An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

 

Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge

TUAIRISC

 

Coláiste De La Salle

Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath 14

Uimhir Rolla: 60310E

 

Dáta na cigireachta: 27 Feabhra 2009

 

 

 

 

 

Tuairisc chigireacht ábhair

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

Pleanáil agus ullmhúchán

Teagasc agus foghlaim

Measúnú

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

 

 

 

 

TUAIRISC AR CHÁILÍOCHT NA FOGHLAMA AGUS AN TEAGAISC SA GHAEILGE

 

 

Tuairisc Chigireacht ábhair  

 

Scríobhadh an tuairisc seo tar éis cigireacht ábhair i gColáiste De La Salle, Baile an Teampaill, mar chuid de Mheasúnú Uile Scoile. Leagann sé amach tátail na meastóireachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na scoláirí agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúchán scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na meastóireachta don phríomhoide  agus do na múinteoirí ábhair.

 

 

Soláthar an ábhair agus tacaíocht na scoile uile

  

Cuirtear na scoláirí i ranganna srutha ón gcéad bhliain ar aghaidh ag brath ar thorthaí na dtrialacha measúnaithe a chuirtear orthu roimh theacht chun na scoile dóibh.  Déantar cumas sa Ghaeilge a mheas chomh maith leis an gcumas sa Mhatamaitic agus sa Bhéarla.  Go hiondúil sna ranganna sa tsraith shóisearach is rang amháin gnáthleibhéil agus rang ardleibhéil a bhíonn i gceist ach tuairiscíodh go mbíonn an ardrang sa tríú bliain measctha idir scoláirí ardleibhéil agus roinnt scoláirí gnáthleibhéil.  Is ranganna cumais mheasctha a bhíonn i gceist san Idirbhliain.  Roinntear na scoláirí arís sa chúigiú bliain idir rang ardleibhéil agus rang gnáthleibhéil.  Sa séú bliain bíonn rang amháin comhdhéanta de scoláirí i mbun ardleibhéil agus gnáthleibhéil agus rang eile comhdhéanta de scoláirí i mbun gnáthleibhéil agus bonnleibhéil.

 

Ceithre thréimhse sa tseachtain don Ghaeilge a bhíonn i gceist do na ranganna go léir sa tsraith shóisearach.  Níl an soláthar seo sásúil.  Bheadh sé imholta an cúigiú thréimhse a chur ar fáil don Ghaeilge, mar chroí-ábhar, do dhá cheann de na blianta sa tsraith shóisearach ar a laghad.  Cúig thréimhse sa tseachtain a bhíonn ann don dá chroí-abhair eile, an Mhatamaitic agus an Béarla.  Trí thréimhse a bhíonn ar ar an tráthchlár don Ghaeilge san Idirbhliain.  Bheadh sé imholta tréimhse amháin eile a chur ar fáil don Idirbhliain toisc go bhfuil sé deacair clár spéisiúil cuimsitheach a sholáthar thar thrí thréimhse sa tseachtain.  Tá an soláthar don Ghaeilge ar thráthchlár na scoile don tsraith shinsearach thar a bheith sásúil le sé thréimhse sa tseachtain ar fáil don chúigiú agus don séú bliain.

 

Triúr múinteoir atá i mbun mhúineadh na Gaeilge sa scoil faoi láthair.  Laghdófar an fhoireann Ghaeilge go beirt mhúinteoir an bhliain seo chugainn.  Tá an bheirt seo cáilithe agus tá taithí na mblianta acu i múineadh na teanga.  Tugtar deis don bheirt príomhmhúinteoir Gaeilge na leibhéil agus na haoisghrúpaí go léir a mhúineadh ach bíonn leanúnachas i gceist sa mhéid is go ndéantar iarracht an múinteoir céanna a fhágáil le rang sa tsraith shóisearach nó sa tsraith shinsearach. 

 

Tá a gcuid seomraí ranga féin ag na múinteoirí Gaeilge, rud a thugann deis iontach dóibh atmaisféar Gaelach taitneamhach foghlama a chruthú.  Moltar na múinteoirí as a gcuid oibre maidir leis na seomraí a mhaisiú ar bhealach spreagúil agus suimiúil.  D’fhéadfaí breis béime a leagan ar fhocail agus ar fhrasaí úsáideacha i nGaeilge, a chur in airde ar fhallaí na seomraí ranga d’fhonn cabhrú le scoláirí abairtí a chur le chéile agus iad ag labhairt leis na múinteoirí.

