa réimse sin.
Tá nósanna imeachta curtha i dtreo ag an scoil chun plé le heagraíochtaí ó lasmuigh, mar shampla an tSeirbhís Náisiúnta Siceolaíochta Oideachais (NEPS), an tEagraí ar Riachtanais Oideachais Speisialta (SENO), Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte (HSE) agus cuirtear comhairle agus eolas ar fáil mar is cuí do thuismitheoirí, agus bíonn siad rannpháirteach sa phróiseas nuair a tharlaíonn sé.
Tá nósanna imeachta ann chun mic leínn a bhíonn i mbaol a aithint, agus chun tacú leo. Bíonn tacaíocht ar fáil go discréideach freisin do mhic leínn a bhfuil deacrachtaí acu ionas gur féidir leo uasmhéid rannphairtíochta a bheith acu i saol na scoile. Moltar na socruithe seo.
Díríonn an scoil go speisialta ar an tinreamh agus déantar rolla a ghlaoch ar maidin agus um thrathnóna gach lá. Claraítear freisin gach mac léinn a thagann chun na scoile nó a fhagann an scoil lasmuigh de ghnáthuaireanta na scoile agus déantar an clarú seo i leabhar san oifig fáilte. Tá a leithéid de chleachtas dírithe ar a dheimhniú go mbaineann mic léinn an méid is fearr as a bhfreastal ar an scoil.
Tá an scoil ag fáil soláthar breise 0.77 múinteoir don Ghairmthreoir lasmuigh den ghnáth mhéid a ceadaítear, agus ceapadh an comhairleoir gairme le déanaí. Bhí an múinteoir seo lárnach ó ceapadh í i ndréachtadh an phlean ghairmethreorach agus tá cur chuige scoile uile ar sholáthar treorach á chur i bhfeidhm faoi láthair. Is inmholta a leithéid.
Tá seomra treorach ag an scoil ina bhfuil oifig agus ionad oibre do mhic léinn, agus tá fáil ann ar TFC, mar aon le seomra beag do chruinnithe. Tá guthán ar fáil freisin in oifig an chomhairleora. Tá seomra ríomhairí na scoile taobh leis an seomra treorach agus baintear úsáid as seo freisin do ranganna treoir ghairme (TG).
Tá cur síos i bpolasaí treorach na scoile go nglacfaidh an comhairleoir gairme páirt sna seisiúin eolais a cuirtear ar fáil do thuismitheoirí nuair a bhíonn siad ag cuidiú lena bpáistí rogha ábhar a dhéanamh agus moltar an cur chuige seo. Tá sé i gceist freisin go mbeadh ionchur ar chur chuige scoile uile don soláthar treorach ag cruinniú foirne níos déanaí i mbliana.
Ghlac an comhairleoir gairme páirt ghníomhach in ionduchtú na mac léinn in ‘idirbhliain’ na chéad bhliana ar a gcéad lá ar scoil. Bhí baint aige seo le míniú a thabhairt do na mic léinn ar an gclár ama agus socruithe a dhéanamh le go mbeadh taisceadán ag gach mac léinn ionas go mbeadh ar a gcumas a nithe pearsanta a chur faoi ghlas. Ar na laethanta ina dhiaidh sin mhínigh an comhairleoir gairme dóibh an cur chuige maidir leis na bandaí d’ábhair roghnacha agus deimhníodh gur laghdaíodh a n-imní maidir leis na nithe seo. Moltar a leithéid de chur chuige.
Ar mhaithe le treoirchlár cuimsitheach a sholáthar do na mic léinn i Laurel Hill Coláiste FCJ tá an scoil tar éis nasc láidir a chruthú le heagraíochtaí gnó áitiúla, le hollscoileanna, le hinstitiúidí teicneolaíochta agus le comhlachtaí oideachais agus oiliúna eile.
