
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Department of Education and Science
Cigireacht Ábhair ar an nGaeilge
TUAIRISC
Catholic University School
Sráid Liasáin, Baile Átha Cliath 2
Uimhir rolla: 60540V
Dáta na cigireachta: 27 Márta 2007
Dáta eisiúna na tuairisce: 21 Feabhra 2008
Soláthar an Ábhair agus Tacaíocht na Scoile Uile
Achoimre ar na Príomhchinntí agus Moltaí
Tuairisc ar Cháilíocht na Foghlama agus an Teagaisc sa Ghaeilge
An Tuairisc Chigireachta Seo
Scríobhadh an tuairisc seo tar éis chigireacht ábhair sa Catholic University School. Leagann sé amach tátail mheasúnachta maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge agus déanann moltaí d’fhorbairt theagasc an ábhair seo sa scoil. Rinneadh an mheastóireacht seo thar lá amháin inar thug an cigire cuairt ar sheomraí ranga agus inar breathnaíodh an teagasc agus an fhoghlaim. Bhí caidreamh ag an gcigire leis na mic léinn agus leis na múinteoirí, scrúdaíodh obair na scoláirí agus rinneadh plé leis na múinteoirí. D’athbhreithnigh an cigire doiciméid phleanála na scoile agus ullmhúcháin scríofa na múinteoirí. Tar éis na cuairte meastóireachta, thug an cigire aiseolas ó bhéal ar thorthaí na measúnachta don phríomhoide, don phríomhoide tánaisteach agus do na múinteoirí ábhair.
Tá na ranganna Gaeilge sruthaithe sa scoil ón gcéad bhliain ar aghaidh. Cuirtear scrúdú Gaeilge ar lucht na céadbhliana tar éis dóibh a bheith sa scoil ar feadh míosa agus déantar na scoláirí a dháileadh ar ranganna bunaithe ar thorthaí an scrúdaithe sin. Bíonn trí rang ardleibhéil ansin sa chéad bhliain agus rang gnáthleibhéil amháin. Bíonn an dáileadh ranganna agus leibhéil mar an gcéanna sa dara bliain. Sa tríú bliain is dhá rang ardleibhéil agus dhá rang gnáthleibhéil a bhíonn i gceist. Go hiondúil fanann na scoláirí sna ranganna Gaeilge céanna don Idirbhliain. Sna ranganna sa tSraith Shinsearach bíonn rang amháin ardleibhéil i gceist agus dhá rang gnáthleibhéil. Bíonn na huimhreacha sa rang ardleibhéil íseal go maith uaireanta agus moltar do fhoireann na Gaeilge agus don bhainistíocht féachaint ar an titim i líon na scoláirí a thógann páipéir ardleibhéil don Ardteistiméireacht i gcomparáid leis na huimhreacha a thógann páipéir ardleibhéil don Teastas Sóisearach.
Is cúig thréimhse Gaeilge sa tseachtain a bhíonn ann do gach bliainghrúpa sa scoil. Is léir áfach, go bhfuil roinnt fadhbanna le tráthchlár na scoile i mbliana sa mhéid is go mbíonn trí thréimhse Ghaeilge ar lá amháin ag lucht na céadbhliana agus tá ceann de na grúpaí céadbhliana sin roinnte idir beirt mhúinteoir. Níorbh léir ach an oiread go raibh clár aontaithe á leanúint ag an mbeirt mhúinteoir sin. Is trí thréimhse Ghaeilge sa tseachtain a bhíonn i gceist don Idirbhliain. Moltar do bhainistíocht na scoile féachaint ar an soláthar sin arís más féidir. Tá sé deacair clár cuimsitheach spéisiúil a sholáthar don Idirbhliain thar thrí thréimhse sa tseachtain. Moltar don bhainistíocht scoile cúrsaí tráthchláir don Ghaeilge a fheabhsú an bhliain seo chugainn. Tuairiscíodh go bhfuil seisear scoláire céadbhliana a bhfuil deacrachtaí suntasacha acu leis an nGaeilge á dtógaint amach as an ngnáthrang Gaeilge le haghaidh cabhrach breise. Tá múinteoir fostaithe go príobháideach ag an scoil chun cabhair bhreise a thabhairt do na scoláirí sin agus moltar tacaíocht na bainistíochta ina leith seo.