 

Tuairiscíodh go mbeadh Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh sa scoil an tseachtain i ndiaidh na cigireachta.  Bhí sé i gceist scannáin Ghaeilge a thaispeáint, tráth na gceist a eagrú chomh maith le roinnt comórtaisí.  Moltar obair na múinteoirí ina leith seo go mór.  Tá sé rí-thábhachtach aon deis a thapadh chun an teanga a léiriú do scoláirí mar theanga bheo lasmuigh den seomra ranga.  Moltar go leanfadh na múinteoirí orthu ag forbairt clár imeachtaí eischuraclaim agus traschuraclaim a rachadh ar aghaidh i rith na scoilbhliana go léir.

 

Tuairiscíodh go spreagtar scoláirí chun freastal ar choláistí Gaeltachta sa samhradh.  Tagann múinteoir ó cheann de na coláistí Gaeltachta i nDún na nGall chun labhairt leis na scoláirí gach bliain.  Dúradh le linn na cigireachta go bhfuil seachtar scoláire ag dul chun na Gaeltacha an samhradh seo as an gcéad bhliain.  Moltar go leanfaí ag spreagadh scoláirí chun dul ar chúrsa Gaeilge sa samhradh. Anuas air sin, moltar go gcuirfí tuismitheoirí na scoláirí ar an eolas chomh maith agus go meabhrófaí dóibh go bhfuil cúrsaí Gaeilge ar fáil i mBaile Atha Cliath sa samhradh freisin.  Chabhródh tréimhse ar chúrsa Gaeilge sa samhradh go mór le scoláirí aonair agus chabhródh a leithéid le próifíl na Gaeilge a ardú sa scoil freisin.

 

Nil aon bhuiséad ar leith ann do mhúineadh na Gaeilge sa scoil ach bíonn fáilte roimh mhúinteoirí iarratais a chur faoi bhráid an phríomhoide.  Tuairiscíodh go bhfuil líon beag áiseanna ar fáil do mhúineadh na Gaeilge sa scoil faoi láthair.  Moltar go ndéanfadh na múinteoirí plé ina measc féin maidir le háiseanna nua a aithint agus a fháil don scoil de réir a chéile agus go gcoiméadfaí na hacmhainní seo in áit lárnach.  Ba cheart go gcuirfí liosta suas chun dáta d’áiseanna don teanga  sa scoil le chéile gach bliain, agus go mbeadh an liosta sin mar chuid den phlean do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge.

 

 

Pleanáil agus ullmhúchán

 

Buaileann múinteoirí na Gaeilge le chéile uair sa téarma ar bhonn foirmeálta.  Tuairiscíodh go mbíonn neart deiseanna ag na múinteoirí bualadh lena chéile go neamhfhoirmeálta chomh maith.  Coimeádann na muinteoirí nótaí de na cruinnithe seo i nGaeilge.  Moltar go mbeadh taifead níos iomláine coinnithe ar na cruinnithe d’fhonn moltaí agus cinntí a thaifeadadh go cruinn.

 

Cuireadh plean ar fáil ar lá na cigireachta do mhúineadh agus foghlaim na teanga.  Tá an plean bunúsach go maith mar atá sé.  Is gá mar sin, plean i bhfad níos cuimsithí a chur le chéile do mhúineadh na teanga sa scoil.  Ba cheart go gcuimseodh plean do mhúineadh agus foghlaim na teanga sa scoil na nithe seo a leanas:  liosta topaicí agus ábhar le clúdach le gach leibhéal agus gach bliainghrúpa; cur síos ar straitéisí cumarsáide, modheolaíochtaí difriúla, áiseanna agus acmhainní le húsáid sna ranganna, spriocanna foghlama  le haghaidh gach rang ghrúpa agus sonraí ar mhodhanna measúnaithe.  Is gá freisin díriú ar phleanáil d’úsáid theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC).  Beidh cúrsaí sa TFC á gcur ar fáil, sa bhFómhar 2009, ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus d’fhéadfadh na múinteoirí freastal orthu seo.