Tá struchtúr éifeachtach tacaíochta ag an scoil agus tá cur síos le fáil ar seo sa pholasaí tréadchúraim. Sa pholasaí seo déantar an tréadchúram a shainmhíniú mar chúram ar fholláine gach ball de phobal na scoile. Tugtar cúram do mhic léinn ar bhealach neamhfhoirmeálta ó sheiplíneach a thagann ar cuairt agus ón gcomhordaitheoir ar fhorbairt creidimh, ón gcomhairleoir gairme, ón bhfoireann shinsearach bhainistíochta, ó mhúinteoirí ranga a bhfuil ról an-chinnte acu, ó mhúinteoir le freagracht ar leith do mhic léinn sa chúigiú bliain, ón dá chinnirí bliana, ó chomhlachas na mac léinn agus ó chóras ‘compánaíochta’ na hArdteistiméarachta.
Is inmholta é go nglacann na múinteoirí ranga ról deonach sa ghnó seo ach bíonn aitheantas do na múinteoirí le dualgais speisialta do bhliain ghrúpa ar leith, agus freisin don bheirt a bhfuil cinnireacht bliana mar chúram mar chuid dá bpost dualgais speisialta nó dá bpost mar phríomhoidí cúnta. Ar mhaithe le hord a chur ar an struchtúr tréadchúraim atá sa scoil faoi láthair moltar go ndéanfaí na róil dheonacha agus na poist fhreagrachta a fhorbairt agus a fhoirmeálú trí fhoireann tréadchúraim ar a mbeidh baill den fhoireann bhainistíochta sinsearach, an comhairleoir gairmethreorach, baill de na foirne réiligiúin, OSPS agus foireann na tacaíochta foghlama, ionadaithe ó na múinteoirí ábhar agus ó na cinnirí bliana. Moltar freisin go mbeadh cinnire bliana ag gach bliain ghrúpa agus go mbeadh tréadchúramaí acu seo agus go mbeadh na dualgais seo mar chuid den eagrú poist sa bhainistíocht inscoile.
Tá coiste smachta éifeachtach ag feidhmiú sa scoil, ar a bhfuil an coiste sinsearach bainistíochta agus príomhoidí cúnta. De ghnáth ní fheidhmíonn na príomhoidí cúnta ar choiste smachta do mhic léinn a bhfuil baint dhíreach acu leo, agus tá sé i gceist leis seo mar chóras go ndéanfaí cód iompair na scoile a chur i bhfeidhm go cothrom agus go leanúnach. Moltar go nglacfadh an córas cinnireachta bliana a luadh cheana, nuair a bunaítear é, freagrachtaí an choiste smachta agus go ndéanfaí ansin teagmhálacha foirmeálta idir na bliain-chinnirí agus an fhoireann tréadchúraim a bhunú.
Tá ceannaire agus leas-cheannaire scoile ó gach rang Ardteistiméireachta sa scoil agus déantar iad seo a thogadh as na ranganna sin mar aon le beirt chaptaen spóirt. Bíonn cinnirí ag gach rang a thoghann a gcomhscoláirí gach bliain. Bíonn teagmháil ag na cinnirí le comhairle na mac léinn, leis an múinteoir teagmhála agus leis an mbainistíocht shinsearach nuair a bhíonn ionadaíochta ar bun acu dá rang-ghrúpaí. Is ionmholta go mór tiomantas na mac léinn seo maidir le páirt a ghlacadh i struchtúir fhoirmeálta a bhíonn ag feidhmiú sa scoil, mar aon le luach a gcuid ionchur féin chun saol na scoile a fheabhsú dá gcomhscolairí.
Tá córas 'dlúthchara' na scoile ag feidhmiú le fada agus leanann an obair seo go héifeachtach. Tríd an gcóras seo roghnaíonn na múinteoirí Teagasc Creidimh mac léinn ardteitiméarachta do gach mac léinn nua a bhíonn ag teacht isteach sa chéad bhliain agus bíonn sí mar mheantóir ag an mac léinn agus í ag tosú sa scoil. Tá na mic léinn ardteistiméarachta a ghlacann páirt san ghnéith seo den scoil ag cur go mór le sainspiorad na scoile agus moltar go mór a gcuid oibre agus a dtiomantas don scoil.
Tá an chumarsáid le mic na scoile agus a rannpháirtíocht sa scoil mar thosaíocht an-láidir i Laurel Hill Coláiste FCJ. Baintear úsáid as gléas idirchumarsáide na scoile go rialta chun mic léinn a choimeád ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí scoile atá le tarlú nó atá curtha i gcrích agus déantar gach iarracht a dheimhniú go mbíonn an chumarsáid le mic léinn aonair ar ardchaighdeán.