Is seisear múinteoir atá i mbun mhúineadh na Gaeilge sa scoil. Tuairiscíodh go bhfuil blianta taithí ag formhór mór acu i múineadh an ábhair. Is í bainistíocht na scoile a roghnaíonn cé mhúineann na ranganna éagsúla agus tá sé de nós ag múinteoirí áirithe na ranganna ardleibhéil a mhúineadh. Moltar don bhainistíocht féachaint arís ar an gcleachtas seo d’fhonn deis a thabhairt do na múinteoirí go léir taithí a fháil ar gach leibhéal agus ar gach aoisghrúpa a mhúineadh.
Cé gur tuairiscíodh go raibh cúpla imeacht bheag ar siúl le linn “Seachtain na Gaeilge” i mbliana, mar shampla tráth na gceist i ranganna áirithe, níorbh léir go raibh clár imeachtaí seach-churaclaim nó tras-churaclaim ag tarlú ar bhonn uile scoile ó thaobh na Gaeilge de. Moltar do na múinteoirí plé a dhéanamh air seo ina measc féin agus clár imeachtaí a chur le chéile do na scoláirí a thabharfadh deis dóibh taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo lasmuigh de shuíomh an tseomra ranga de réir mar a mholadh sa tuairisc chigireachta dheireannaigh (Samhain 2004). Moltar iarrachtaí na múinteoirí i leith beirt scoláire ón Idirbhliain agus duine amháin ón tríú bliain a chur ar aghaidh le haghaidh díospóireachtaí Ghael Linn. Moltar áfach, deiseanna díospóireachta nó deiseanna cumarsáide neamhfhoirmeálta a chur ar fáil do líon níos mó scoláirí de réir mar atá luaite sa phlean don Ghaeilge.
Tuairiscíodh nach dtéann ach líon beag scoláirí chun na Gaeltachta gach bliain. Tá an scoil sásta coláiste Gaeltachta amháin a mholadh do thuismitheoirí agus déantar an moladh seo ag oíche eolais do thuismitheoirí scoláirí na céadbhliana. Moltar don scoil roinnt iniúchta a dhéanamh ar chuid de na coláistí Gaeltachta eile agus rogha níos fairsinge a mholadh do thuismitheoirí ar mhaithe leis an líon scoláirí a théann chun na Gaeltachta a mhéadú.
Níl buiséad foirmeálta ag roinn na Gaeilge le caitheamh ar áiseanna do mhúineadh agus foghlaim na teanga. Tá fáilte roimh na múinteoirí iarratas a chur faoi bhráid sparánaí na scoile má tá rud ar leith ag teastáil uathu. Moltar do na múinteoirí Gaeilge liostáil a dhéanamh ar na háiseanna agus acmhainní atá ar fáil sa scoil faoi láthair do mhúineadh na teanga. Ba chóir pleanáil a dhéanamh ansin do ghnóthú agus soláthar réimse leathan áiseanna thar thréimhse cúpla bliain de réir mar a mholadh sa tuairisc chigireachta (Samhain 2004).
Bhíodh sé de nós sa scoil go n-ainmneodh na múinteoirí comheagraí ar phleanáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge ina measc féin ar bhonn rialta. Tá an nósmhaireacht sin titithe i léig i measc na múinteoirí Gaeilge agus níl aon duine ag glacadh na freagrachta sin orthu féin faoi láthair. Moltar go láidir go gcuirfí tús arís leis an gcleachtas seo agus go malartófaí an cúram comheagraithe idir na múinteoirí mar a dheintí tráth dá raibh.
Tuairiscíodh nach mbíonn de dheis ag na múinteoirí Gaeilge bualadh le chéile ach uair amháin in aghaidh na bliana. Tugtar am foirmeálta le haghaidh an chruinnithe sin ag tús na scoilbhliana ar feadh uair a chloig. Leabharliostaí bliantúla agus dáileadh na scoláirí ar na ranganna éagsúla a bhíonn idir chaibidil ag an gcruinniú sin don chuid is mó.