 

Cuireadh plean gairid ar fáil le linn na cigireachta, do mhúineadh na Gaeilge san Idirbhliain. Braitheadh go raibh an plean ró-ghinearálta agus ró-dhírithe ar scoláirí a ullmhú do scrúdú na  hArdteistiméireachta. Moltar do na múinteoirí plé a dhéanamh ar phrionsabail agus ar shainmheon na hIdirbhliana.  Tugann an Idirbhliain deis do mhúinteoirí ábhair a mhúineadh ar bhealaí nuálacha cruthaitheacha spéisiúla.  Tugann an Idirbhliain deis do mhúinteoirí Gaeilge go sonrach, an teanga a léiriú do scoláirí mar theanga bheo agus a gcuid spéise i bhfoghlaim na teanga a mhúscailt.  Moltar go gcuirfí clár leathan ilghnéitheach le chéile don Idirbhliain.  Ba cheart go dtabharfadh an clár bliana aird ar na bunscileanna teanga, scileanna cumarsáide ach go háirithe, ach go dtabharfadh sé deis chomh maith do na scoláirí taithí a fháil ar na nGaeilge mar theanga bheo ar an iliomad slite taitneamhacha tairbheacha.  Ba cheart go mbainfí úsáid as réimse leathan modheolaíochtaí spéisiúla agus spreagúla.  D’fhéadfaí an clár bliana a bhunú ar chóras modúil agus go mbeadh na modúil seo bunaithe ar ghnéithe éagsúla d’fheasacht agus d’fhoghlaim teanga.  Tuairiscíodh, mar shampla, go mbíonn na scoláirí ag plé le cúrsaí raidió le linn na hIdirbhliana mar chuid de chláracha ábhair eile, agus go bhfuil teacht ar stiúideo fuaime sa scoil.  D’fhéadfaí modúl an-spéisiúil a dhearadh do scoláirí na hIdirbhliana bunaithe ar na meáin chumarsáide Ghaeilge.  D’fhéadfaí cur isteach ar na comórtaisí éagsúla do chláracha raidió agus teilifíse atá ar fáil mar chuid den mhodúl.

 

Rinneadh pleanáil mhaith chuimsitheach do na ranganna a breathnaíodh agus bhí luas maith le formhór na ranganna dá bharr sin.  Moltar ach go háirithe an dlúthdhiosca agus na ceisteanna a réitíodh mar chuid de thráth na gceist boird.  Bheadh sé inmholta babhta amháin d’aon thráth na gceist a eagraítear amach anseo, a bhunú ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge go sonrach.

 

 

Teagasc agus foghlaim

 

Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide an-mhaith sna ranganna a breathnaíodh.  Rinne múinteoirí a ndícheall a chinntú gurb í an sprioctheanga a bhí i réim sna ranganna Gaeilge agus moltar iad as a ndíograis ina leith seo.  Rinneadh an-iarracht freisin gan dul i muinín an aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla d’fhonn tuiscint na scoláirí ar ábhar an cheachta a chinntiú.  Moltar an cur chuige seo go mór.  Rinne na scoláirí iarrachtaí maithe i ranganna áirithe na múinteoirí a fhreagairt agus ceisteanna a chur orthu i nGaeilge de réir a gcumas.  Bhí cás amháin, áfach, inar labhair scoláirí Béarla ar bhonn leanúnach leis an múinteoir.  Bhí na scoláirí seo ag leibhéal cumais go mbeifeá ag súil leis go ndéanfaidís iarracht Gaeilge a labhairt.  Moltar do na múinteoirí polasaí a aontú i leith úsáid na sprioctheanga agus a chur i gcuimhne do na scoláirí ón gcéad bhliain ar aghaidh gur gá an iarracht a dhéanamh an teanga a úsáid sa rang.

 

Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh.  Shiúil múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag cabhrú le scoláirí éagsúla agus ag cinntiú go raibh an obair á cur i gcrích.  Ba léir go raibh caidreamh maith idir na múinteoirí agus na scoláirí agus bhí cúrsaí araíonachta ar fheabhas.  Tugadh moladh leanúnach do scoláirí a raibh iarrachtaí maithe á ndéanamh acu sna ranganna.