Tá comhairle mic léinn ag feidhmiú sa scoil ó 1998, sula raibh sé mar riachtanas a leithéid a bheith ann. Bhí na mic léinn Ardteistiméarachta ar casadh orthu le linn na meastóireachta muiníneach, ábalta agus an-chumas labhartha acu, agus is an-chreidiúint iad don scoil. Ar an gcomhairle mac léinn atá ann faoi láthair tá ionadaí amháin ó gach rang sa tríú agus sa cheathrú bliain (6 mar iomlán), beirt mhac léinn ó gach rang sa chúigiú bliain (4 mar iomlán) agus cúigear mac léinn ó gach rang Ardteistiméarchta (15 mar iomlán). Tagann an chomhairle mic léinn le chéile go rialta agus freastalaíonn muinteoir idirchaidrimh agus múinteoir le post dulagais speisialta ar gach cruinniú. Is í an múinteoir idirchaidrimh a dhéanann teagmháil de ghnáth idir an chomhairle agus na muinteoirí ach nuair is gá is féidir feisin cruinnithe a eagrú leis an fhoireann shinsearach bhainistíochta. Moltar go mbeadh aon chomhairle mic léinn a bhunaítear amach anseo comhdhéanta den mhéid céanna mac léinn ó gach bliain ghrúpa, an chéad bhliain agus an dara bliain san áireamh. Cinnteoidh sé seo cothromaíocht rannpháirtíochta do gach bliain ghrúpa agus cinnteofar go mbíonn taithí le fáil ag na mic léinn níos óige ar fheidhmiú na comhairle, rud a rachaidh chun a leasa agus iad ag dul tríd an scoil.
Tá clár cuimsitheach reiligiúnda ag an scoil agus cuidítear leis an gclár seo a chur i bhfeidhm trí thrí thréimhse in aghaidh na seachtaine do gach bliain ghrúpa a sholáthraíonn roinn reiligiúnda na scoile. Tá seiplíneach freisin a thagann ar cuairt chun na scoile agus a chuireann liotúirgí ar fáil le linn na scoilbhliana. Cothaítear forbairt an chreidimh trí luachanna na Críostaíochta a chur chun cinn, tríd an bhfreastal ar Aifrinn cheiliúrtha le linn na scoilbhliana, trí shaicriméad athmhuintearais, cúrsaí spioradálta do gach bliain ghrúpa, tiomantas ar leith don Mhaighdean Mhuire, tionóil a thosaíonn le paidir agus ceiliúradh speisialta mar aitheantas do lá Fhéile Bríde. Tacaítear leis an gclár cuimsitheach seo don teagasc creidimh, le clár eile ar fhorbairt an chreidimh a mbíonn tacaíocht le fáil dó ó na hoird FCJ, Trócaire agus Slánaitheora, rud atá a reachtáil anois le cúig bliana anuas agus atá á chur i bhfeidhm ag éascaitheoir fuinneamhach agus dúthrachtach. Cuireadh an clár forlíontach seo le chéile chun freastal ar na fadhbanna a d’eascair i ngeall ar ghanntanas séiplíneach a bheith ar fáil do na scoileanna lena mbaineann na hoird rialta seo i gcathair Luimní, chun cuidiú le mic léinn agus iad ar a dturas féin sa chreideamh, chun tacú leis na múinteoirí don teagasc creidimh, agus chun deiseanna a sholáthar do mhic léinn ar mian leo iniúchadh breise a dhéanamh ar a gcreideamh. Bíonn dlúth-chomhoibriú idir roinn an teagaisc chreidimh, an t-éascaitheoir ar fhorbairt creidimh agus an séiplíneach chun an clár seo a chur i bhfeidhm sa scoil.
Déantar soláthar cuí ar an OSPS ar chlár ama na scoile agus, mar aon le treoirchlár gairme na scoile, is lárchuid é seo don tacaíocht a cuirtear ar fáil don uile mhac léinn.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh le linn na meastóireachta:
· Tá na dualgais reachtúla a bhaineann le bord bainistíochta Laurel Hill Coláiste FCJ á gcomhlíonadh ag an mbord go fial agus ar bhealach a chuireann seirbhís ar fáil do phobal na scoile.