Tá plean teoranta curtha le chéile do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa tSraith Shóisearach. Ní mór plean i bhfad níos cuimsithí a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge sa scoil agus é a leathnú amach chun na ranganna sa tsraith shinsearach a chlúdach chomh maith. Is gá go gcuimseodh a leithéid de phlean na nithe seo a leanas: liosta topaicí agus gníomhaíochtaí do na ranganna agus bliainghrúpaí éagsúla, liosta straitéisí chun na scileanna teanga go léir a fhorbairt (scileanna cumarsáide ach go háirithe), liosta modheolaíochtaí agus liosta áiseanna a bheadh oiriúnach do cheachtanna agus do leibhéil dhifriúla. Moladh go ndéanfaí é seo sa tuairisc chigireacht (Samhain 2004) ach níorbh léir go raibh aon obair in aon chor déanta ó shin ar fhorbairt an phlean don Ghaeilge. Moltar freisin go bhféachfaí ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le húsáid Theicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide i múineadh na teanga. Nuair a bhí an chigireacht dheireannach ar siúl (Samhain 2004), tuairiscíodh go mbeadh seomra ríomhaireachta nua ar fáil don scoil agus go mbeadh féidearthachtaí ansin do na múinteoirí Gaeilge maidir lena húsáid. Tuairiscíodh ar lá na cigireachta seo go bhfuil an-éileamh ar an seomra ríomhaireachta sin agus nach mbíonn sé ar fáil do mhúineadh teangacha. Ar an mbonn seo, moltar do bhainistíocht na scoile iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le cúpla ríomhaire glúine so-ghluaiste chomh maith leis an treallamh cuí chun ábhar a thaispeáint ar scáileán sa rang, a fhiosrú. Moltar sa bhreis air seo go gcuirfí an treallamh sin ar fáil dá mba’fhéidir le húsáid do mhúineadh agus foghlaim na dteangacha i gcoitinne agus don Ghaeilge ach go háirithe.
Cuireadh plean, scríofa i mBéarla, ar fáil ar lá na cigireachta a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge san Idirbhliain. Tógadh an plean seo as an leabhrán eolais do thuismitheoirí. Tá sé soiléir sa phlean sin go bhfuil obair na bliana dírithe don chuid is mó ar ullmhúchán do scrúdú na hArdteistiméireachta. Tugann an Idirbhliain deiseanna rí-thábhachtacha do mhúinteoirí ábhar a mhúineadh ar bhealaí éagsúla nuálacha a spreagfadh fiosracht agus a chothódh suim sa bhfoghlaim. Moltar do na múinteoirí plean cuimsitheach spéisiúil cruthaítheach a chur le chéile do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge san Idirbhliain nach bhfuil ró-dhírithe ar chúrsa na hArdteistiméireachta.
Bhí réiteach maith déanta do na ranganna go léir a breathnaíodh. Scaipeadh bileoga oibre agus nótaí sna ranganna. Cuireadh pleananna ranga aonair ar fáil freisin do roinnt mhaith de na ranganna a breathnaíodh.
Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide go maith sna ranganna a breathnaíodh agus braitheadh go raibh feabhas tagtha ar an ngné seo d’obair na múinteoirí ón gcigireacht dheireannach. Moltar iarrachtaí na múinteoirí i leith úsáid na sprioctheanga sna ranganna Gaeilge. I roinnt ranganna rinneadh iarrachtaí fónta gan dul i muinín an aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla agus moltar an cur chuige sin go mór. Moltar áfach, iarracht a dhéanamh go háirithe leis na ranganna ardleibhéil, aistriúchán ar fhoclóir a thabhairt i nGaeilge shimplí an oiread agus is féidir, seachas i mBéarla amháin.
Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna go léir a breathnaíodh. Bhog múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag caint le scoláirí, á gceartú, ag cabhrú leo agus ag cinntiú go raibh an obair á cur i gcrích. Moltar an fhoighne leanúnach a léirigh na múinteoirí i leith na scoláirí go háirithe ina leith siúd a raibh deacrachtaí acu leis an ábhar. Bhí cúrsaí araíonachta go maith ar an iomlán i bhformhór mór na ranganna a breathnaíodh.
Níorbh léir le linn na cigireachta go mbíonn réimse leathan áiseanna agus acmhainní in úsáid sna ranganna Gaeilge. Lasmuigh de chás amháin inar taispeánadh giota as clár spóirt i nGaeilge ní raibh aon rud eile in úsáid sna seomraí ranga seachas an téacsleabhar agus an treallamh le haghaidh obair chluastuisceana. Moltar an cás inar baineadh úsáid as an bpíosa ón gclár spóirt. Bhain na scoláirí an-taitneamh as agus bhí sé thar a bheith ábharach don cheacht a bhí idir lámha. Moltar go láidir do na múinteoirí Gaeilge úsáid a bhaint as réimse níos leithne áiseanna agus acmhainní chun foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos spéisiúla, níos ábharaí agus níos taitneamhaí do scoláirí. I gcás amháin a breathnaíodh cailleadh deiseanna samplaí praiticiúla de na canúintí éagsúla a léiriú do scoláirí ar bhealach a dhéanfadh an ceacht níos spéisiúla agus níos ábharaí dóibh. Is áiseanna iontacha iad na meáin chumarsáide Ghaeilge agus moltar do na múinteoirí úsáid a bhaint astu go tráthrialta chun an Ghaeilge a léiriú do na scoláirí mar theanga bheo.
Moltar na hiarrachtaí a rinneadh i gcúpla rang áfach, ábhar an cheachta a cheangal le saol comhaimseartha na scoláirí féin. Iarradh ar scoláirí i gcás amháin a scéalta féin a insint i leith cuid de cheacht amháin. Bhain na scoláirí an-tairbhe agus taitneamh as an ngníomhaíocht áirithe sin. Is dea-chleachtas é seo agus is chóir iarracht a dhéanamh i ngach rang an t-ábhar idir lámha sa cheacht a cheangal ar shlí éigin le taithí agus le saol na scoláirí ar bhealach a chabhraíonn leo taitneamh a bhaint as an bhfoghlaim.
Tá a gcuid seomraí ranga féin ag na múinteoirí Gaeilge go léir sa scoil. Bhí feabhas tagtha ar mhéid agus ar chaighdeán an ábhair bainteach le múineadh agus foghlaim na teanga a bhí crochta in airde ar na ballaí, ón gcigireacht dheireannach (Samhain 2004). Moltar an bealach ar baineadh úsáid as na foclóirí cuí i gcás amháin a breathnaíodh. Os rud é go bhfuil a gcuid seomraí ranga féin ag na múinteoirí Gaeilge moltar go mbeadh foclóirí ar fáil i ngach seomra ranga agus go mbainfí úsáid rialta astu ag brath ar ndóigh ar leibhéal cumais na scoláirí.
Braitheadh go raibh éagsúlacht chleachtais i bhfeidhm i measc na múinteoirí Gaeilge maidir le ceartú foghraíochta. Is gá aird na scoláirí a dhíriú ar chúrsaí foghraíochta agus iad a cheartú go rialta gan cur as don rithim cainte nó don fhéinmhuinín.