 

Rinneadh iarrachtaí fónta i roinnt ranganna neart deiseanna cumarsáide a chur ar fáil do scoláirí.  I gcás amháin, tosaíodh an rang le caint oscailte as Gaeilge agus tugadh deis do scoláirí ceisteanna a fhreagairt ar ábhar a bhain lena saoil féin go sonrach.  Moltar é seo mar chur chuige.  I gcuid eile den cheacht tugadh deis do scoláirí obair bheirte a dhéanamh agus leanadh ansin le ról-imirt os comhair an ranga ar an obair a bhí ullmhaithe acu ina mbeirteanna.   Tugadh go leor deiseanna do na scoláirí Gaeilge a labhairt le linn na ngníomhaíochtaí go léir ar baineadh úsáid astu.  Is dea-chleachtas é seo.  I roinnt mhaith cásanna, áfach, d’fhreagair scoláirí ceisteanna a cuireadh orthu le focal  nó dhó.  Moltar abairtí iomlána a lorg mar fhreagraí ar cheisteanna más féidir.  Tugann sé seo deis bhreise do na scoláirí taithí a fháil ar chomhréir na teanga.

 

Breathnaíodh cás amháin inar cuireadh dán i láthair scoláirí ar bhealach an-éifeachtach ar fad.  Míníodh cúlra an dáin dóibh agus ansin fad is a bhí an dán á léamh tugadh cur síos an-mhaith do scoláirí ar cad a bhí ag tarlúint.  Tugadh cur síos ar atmaisféar an dáin ar bhealach fileata agus ealaíonta.  Rinneadh an-iarracht ansin na scoláirí a chur ag machnaimh ar fhocail agus ar théamaí an dáin.  Ar mhaithe le cur le tuiscint na scoláirí ar an dán agus lena gcuid spéise i dtéamaí an dáin moltar pictiúir de na suíomhanna agus na téamaí éagsúla a raibh trácht orthu sa phíosa filíochta sin, a úsáid.  D’fhéadfaí úsáid a bhaint freisin as fuaimriail nó ceol chun cur le tráchtaireacht an mhúinteora.  Moltar do na múinteoirí úsáid a bhaint as réimse áiseanna chun ábhar na gceachtanna, an prós agus an litríocht ach go háirithe, a chur i gcomhthéacs do scoláirí.  Baineadh úsáid an-éifeachtach as an gclár bán sna ranganna Gaeilge chomh maith le cúpla áis eile ar nós póstaeir agus dlúthdhiosca.  Seachas na háiseanna sin, áfach, is beag acmhainn nó áis eile a bhí in úsáid sna ranganna Gaeilge.  Moltar go mbainfí úsáid as réimse i bhfad níos leithne áiseanna d’fhonn spéis na scoláirí sa teanga a mhúscailt agus a fhorbairt.  Is áiseanna iontacha iad na meáin chumarsáide Ghaeilge agus is ba chóir iad a úsáid go tráthrialta.

 

Bhí éagsúlacht mhaith gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama i roinnt de na ranganna a breathnaíodh agus moltar é sin mar chur chuige.  Tá sé tábhachtach tascanna éagsúla a bheith mar chuid den tréimhse ranga le cinntiú go gcoimeádtar spéis na scoláirí agus go dtugtar deis dóibh scileanna éagsúla teanga a chleachtadh.  Breathnaíodh cás amháin inar iarradh ar scoláirí an foclóir nua a tugadh dóibh a chur in abairtí, ar an toirt, sa rang.  Is dea-chleachtas é seo toisc go gcinntíonn sé go dtuigeann scoláirí brí an fhoclóra nua agus toisc go gcinntíonn sé gur féidir le scoláirí úsáid fheidhmiúil a bhaint as na focail. 

 

 

Measúnú

 

Eagraítear scrúduithe tí faoi dhó sa bhliain, ag an Nollag agus sa samhradh.  Chomh maith leis sin bíonn scrúduithe ranga ann i mí na Samhna agus faoi Cháisc.  Cuirtear tuairiscí abhaile chuig tuismitheoirí i ndiaidh na scrúduithe sin go léir, rud a chiallaíonn go bhfaigheann tuismitheoirí ceithre thuairisc in aghaidh na bliana.  Is dea-chleachtas é seo.