· Tá comhlachas na dtuismitheoirí gníomhach agus tacúil le hobair na scoile.
· Tá sár-chinnireacht á léiriú ag an bhfoireann shinsearach bhainistíochta atá ag feidhmiú, agus ba léir a mbainistíocht agus a dtacaíocht do phobal uile na scoile le linn na meastóireachta.
· Comhlíonann baill na bainistíochta inscoile a gcuid dualgas go haonarach, agus mar ghrúpa, go héifeachtach.
· Tá fáil ar phlean scoile cuimsitheach mar aon le doiciméid ábhartha.
· Díríonn curaclam na scoile ar an tiomantas do ráiteas misin na scoile a chomhlíonadh.
· Bíonn raon leathan imeachtaí seachchuraclam ar fáil do na mic léinn agus léiríonn an rannpháirtíocht agus an tacaíocht dheonach do na himeachtaí seo luach na ngníomhaíochtaí do phobal na scoile.
· Tá foireann teagaisc agus tacaíochta dúthrachtach agus díograiseach ar fáil sa scoil.
· Ba léir teagasc éifeachtach i ngach réimse ábhar a scrúdaíodh le linn na meastóireachta.
· Bhí cáilíocht na tacaíochta a cuirtear ar fáil do mhic léinn sa scoil, agus a bhí le feiceáil le linn na meastóireachta, ar ard-chaighdeán.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Ba chóir deireadh a chur de réir a chéile leis an ‘idirbhliain’/tsraith shóisearach ceithre blaina agus an chéad bhliain atá ann faoi láthair a bheith mar an bhliain dheireanach dá leithéid de shocrú. Ba chóir do mhic léinn a bhíonn ag teacht isteach i gColáiste Chnoc na Labhras i Mí Meán Fómhair 2008 tosú ar chúrsa trí bliana mar atá leagtha amach sna Rialacha agus Cláir le hAghaidh Scoileanna Dara Leibhéal.
· Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar phoist fhreagrachta chun a dheimhniú go bhfreagraíonn an sceideal do riachtanais na scoile.
Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus mar ar pléadh na dréacht-chinntí agus na moltaí thuas.
Tá fáil ar na tuairiscí ábharthacha seo a leanas ar Chigireachtaí Ábhar:
· Cigireacht Ábhair ar an mBéarla – 24-25 Mean Fómhair 2007
· Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge – 24-28 Mean Fómhair 2007
· Cigireacht Ábhair ar an Eacnamaíocht Baile- 24-25 Mean Fómhair 2007
· Cigireacht Ábhair ar an Eolaíocht – 25 Mean Fómhair 2007
Aguisín
Arna chur isteach ag an Bord Bainistíochta
Réimse 1: Tuairimí ar ábhar na tuairisce scoile
Cuireann an Bord Bainistíochta fáilte roimh an tuairisc ina bhfuil meon deimhneach léirithe tríd síos. Tá áthas orainn a thabhairt dár n-aire go bhfuil aitheantas agus formhuiniú tugtha ag na cigarí don chaighdeán ard cúraim, teagaisc, foghlama agus pleanála sa scoil chomh maith leis an traidisiún iontach de ghníomhaíochtaí seach-churaclaim atá inti.
Díríonn an tuairisc aird ar a lán de láidreachtaí na scoile agus aimsíonn sí bunbhrí a bunluachanna atá in gcuid lárnach den saol laethúil I Laurel Hill Coláiste FCJ. Tá na nithe seo a leanas luaite, go sonrach, sa tuairisc:
· Déantar fís na scoile a léiriú agus a dhaingniú sna gníomhaíochtaí laethúla a bhíonn ar bun agus bhí atmasféar na comrádaíochta, na dílseachta agus an mheasa a bhíonn ag teacht le fealsúnacht an FCJ le feiceáil le linn na meastóireachta.
· Is í an Ghaeilge teanga laethúil na sclile. Léirigh na mic léinn ardchumas Gaeilge.
· Tá an pháirtnéireacht le tuismitheoirí mar chuid lárnach de shaintréith na sclile.