Moltar an bealach ar deineadh comhtháthú éifeachtach ar na scileanna teanga ar fad i gcúpla chás a breathnaíodh. Tugadh deiseanna do na scoláirí na scileanna go léir a chleachtadh idir éisteacht, tuiscint, labhairt agus scríobh. Moltar go mbeadh sé mar cheann d’aidhmeanna gach ceacht go ndéanfaí na scileanna teanga go léir a chleachtadh. Tá sé fíorthábhachtach béim ar leith a leagan ar na scileanna cumarsáide. Má tá muinín ag scoláirí as a gcuid scileanna cumarsáide cabhraíonn sé go mór leo dul i ngleic leis na gnéithe eile d’fhoghlaim na teanga. Braitheadh go bhféadfaí níos mó deiseanna cumarsáide a chruthú i roinnt ranganna a breathnaíodh. Is féidir úsáid a bhaint as réimse leathan seifteanna chun cumarsáid a spreagadh sa rang idir chluichí simplí nó casta, obair bheirte, ról-imirt agus saorchumarsáid ag brath ar ndóigh ar leibhéal agus ar chumas cainte na scoláirí féin. I bhformhór mór na ranganna a breathnaíodh rinne scoláirí iarrachtaí fónta ceisteanna na múinteoirí a fhreagairt i nGaeilge. Breathnaíodh cúpla chás áfach, inar labhair scoláirí le múinteoirí i mBéarla amháin ar bhonn leanúnach. Moltar a chinntiú go bhfuil polasaí i bhfeidhm sa seomra ranga Gaeilge go ndéantar gach iarracht cumarsáid a dhéanamh leis an múinteoir i nGaeilge an oiread agus is féidir. D’fhéadfadh na múinteoirí liosta abairtí úsáideacha a aontú ina measc féin agus iad sin a thaispeáint sna seomraí ranga mar chabhair do scoláirí.
Luadh sa phlean don Ghaeilge go bhfuil cleachtas láidir i bhfeidhm sna ranganna go léir maidir le forbairt scileanna cumarsáide na scoláirí trí úsáid na horáide poiblí. Tuairiscíodh áfach, nach bhfuil an cleachtas seo ar siúl go forleathan sna ranganna agus nach bhfuil na múinteoirí go léir ar aon intinn faoi conas is chóir é seo a fhorbairt. Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcleachtas seo, go mbainfí úsáid as leis na ranganna cuí ach go ndéanfaí straitéisí eile a fhorbairt leis na ranganna nach bhfuil chomh cumasach céanna. Moltar freisin go n-aontódh na múinteoirí Gaeilge ar chur chuige comónta i leith na nósmhaireachta seo.
I gcás amháin a breathnaíodh bhí scoláirí ag foghlaim abairtí agus nathanna cainte de ghlan mheabhair. Ní raibh scileanna maithe teanga ag na scoláirí a bhí i gceist agus bhí deacrachtaí móra acu le cúrsaí foghraíochta agus le cuimhne ar fhocail nua. I gcásanna den tsaghas seo moltar réimse straitéisí a úsáid chun cabhrú le scoláirí cuimhneamh ar fhocail/ frasaí nua ach is gá go mbeadh an téarmaíocht nua os a gcomhair i scríbhinn an oiread agus is féidir. Moltar freisin úsáid rialta a bhaint as póstaeir le briathra/ eochair-abairtí agus eocharfhocail crochta in airde ar na ballaí.
Tá córas measúnaithe cuimsitheach i bhfeidhm sa scoil. Cuirtear scrúdú ar na scoláirí ar fad i ngach ábhar uair sa mhí. Cuirtear tuairisc abhaile i ndiaidh na scrúduithe sin. Anuas ar na scrúduithe tugann múinteoirí marc gach seachtain do scoláirí bunaithe ar a ndul chun cinn sa Ghaeilge sa rang. Bíonn na marcanna sin léirithe ar na tuairiscí míosúla chomh maith. Moltar an cur chuige seo agus an dua a chaitear le tuairisciú do thuismitheoirí ar dhul chun cinn leanúnach a gcuid páistí.
Bíonn scrúduithe tí sa scoil freisin faoi dhó sa bhliain, um Nollaig agus faoi Cháisc. Tuairiscíodh nach bhfuil cláir chomónta a múineadh sna bliainghrúpaí éagsúla áit a bhfuil dhá rang nó níos mó ag an leibhéal céanna. Ní chuirtear scrúduithe comónta ar na scoláirí ach an oiread. Ba cheart go gcabhródh cur le chéile plean cuimsitheach do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge le cláir chomónta agus córas scrúduithe comónta a shocrú idir na múinteoirí Gaeilge.