 

Tagann scrúdaitheoir seachtrach chun na scoile gach bliain chun bréag scrúdú béil a chur ar lucht na séú bliana sa Ghaeilge.  Is ceacht maith foghlama é seo do scoláirí toisc go dtugann sé deis dóibh an scrúdú béil a dhéanamh le scrúdaitheoir seachtrach.  Tuairiscíodh nach ndéantar scileanna cumarsáide a mheas go foirmeálta in aon bhliainghrúpa eile.  Moltar, mar sin, go ndéanfaí scileanna cumarsáide na scoláirí a mheas ón gcéad bhliain ar aghaidh gach bliain.  Ba cheart na marcanna seo a chur san áireamh sna torthaí deireadh bliana.  Tá sé tábhachtach an bhéim chuí a leagan ar chúrsaí cumarsáide ón gcéad bhliain agus go dtuigfeadh na scoláirí an tábhacht a bhaineann leis an ngné seo d’fhoghlaim na teanga.  D’fhéadfaí scrúdú an Fháinne a eagrú do lucht na hIdirbhliana mar chuid den chlár na bliana sin.

 

Déantar anailís ar ghnóthachtáil na scoláirí na scrúduithe stáit gach bliain.  Tugadh faoi deara go mbíonn athruithe suntasacha sna huimhreacha ag tógáil na leibhéil éagsúla sna scrúduithe stáit ó bhliain go bliain.  Anuas air sin, bíonn líon na scoláirí ag tógáil ardleibhéil sa Ghaeilge, san Ardteistiméireacht ach go háirithe, íseal go maith.  Moltar do na múinteoirí féachaint ar straitéisí éagsúla chun an líon scoláirí a thógann ardleibhéal sna scrúduithe stáit a ardú.

 

  

Achoimre ar na príomhchinntí agus moltaí

 

Is iad seo a leanas na príomhchinntí a aithníodh le linn na cigireachta:

 

·         Tá an soláthar don Ghaeilge sa tsraith shinsearach sa scoil thar a bheith sásúil.

·         Moltar na múinteoirí as a gcuid seomraí ranga a mhaisiú ar bhealach ealaíonta agus taitneamhach agus as atmaisféar Gaelach a chruthú iontu.

·         Moltar an obair atá ar siúl ag na múinteoirí i leith phleanáil do Sheachtain na Gaeilge.

·         Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide an-mhaith sna ranganna a breathnaíodh.

·         Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh agus bhí cúrsaí araíonachta ar fheabhas.

·         Moltar na múinteoirí as na samplaí deachleachtais múinteoireachta a breathnaíodh sna ranganna Gaeilge.

 

 

Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint: 

 

·         Moltar do bhainistíocht na scoile féachaint ar líon na dtréimhsí Gaeilge atá ar fáil do na ranganna sa tsraith shóisearach agus san Idirbhliain d’fhonn an soláthar a mhéadú don bhliain seo chugainn.

·         Moltar do na múinteoirí tógaint ar an obair i leith Sheachtain na Gaeilge agus clár níos leithne imeachtaí eischuraclaim agus traschuraclaim a phleanáil don scoilbhliain ar fad.

·         Moltar do mhúinteoirí agus don bhainistíocht buntáistí na gcúrsaí Gaeilge samhraidh a mheabhrú do thuismitheoirí agus a chur in iúl dóibh go bhfuil a leithéid ar fáil go

      háitiúil chomh maith leis na cúrsaí sa Ghaeltacht.

·         Moltar liosta na n-áiseanna atá sa scoil do mhúineadh na teanga a chur le chéile agus pleanáil a dhéanamh chun teacht ar réimse níos leithne acmhainní don ábhar.  Moltar go

      mbainfí úsáid leanúnach as na háiseanna sin sna ranganna.

·         Moltar go gcuirfí plean cuimsitheach le chéile do mhúineadh agus foghlaim na teanga sa scoil, ag tógaint san áireamh pleanáil don Idirbhliain agus d’úsáid TFC.

·         Moltar go ndéanfaí scileanna cumarsáide na scoláirí a mheas ón gcéad bhliain ar aghaidh.

 

Eagraíodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge agus leis an bpríomhoide ag deireadh na meastóireachta mar ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.

 

 

 

 

 

Foilsithe Feabhra 2010