· Bhí a lán de thuismitheoirí na scoile mar mhic léinn iad féin i gColáiste Chnoc na Labhras FCJ agus thuairiscigh said le linn na meastóireachta go raibh bród ar a bpáistí freastal ar scoil ina bhfuil tuiscint láidir ar phobal agus sár-chomhoibriú idir an fhoireann, na tuismitheoirí agus na mic léinn.
· Cur chuige comhoibríoch a bhíonn I gceist leis an bpleanáil choile i gColáiste Chnoc na labhras FCJ agus bíonn na páirtnéiré scoile go léir bainteach leis seo.
· Oibrionn foireann shinsearach bhainistíochta na scoile chun cinnireacht oideachasúil an – éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar maar aon le heagraíocht chinnireachta agus tacaíochta a chur ar fail dá gcomhghleacaithe teagaisc agus do phobal na scoile uile.
· Tá an tádh le Coláiste Chnoc na Labhras FCJ i ngeall ar na múinteoirí sin ar an bhfoireann a bhfuil an-tiomantas acu don scoil agus tá said le moladh go hard I ngeall ar an obair dheonach a dhéanann said.
· Bíon tacaíocht le fail d’obair na múinteoirí i gColáiste Chnoc na Labhras ó dhíogras agus ó dhúthracht na foirne tacaíochta.
· Bhí na mic léinn Ardteistiméarachta ar casadh orthu le linn na meastóireachta muiníneach, ábalta agus an-chumas labhartha acu, agus is an-chreidiúint iad don scoil.
· Comhlíonann an bord a chuid dualgas go fial ar sheirbhís do phobal uile na scoile.
· Déanann Coláiste Chnoc na Labhras FCJ iarrachtaí ar bharrchumas a bhaint amach I léibhéil ghnóthachtála na mac léinn, mar a oireann de réir a gcumas pearsanta, agus déantar cleachtais iompair dhearfacha a chur cinn le cuidiú ón gcomhairleorieacht gairme agus ó na cláir Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
· Bhí chomhthuiscint ar na hionchais arda a bhí ann do mhic léinn maidir lena bhfoghlaim agus lena n-iompar.
· Chuidigh an dearbhú leanúnach le rannpháirtíocht na mac léin agus le hatmaisféar dearfach a chothú sna seomraí ranga.
· Tá traidisiún fada mórtasach ag Coláiste Chnoc na Labhras I rennphairtíocht spóirt agus gníomhaíochtaí seachuraclaim eile. (haca, comógaíocht, peil, cór, ceolfhoireann, guúpa traidisiúnta, seo na scoile, cumann Gaelach, beiriste, díospóireachtaí srl.)
· Tá an scoil bródúil as cáiliocht na tacaíochta a cuirtear ar cúram is fearr ar fail do mhic léinn.
Mar bhuille scoir tá’n Bord Bainistíochta mórálach as gach duine a bhí páirteach sa phróiseas seo. Gabhann an Bord buíochas leis an lucht bainistíochta inscoile agus le foireann na scoile as a dtíomántas leanúnach to Laurel Hill Coláiste FCJ. Molann an Bord na cigirí as a ndea-bhéasaíocht agus as a ngairmiúlacht.
Réimse 2: Gníomhartha leantacha a rinneadh nó atá beartaithe le déanamh ó cuireadh críoch leis an ngníomhaíocht chigireachta chun tátail agus moltaí na cigireachta a chur i bhfeidhm
Déanfaidh an Bord breithniú cúramach ar mholtaí na tuairisce d’fhonn iad a chur I bhfeidhm, I gcomhthéacs riachtanais ne scoile ina hiomláine agus I gcomhairle leis na páirtnéirí go léir de phobal na scoile. Chuige seo leanfaimid orainn ag déanamh teagmhála lenár gcomhleacaithe sa Roinn Oideachais and Eolaiochta.
Beidh an tuairisc Mheastóireachta Scoile Uile in éineacht le féinmheastóireacht leanúnach na scoile féin ina mbunús d’fhorbairt leanúnach Laurel Hill Coláiste FCJ mar lárionad barr feabhais amach sa todhchaí.
Foilsithe Meitheamh 2008