Tuairiscíodh gur trí chóras na n-oráidí poiblí a dhéantar measúnú ar scileanna cumarsáide na scoláirí. Sa mhéid is nach bhfuil an cleachtas seo ag feidhmiú go córasach sa scoil agus nach bhfuil cur chuige aontaithe i measc na múinteoirí Gaeilge ina leith moltar go mbeadh plé faoi mheasúnú na scileanna cainte agus go n-aontófaí ar chóras nó córais a d’fhreastalódh ar riachtanais na leibhéil agus na mbliainghrúpaí ar fad. Bheadh sé inmholta go mbeadh scrúdú béil Gaeilge ann ón gcéad bhliain ar aghaidh. Tá sé thar a bheith deacair dul i ngleic le forbairt scileanna cumarsáide na scoláirí sa tSraith Shinsearach.
Is iad seo a leanas na príomhbhuanna a aithníodh sa mheastóireacht:
· Bhí réiteach maith déanta do na ranganna go léir a breathnaíodh.
· Bhí úsáid na Gaeilge mar theanga bhainistíochta, mhúinte agus chumarsáide go maith sna ranganna a breathnaíodh agus braitheadh go raibh feabhas tagtha ar an ngné seo den mhúinteoireacht ón gcigireacht ábhair dheireannach.
· Bhí na múinteoirí fuinniúil agus díograiseach i mbun na ranganna a breathnaíodh. Bhog múinteoirí timpeall na seomraí ranga ag caint le scoláirí, á gceartú, ag cabhrú leo agus ag cinntiú go raibh an obair á cur i gcrích.
· Moltar an fhoighne leanúnach a léirigh múinteoirí i leith scoláirí nach raibh chomh cumasach sin.
· Moltar an bealach ar ceanglaíodh ábhar an cheachta i gcás cúpla chás a breathnaíodh le saol agus le hábhair spéise na scoláirí féin.
· Bhí feabhas tagtha ar mhéid agus ar chaighdeán an ábhair ar taispeáint sna seomraí ranga Gaeilge ón gcigireacht dheireannach.
· Tá córas measúnaithe cuimsitheach i bhfeidhm sa scoil a chuireann eolas leanúnach beacht ar fáil do thuismitheoirí faoi dhul chun cinn a bpáistí.
Déantar na mórmholtaí seo a leanas ar mhaithe le cur leis na buanna seo agus le réimsí forbartha a aithint:
· Moltar na fadhbanna leis an tráthchlár don chéad bhliain a shocrú don bhliain seo chugainn.
· Moltar do bhainistíocht na scoile deiseanna a thabhairt do na múinteoirí Gaeilge go léir na bliainghrúpaí agus na leibhéil ar fad a mhúineadh.
· Moltar go ndéanfaí clár seach-churaclaim agus tras-churaclaim a phleanáil agus a eagrú don Ghaeilge ar mhaithe le deis a thabhairt do scoláirí taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo.
· Moltar go ndéanfaí pleanáil níos fearr do ghnóthú agus do sholáthar réimse níos fairsinge ábhar agus áiseanna do mhúineadh na Gaeilge agus go mbainfí úsáid as na háiseanna sin sna ranganna Gaeilge go tráthrialta.
· Moltar go ndéanfaí forbairt chuimsitheach ar an bplean don Ghaeilge, ag tógaint san áireamh, pleanáil d’úsáid Theicneolaíocht an Eolais agus na Cumarsáide agus forbairt plean níos cuimsithí don Idirbhliain
· Moltar go leagfaí béim níos mó ar fhorbairt scileanna cumarsáide sna ranganna Gaeilge trí réimse straitéisí aontaithe a úsáid.
· Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar an óráidíocht phoiblí sa Ghaeilge agus go gceapfaí réimse modhanna measúnaithe chun cumas cainte na scoláirí a mheas ón gcéad bhliain ar aghaidh.
Eagríodh cruinnithe iarmheastóireachta leis na múinteoirí Gaeilge, leis an bpríomhoide, agus leis an bpríomhoide tánaisteach ag deireadh an meastóireachta áit ar cuireadh i láthair agus ar pléadh na dréacht-chinntí agus moltaí.